|
+IARSCRÍBHINN VI |
IARSCRÍBHINN VI
IARSCRÍBHINN VI Teimpléad don phlean um ghníomhaíocht choisctheach Eolas ginearálta
—
Ballstáit sa ghrúpa riosca
—
Ainmneacha an údaráis inniúil atá freagrach as an bplean a ullmhú (
18
)
1. Tuairisc ar an gcóras
2. Achoimre ar an measúnú tionchair Tabhair tuairisc ghairid ar thorthaí an mheasúnaithe riosca chomhchoitinn agus náisiúnta is ábhartha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7, agus an méid a leanas san áireamh:
(a)
liosta de na cásanna eiseamláireacha a ndearnadh measúnú orthu agus tuairisc ghairid ar na toimhdí a úsáideadh maidir le gach ceann acu mar aon leis na rioscaí/na heasnaimh a sainaithníodh;
(b)
príomhchonclúidí an mheasúnaithe riosca. 3. An caighdeán bonneagair (Airteagal 5) Tabhair tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíontar an caighdeán bonneagair, lena n-áirítear na príomhluachanna a úsáidtear d'fhoirmle N – 1 agus roghanna malartacha chun é a chomhlíonadh (i gcomhar le Ballstáit chomharsanachta, trí bhíthin bearta atá dírithe ar an éileamh) agus na hacmhainní déthreocha atá ann cheana, mar seo a leanas: 3.1. Foirmle N – 1
(i)
an bonneagar gáis comhleasa is mó sa réigiún a shainaithint;
(ii)
foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal réigiúnach;
(iii)
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás Epm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);
(iv)
má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt). 3.2. Leibhéal náisiúnta
(a)
foirmle N – 1
(i)
an bonneagar gáis is mó a shainaithint;
(ii)
foirmle N – 1 a ríomh ar an leibhéal náisiúnta;
(iii)
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun iad a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna breithniú faoin bparaiméadar seo);
(iv)
na modheolaíochtaí úsáideadh, mas ann dóibh, chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
(v)
má chinneann an Ballstát amhlaidh, déan foirmle N – 1 a ríomh trí úsáid a bhaint as bearta atá dírithe ar an éileamh:
—
foirmle N – 1 a ríomh de réir phointe 2 d'Iarscríbhinn II;
—
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 3(a)(iii) den Iarscríbhinn seo);
—
má úsáideadh modheolaíochtaí chun na paraiméadair d'fhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
—
mínigh na bearta margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh a glacadh/atá le glacadh chun suaitheadh an tsoláthair gáis agus an tionchar a mheastar a bheidh aige (Deff) a chúiteamh;
(vi)
ríomh comhpháirteach nó ríomhanna comhpháirteacha chaighdeán N – 1, má thagtar ar chomhaontú ina leith sin le húdaráis inniúla an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha nó leis na Ballstáit a bhfuil nasc díreach acu:
—
foirmle N – 1 a ríomh de réir phointe 5 d'Iarscríbhinn II;
—
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear luachanna idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (má tá siad éagsúil leis na figiúirí a bhfuil tuairisc orthu faoi phointe 3(a)(iii) den Iarscríbhinn seo);
—
má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt);
—
mínigh na socruithe arna gcomhaontú chun comhlíonadh oibleagáid N – 1 a áirithiú;
(b)
acmhainn dhéthreoch
(i)
tabhair na pointí idirnaisc a bhfuil acmhainn dhéthreoch acu agus acmhainn uasta na sreafaí déthreocha;
(ii)
tabhair na socruithe lena rialaítear úsáid na hacmhainne sreafa cúltreo (e.g. acmhainn in-idirbhriste);
(iii)
tabhair na pointí idirnaisc ar tugadh díolúine ina gcás i gcomhréir le hAirteagal 5(4), fad na díolúine agus an foras ar ar tugadh í. 4. Comhlíonadh an chaighdeáin soláthair (Airteagal 6) Tabhair tuairisc ar na bearta a glacadh chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh chomh maith le haon chaighdeán soláthair méadaithe nó oibleagáid bhreise, arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis:
