|
+Airteagal 61 3. |
Airteagal 61 3.Go háirithe, agus gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta arna iarraidh sin go cuí-réasúnta, oibleagáidí a fhorchur maidir le rochtain a dheonú ar shreanga agus ar cháblaí agus ar shaoráidí gaolmhara laistigh d'fhoirgnimh nó chomh fada leis an gcéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin de réir mar a chinnfidh an t-údarás rialála náisiúnta, i gcás inar lasmuigh den fhoirgneamh a bhíonn an pointe sin suite. Is ceadmhach na hoibleagáidí sin a fhorchur ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí ach bonn cirt a bheith leis ar an ábhar gur neamhéifeachtach an mhaise, nó neamhphraiticiúil an rud, macasamhlú a dhéanamh ar na heilimintí sin de chuid an líonra nó ar úinéirí na sreang agus na gcáblaí sin, nuair nach iad na gnóthais a sholáthraíonn na líonraí cumarsáide leictreonaí. Féadfar a áireamh sna coinníollacha rochtana a fhorchuirtear rialacha sonracha maidir le rochtain ar eilimintí líonra den chineál sin gona saoráidí agus seirbhísí gaolmhara, trédhearcacht agus neamh-idirdhealú agus chun na costais rochtana a chionroinnt, ar costais iad a mhodhnaítear, nuair is iomchuí, chun fachtóirí rioscaí a chur san áireamh. I gcás inarb é tátal an údaráis rialála náisiúnta, ag féachaint dó, nuair is infheidhme, do na hoibleagáidí a eascraíonn as anailís ábhartha ar an margadh, nach leor na hoibleagáidí, arna bhforchur i gcomhréir leis an gcéad fhomhír thuas, chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní arda buana fisiciúla nó eacnamaíocha ar an macasamhlú, ar bacainní iad is cúis le fadhb a bheith sa mhargadh — ar ann di cheana nó nach bhfuil ach i mbéal a beirthe — lena gcuirtear teorainn shuntasach le torthaí iomaíochta na n-úsáideoirí deiridh, féadfaidh sé síneadh a chur le forchur na n-oibleagáidí rochtana sin, ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma agus réasúnacha, chuig pointe is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, chuig an bpointe is gaire, dar leis, do na húsáideoirí deiridh sin atá in ann óstáil a dhéanamh ar líon leordhóthanach de chuid naisc na n-úsáideoirí deiridh ionas gurb inmharthanach an óstáil sin ó thaobh an mhargaidh de ag cuardaitheoirí rochtana. Agus fad an tsínidh sin chuig pointe is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin á chinneadh, beidh lánaird ag an údarás rialála náisiúnta ar na treoirlínte ábhartha de chuid BEREC. Más inchosanta ar fhorais teicniúla nó eacnamaíocha, is ceadmhach do na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí maidir le rochtain iarbhír nó fhíorúil a fhorchur. Ní fhorchuirfidh údaráis rialála náisiúnta oibleagáidí i gcomhréir leis an dara fomhír ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí más rud é go gcinneann siad mar seo a leanas:
(a)
tá na saintréithe a liostaítear in Airteagal 80(1) ag an soláthraí, agus soláthraíonn sé bealach inmharthana comhchosúil eile chun teagmháil a dheanamh le húsáideoirí deiridh ar líonra fíor-ardacmhainne do ghnóthas ar bith, ar théarmaí agus ar choinníollacha cothroma, neamh-idirdhealaitheacha agus réasúnacha; Is ceadmhach do na húdaráis rialála náisiúnta an díolúine sin a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe eile a thairgeann — ar théarmaí agus ar choinníollacha córa, neamh-idirdhealaitheacha agus réasúnacha — rochtain ar líonra fíor-ardacmhainne; nó
(b)
i dtaca le forchur oibleagáidí, dhéanfadh sin dochar d'inmharthanacht eacnamaíoch nó airgeadais líonra nua arna imscaradh go háirithe i gcás tionscadail bheaga áitiúla. De mhaolú ar phointe (a) den tríú fomhír, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta oibleagáidí a fhorchur ar sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí a shásaíonn na critéir a leagtar síos sa phointe sin i gcás ina ndéantar maoiniú poiblí ar an líonra sin. Faoin 21 Nollaig 2020, foilseoidh BEREC treoirlínte lena gcothófar cur chun feidhme comhleanúnach na míre seo, trí chritéir a leagan amach is ábhartha chun an méid seo a leanas a chinneadh:
(a)
an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin;
(b)
an pointe sin, ar pointe é is faide ná an chéad phointe comhchruinnithe nó dáileacháin, ag a mbeidh líon leordhóthanach de naisc ag úsáideoirí deiridh chun gur féidir le gnóthas éifeachtach na bacainní inmhacasamhlúcháin a sainaithníodh a shárú;
(c)
cén t-imscaradh líonra is inmheasta mar imscaradh nua;
(d)
cé na tionscadail is inmheasta mar thionscadail bheaga; agus
(e)
cé na bacainní eacnamaíocha nó fisiciúla ar mhacasamhlú atá ard agus buan. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|