+IARSCRÍBHINN IV

IARSCRÍBHINN IV




IARSCRÍBHINN IV

▼M2

OILIÚINT AGUS DEIMHNIÚ SUITEÁLAITHE AGUS DEARTHÓIRÍ SUITEÁLACHA FUINNIMH IN-ATHNUAITE

Beidh na scéimeanna deimhniúcháin nó cáiliúcháin coibhéiseacha agus na cláir oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 18(3) bunaithe ar na critéir seo a leanas:

1. 

Beidh an próiseas deimhniúcháin nó cáiliúcháin coibhéiseach trédhearcach agus sainithe go soiléir ag na Ballstáit nó ag an gcomhlacht riaracháin a cheapfaidh siad.

1a. 

Déanfar na deimhnithe a eisíonn comhlachtaí deimhniúcháin a shainiú go soiléir agus beidh siad éasca le sainaithint d’oibrithe agus do ghairmithe atá ag lorg deimhniúcháin.

1b. 

Cuirfidh an próiseas deimhniúcháin ar chumas suiteálaithe an t-eolas teoiriciúil agus praiticiúil is gá a fháil agus a ráthú go bhfuil na scileanna is gá acu chun suiteálacha ardcháilíochta a oibríonn go hiontaofa a chur i bhfeidhm.

2. 

Suiteálaithe córas lena n-úsáidtear bithmhais, teaschaidéil, fuinneamh geoiteirmeach éadomhain, grianfhuinneamh fótavoltach agus grianfhuinneamh teirmeach, lena n-áirítear stóráil fuinnimh agus pointí athluchtaithe, beidh deimhniú acu ó chlár oiliúna creidiúnaithe nó soláthraí oiliúna creidiúnaithe nó ó scéimeanna cáiliúcháin coibhéiseacha.

3. 

Is iad na Ballstáit nó an comhlacht riaracháin a cheapfaidh siad a dhéanfaidh creidiúnú ar an gclár oiliúna nó soláthraí oiliúna. Áiritheoidh an comhlacht creidiúnúcháin go mbeidh cuimsitheacht agus leanúnachas agus clúdach réigiúnach nó náisiúnta ag baint leis na cláir oiliúna, lena n-áirítear cláir uas-scilithe agus athscilithe, arna dtairiscint ag an soláthraí oiliúna.

Beidh saoráidí teicniúla leormhaithe ag an soláthraí oiliúna chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar, lena n-áirítear trealamh leordhóthanach saotharlainne nó saoráidí comhfhreagracha chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar.

I dteannta na bunoiliúna, déanfaidh an soláthraí oiliúna cúrsaí oiliúna athnuachana agus uas-scilithe níos giorra arna n-eagrú i modúil oiliúna a thairiscint lena gcuirtear ar chumas suiteálaithe agus dearthóirí inniúlachtaí nua a fhoghlaim, agus a gcuid scileanna a leathnú agus a éagsúlú i roinnt cineálacha teicneolaíochta agus ina réimsí féin. Áiritheoidh an soláthraí oiliúna go gcuirfear oiliúint in oiriúint do theicneolaíocht nua fuinnimh in-athnuaite i gcomhthéacs na bhfoirgneamh, na tionsclaíochta agus na talmhaíochta. Aithneoidh soláthraithe oiliúna na scileanna ábhartha a fhoghlaimítear.

Dearfar na cláir oiliúna agus na modúil oiliúna sa chaoi is go mbeifear in ann foghlaim ar feadh an tsaoil a dhéanamh i suiteálacha fuinnimh in-athnuaite agus beidh siad comhoiriúnach leis an ngairmoiliúint do chuardaitheoirí poist céaduaire agus do dhaoine fásta atá ag lorg athoiliúna nó fostaíocht nua.

Dearfar na cláir oiliúna chun gur fusa cáilíochtaí a fháil lena gcumhdaítear cineálacha éagsúla teicneolaíochta agus réitigh éagsúla agus chun speisialtóireacht theoranta i mbranda sonrach nó i dteicneolaíocht shonrach a sheachaint. Féadfaidh monaróir an trealaimh nó an chórais, institiúidí nó cumainn a bheith ina soláthraí oiliúna.

▼B

4. 

Beidh codanna teoiriciúla agus codanna praiticiúla araon san áireamh san oiliúint a mbeidh deimhniú suiteálaí nó cáilíocht suiteálaí mar thoradh leis. Ag deireadh na hoiliúna, ní mór na scileanna a bheith ag an suiteálaí atá de dhíth chun an trealamh agus na córais ábhartha a shuiteáil chun riachtanais feidhmíochta agus iontaofachta an chustaiméara a shásamh, ceardaíocht ardchaighdeáin a úsáid, agus gach cód agus caighdeán is infheidhme, lena n-áirítear lipéadú fuinnimh agus éicilipéadú, a chomhlíonadh.

▼M2

5. 