(a)
an sainmhíniú ar chustaiméirí atá faoi chosaint a úsáideadh, lena n-áirítear na catagóirí custaiméirí atá cumhdaithe agus a dtomhaltas gáis bliantúil (in aghaidh na catagóire, an glanluach agus céatadán an tomhaltais gáis bhliantúil deiridh náisiúnta);
(b)
na toirteanna gáis is gá chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(1);
(c)
an acmhainn is gá chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh i gcomhréir leis na cásanna eiseamláireacha a bhfuil tuairisc orthu sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(1);
(d)
an beart nó na bearta atá i bhfeidhm chun an caighdeán soláthair a chomhlíonadh:
(i)
tuairisc ar an mbeart nó ar na bearta;
(ii)
na daoine a bhfuil na bearta dírithe orthu;
(iii)
tabhair tuairisc ar aon chóras faireacháin ex ante, más ann dó, i gcomhar faireachán ar chomhlíonadh an chaighdeáin soláthair;
(iv)
córas smachtbhannaí, más infheidhme;
(v)
tabhair tuairisc, i gcás gach birt, ar an méid seo a leanas:
—
tionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht an bhirt;
—
tionchar an bhirt ar an gcomhshaol;
—
tionchar an bhirt ar an tomhaltóir;
(vi)
i gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):
—
tabhair údar leis an mbeart (i.e., an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);
—
léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e., an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);
—
tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:
(1)
slándáil soláthair Ballstát eile;
(2)
an margadh náisiúnta;
(3)
an margadh inmheánach;
(vii)
i gcás beart a tugadh isteach an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, tabhair achoimre ghearr ar an measúnú tionchair nó nasc chuig an measúnú tionchair poiblí i gcomhair an bhirt/na mbeart arna dhéanamh/arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9(4);
(e)
más infheidhme, tabhair tuairisc ar aon chaighdeán soláthair méadaithe nó ar aon oibleagáid bhreise arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis:
(i)
tuairisc ar an mbeart nó ar na bearta;
(ii)
sásra chun é a laghdú go dtí na gnáthluachanna de mheon na dlúthpháirtíochta agus i gcomhréir le hAirteagal 13;
(iii)
más infheidhme, tabhair tuairisc ar aon chaighdeán soláthair méadaithe nua nó ar aon oibleagáid bhreise arna bhforchur ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis arna nglacadh an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh;
(iv)
na daoine a bhfuil na bearta dírithe orthu;
(v)
toirteanna agus acmhainní gáis lena mbaineann;
(vi)
léirigh an chaoi a gcomhlíonann an beart sin na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 6(2). 5. Bearta coisctheacha Tabhair tuairisc ar na bearta coisctheacha atá i bhfeidhm nó le glacadh:
(a)
Tabhair tuairisc ar gach ceann de na bearta coisctheacha a glacadh i gcás gach riosca a sonraíodh i gcomhréir leis an measúnú riosca, lena n-áirítear tuairisc ar an méid seo a leanas:
(i)
an ghné náisiúnta nó réigiúnach;
(ii)
an tionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht;
(iii)
an tionchar ar chustaiméirí. Más iomchuí, tabhair freisin:
—
bearta chun idirnaisc idir Ballstáit chomharsanachta a fheabhsú;
—
bearta chun bealaí gáis agus foinsí soláthair a éagsúlú;
—
bearta chun bac a chur le cnapaireacht acmhainne;
—
bearta chun an príomhbhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair a chosaint i ndáil le ceannas ag eintitis tríú tír (lena n-áirítear, más ábhartha, dlíthe um scagadh infheistíochta atá ginearálta nó earnáil-sonrach, cearta speisialta do scairshealbhóirí áirithe, etc.);
(b)
Tabhair tuairisc ar bhearta eile a glacadh ar chúiseanna eile seachas an measúnú riosca, ach a bhfuil tionchar dearfach acu ar shlándáil an tsoláthair do Bhallstát an ghrúpa riosca nó na ngrúpaí riosca ábhartha.
