+Airteagal 16a 5.
|
Airteagal 16a 5.
Tar éis an phróisis scagtha, beidh na hiarratais dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo údaraithe ó thaobh an chomhshaoil de gan aon cheangal maidir le cinneadh sainráite ón údarás inniúil, ach amháin má ghlacann an t-údarás inniúil cinneadh riaracháin, lena leagtar amach cúiseanna cuí ar bhonn fianaise shoiléir, lena léirítear gur rídhócha go n-eascróidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne as tionscadal sonrach i bhfianaise íogaireacht comhshaoil an limistéir gheografaigh ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, ar éifeachtaí iad nach féidir a mhaolú leis na bearta a shainaithnítear sna pleananna lena n-ainmnítear limistéir luathaithe nó le bearta atá beartaithe ag an bhforbróir tionscadail. Cuirfear cinntí den sórt sin ar fáil go poiblí. Beidh tionscadail fuinnimh in-athnuaite den sórt sin faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol de bhun Threoir 2011/92/AE agus, más infheidhme, faoi réir measúnú de bhun Threoir 92/43/CEE, a dhéanfar laistigh de 6 mhí ón gcinneadh riaracháin lena sainaithnítear gur rídhócha gur ann d’éifeachtaí díobhálacha suntasacha gan choinne. I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar na forais gur ann d’imthosca urghnácha, féadfar an tréimhse 6 mhí sin a fhadú 6 mhí. I gcás imthosca a bhfuil údar cuí leo, lena n-áirítear i gcás inar gá sin chun an t-imscaradh fuinnimh in-athnuaite a luathú chun na spriocanna aeráide agus fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit tionscadail ghaoithe agus fhótavoltacha gréine a dhíolmhú ó mheasúnuithe den sórt sin. I gcás ina ndéanann na Ballstáit tionscadail ghaoithe agus fhótavoltacha gréine a dhíolmhú ó na measúnuithe sin, glacfaidh an t-oibreoir bearta maolaithe comhréireacha nó, i gcás nach bhfuil bearta maolaithe den sórt sin ar fáil, bearta cúitimh a fhéadfaidh, mura bhfuil bearta cúitimh comhréireacha eile ar fáil, a bheith i bhfoirm cúitimh airgeadaíochta, chun aghaidh a thabhairt ar aon éifeachtaí díobhálacha. I gcás ina bhfuil tionchar ag na héifeachtaí díobhálacha sin ar chosaint speiceas, íocfaidh an t-oibreoir cúiteamh airgeadaíochta as cláir cosanta speiceas ar feadh thréimhse oibriúcháin an ghléasra fuinnimh in-athnuaite chun stádas caomhnaithe na speiceas lena mbaineann a áirithiú nó a fheabhsú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|