I gcás ina roinntear an glanchostas i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo, bunóidh na Ballstáit sásra um chomhroinnt arna bhainistiú ag an údarás rialála náisiúnta nó ag comhlacht a bheidh neamhspleách ar na tairbhithe faoi mhaoirseacht an údaráis rialála náisiúnta. Maidir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 84 go hAirteagal 87, ní féidir ach an glanchostas, mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 89, a mhaoiniú.
Urramóidh an sásra um chomhroinnt prionsabail na trédhearcachta, an tsaofa margaidh is lú, an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta, i gcomhréir le na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, Cuid B. Beidh sé de cheart ag na Ballstáit a chinneadh nach n-éileofar ranníocaíochtaí ó ghnóthais ar lú ná an teorainn a leagfar síos an láimhdeachas náisiúnta acu.
Aon mhuirir a bhaineann le costas na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a roinnt, déanfar iad a dhíchuachadh agus a shainaithint ar leithligh i gcás gach gnóthais. Ní dhéanfar aon mhuirir mar sin a fhorchur ar ghnóthais nó a bhailiú ó ghnóthais nach bhfuil seirbhís á soláthar acu ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil an sásra um chomhroinnt.