(c)
I gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):
(i)
tabhair údar leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);
(ii)
léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);
(iii)
tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:
—
tabhair údar leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);
—
léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);
—
tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:
(1)
slándáil soláthair Ballstát eile;
(2)
an margadh náisiúnta;
(3)
an margadh inmheánach;
(4)
mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh bearta éifeachtúlachta, lena n-áirítear bearta a bhí dírithe ar an éileamh, slándáil an tsoláthair;
(5)
mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh foinsí in-athnuaite fuinnimh slándáil an tsoláthair; 6. Bearta agus oibleagáidí eile (e.g. feidhmiú slán an chórais) Tabhair tuairisc ar bhearta agus ar oibleagáidí eile a forchuireadh ar ghnóthais gáis nádúrtha agus ar chomhlachtaí ábhartha eile a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shlándáil an tsoláthair gáis, amhail oibleagáidí maidir le feidhmiú slán an chórais, agus tabhair freisin na páirtithe a ndéanfadh an oibleagáid sin difear dóibh agus na toirteanna gáis lena mbaineann. Mínigh go beacht cathain a bheadh feidhm ag na bearta sin agus cén chaoi. 7. Tionscadail bhonneagair
(a)
tabhair tuairisc ar thionscadail bhonneagair a dhéanfar amach anseo, lena n-áirítear Tionscadail Leas Coiteann sna grúpaí riosca ábhartha, agus luaigh an t-am a mheastar a thógfaidh sé chun iad a chur ag obair, a n-acmhainn agus an tionchar a mheastar a mbeidh acu ar shlándáil an tsoláthair gáis sa ghrúpa riosca;
(b)
léirigh an chaoi a gcuirtear san áireamh sna tionscadail bonneagair PFGDB uile-Aontas, plean a d'fhorbair ENTSOG de bhun Airteagal 8(10) de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. 8. Oibleagáidí seirbhíse poiblí i dtaca le slándáil an tsoláthair Luaigh na hoibleagáidí seirbhíse poiblí atá ann cheana i dtaca le slándáil an tsoláthair agus tabhair tuairisc ghairid orthu (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt). Mínigh go soiléir cé air a bhfuil sé na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh agus cén chaoi. Más infheidhme, tabhair tuairisc ar an gcaoi a ndéanfaí na hoibleagáidí seirbhíse poiblí sin a thionscnamh agus cathain a dhéanfaí sin. 9. Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara I gcomhréir le hAirteagal 8(2) den Rialachán seo, tabhair tuairisc ar an sásra arna úsáid chun an plean agus an plean éigeandála a fhorbairt, agus torthaí na gcomhairliúchán i gcás:
(a)
gnóthais gháis;
(b)
eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar theaghlaigh;
(c)
eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar chustaiméirí tionsclaíocha gáis, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais;
(d)
údarás rialála náisiúnta. 10. Gné réigiúnach Luaigh aon chúinsí náisiúnta agus bearta náisiúnta is ábhartha maidir le slándáil an tsoláthair nár cumhdaíodh sna ranna thuas den phlean. Luaigh an bealach ar measadh na barúlacha a d'fhéadfadh go bhfuarthas tar éis an chomhairliúcháin a thugtar tuairisc air in Airteagal 8(2). 11.1. N – 1 a ríomh ar leibhéal an ghrúpa riosca má thagann údaráis inniúla an ghrúpa riosca ar chomhaontú ina leith sin Foirmle N – 1
(a)
an bonneagar gáis comhleasa is mó sna grúpaí riosca a shainaithint;
(b)
foirmle N – 1 a ríomh ar leibhéal an ghrúpa riosca;
(c)
tuairisc ar na luachanna arna n-úsáid i gcás gach eilimint d'fhoirmle N – 1, lena n-áirítear na figiúirí idirmheánacha arna n-úsáid chun í a ríomh (e.g. i gcás EPm, tabhair acmhainn na bpointí iontrála ar fad arna meas faoin bparaiméadar seo);
(d)
má úsáideadh modheolaíochtaí agus toimhdí chun na paraiméadair i bhfhoirmle N – 1 a ríomh (e.g. Dmax), sonraigh iad (úsáid iarscríbhinní le mínithe mionsonraithe a thabhairt). 11.2. Sásraí arna bhforbairt ar mhaithe leis an gcomhar Tabhair tuairisc ar na sásraí arna n-úsáid don chomhar idir na Ballstáit sna grúpaí riosca ábhartha, lena n-áirítear chun bearta trasteorann a fhorbairt sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach agus sa phlean éigeandála. Tabhair tuairisc ar na sásraí arna n-úsáid don chomhar le Ballstáit eile chun na forálacha a cheapadh agus a ghlacadh a bhfuil gá leo chun Airteagal 13 a chur i bhfeidhm. 11.3. Bearta coisctheacha Tabhair tuairisc ar na bearta coisctheacha atá i bhfeidhm nó atá le glacadh sa ghrúpa riosca nó mar thoradh ar chomhaontuithe réigiúnacha:
(a)
Tabhair tuairisc ar gach ceann de na bearta coisctheacha a glacadh i gcás gach riosca a sainaithníodh i gcomhréir leis an measúnú riosca, lena n-áirítear tuairisc ar an méid seo a leanas:
(i)
a dtionchar ar Bhaill an ghrúpa riosca;
(ii)
a dtionchar eacnamaíoch, éifeachtúlacht agus éifeachtacht;
(iii)
a dtionchar ar an gcomhshaol;
(iv)
a dtionchar ar chustaiméirí. Más iomchuí, tabhair freisin:
—
bearta chun idirnaisc idir Ballstáit chomharsanachta a fheabhsú;
—
bearta chun bealaí gáis agus foinsí soláthair a éagsúlú;
—
bearta chun bac a chur le cnapaireacht acmhainne;
—
bearta chun an príomhbhonneagar is ábhartha le haghaidh shlándáil an tsoláthair a chosaint i ndáil le ceannas ag eintitis tríú tír (lena n-áirítear, más ábhartha, dlíthe um scagadh infheistíochta atá ginearálta nó earnáil-sonrach, cearta speisialta do scairshealbhóirí áirithe, etc.);
(b)
tabhair tuairisc ar bhearta eile a glacadh ar chúiseanna eile seachas an measúnú riosca, ach a bhfuil tionchar dearfach acu ar shlándáil an tsoláthair don ghrúpa riosca;
(c)
i gcás ina gcuirtear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe i bhfeidhm (i gcás gach birt):
(i)
tabhair údar maidir le cén fáth go bhfuil gá leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin);
(ii)
tabhair údar maidir le cén fáth go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir);
(iii)
tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:
—
tabhair údar leis an mbeart (i.e. an fáth nach féidir slándáil an tsoláthair a áirithiú trí bhearta margadhbhunaithe amháin),
—
léirigh go bhfuil an beart comhréireach (i.e. an fáth gurb é an beart seo nach bhfuil margadhbhunaithe an bealach chun an éifeacht atá beartaithe a bhaint amach lena laghad srianta is féidir),
—
tabhair anailís ar thionchar an bhirt sin ar an méid seo a leanas:
(1)
slándáil soláthair Ballstát eile;
(2)
an margadh náisiúnta;
(3)
an margadh inmheánach;
(d)
mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh bearta éifeachtúlachta, lena n-áirítear bearta a bhí dírithe ar an éileamh, slándáil an tsoláthair;
(e)
mínigh a mhéid a measadh gur mhéadaigh foinsí in-athnuaite fuinnimh slándáil an tsoláthair. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|