Críochnóidh an cúrsa oiliúna le scrúdú a mbeidh deimhniú nó cáilíocht mar thoradh air. Beidh san áireamh sa scrúdú measúnú praiticiúil ar choirí bithmhaise nó soirn bhithmhaise, teaschaidéil, suiteálacha geoiteirmeacha éadoimhne, suiteálacha fótavoltacha gréine nó teirmeacha gréine, lena n-áirítear stóráil fuinnimh, nó pointí athluchtaithe, lena gcumasaítear freagairt don éileamh, a shuiteáil go rathúil.

▼B

6. 

Sna scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna um cháilíochtaí coibhéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 18(3) tabharfar aird chuí ar na treoirlíne seo a leanas:

(a) 

Ba cheart cláir oiliúna creidiúnaithe a thairiscint do shuiteálaithe a bhfuil taithí oibre acu, a bhfuil na cineálacha oiliúna seo a leanas déanta nó á dhéanamh acu:

(i) 

i gcás suiteálaithe coirí agus sorn bithmhaise: oiliúint mar phluiméir, oirtheoir píopaí, innealtóir téimh nó teicneoir suiteála trealamh sláintíochta agus téimh nó fuaraithe mar réamhriachtanas;

(ii) 

i gcás suiteálaithe teaschaidéal: oiliúint mar phluiméir nó innealtóir fuaraithe agus bunscileanna leictreachais agus pluiméireachta (gearradh píopaí, ailt píopaí a shádráil, ailt píopaí a ghliúáil, fálú, feistis a shéalú, tástáil le haghaidh sceite agus córais téimh nó fuaraithe a shuiteáil) mar réamhriachtanas;

(iii) 

i gcás suiteálaithe córas fótavoltach gréine nó teirmeach gréine: oiliúint mar phluiméir nó leictreoir agus scileanna pluiméireachta, leictreachais agus díonta, lena n-áirítear cur amach ar ailt píopaí a shádráil, ailt píopaí a ghliúáil, feistis a shéalú, tástáil le haghaidh sceitheadh pluiméireachta, cumas sreanga a nascadh, eolas ar bhunábhair dín agus ar mhodhanna fleasctha agus séalaithe mar réamhriachtanas; nó

(iv) 

scéim gairmoiliúna chun scileanna leordhóthanacha a sholáthar do shuiteálaithe a fhreagraíonn d'oideachas 3 bliana sna scileanna dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) nó pointe (c) a chuimsíonn foghlaim sa seomra ranga agus foghlaim obairbhunaithe araon.

(b) 

Sa chuid theoiriciúil den oiliúint do shuiteálaithe sorn agus coirí bithmhaise ba cheart forléargas a thabhairt ar staid margaidh an bhithmhaise agus ba cheart gnéithe éiceolaíocha, breoslaí bithmhaise, lóistíocht, cosaint dóiteáin, fóirdheontais ghaolmhara, teicnící dócháin, córais adhainte, réitigh hiodrálacha optamacha, comparáidí idir an costas agus an cumas tuillimh a chumhdach, chomh maith le coirí bithmhaise agus soirn bhithmhaise a dhearadh, a shuiteáil agus a chothabháil. Ba cheart eolas maith a thabhairt mar chuid den oiliúint ar aon chaighdeán Eorpach le haghaidh teicneolaíochtaí agus breoslaí bithmhaise (millíní mar shampla) agus ar an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais a bhaineann le bithmhais.

(c) 

▼M2

Sa chuid theoiriciúil den oiliúint do shuiteálaithe teaschaidéal, ba cheart forléargas a thabhairt ar staid an mhargaidh do theaschaidéil agus ba cheart a chumhdach léi foinsí fuinnimh gheoiteirmigh agus teocht foinsí talún i réigiúin éagsúla, ithreacha agus carraigeacha a shainaithint don tseoltacht theirmeach, rialacháin maidir le foinsí fuinnimh gheoiteirmigh a úsáid, a indéanta atá sé teaschaidéil a úsáid i bhfoirgnimh agus an córas teaschaidéil is oiriúnaí a fháil amach, agus eolas faoi na ceanglais theicniúla a bhaineann leo, sábháilteacht, scagadh aeir, nascadh leis an bhfoinse teasa agus leagan amach an chórais, agus comhtháthú le réitigh stórála fuinnimh, lena n-áirítear in éineacht le suiteálacha gréine. Leis an oiliúint, ba cheart eolas maith a thabhairt freisin ar aon chaighdeán Eorpach le haghaidh teaschaidéal agus ar an dlí náisiúnta ábhartha agus dlí ábhartha an Aontais. Ba cheart don suiteálaí na príomh-inniúlachtaí seo a leanas a léiriú:

▼B

(i) 

buntuiscint ar na prionsabail fhisiciúla agus oibríochta a bhaineann le teaschaidéal, lena n-áirítear tréithe thimthriall an chaidéil: an gaol idir teocht íseal an slogaide teasa; teocht ard na foinse teasa, agus éifeachtúlacht an chórais, an chomhéifeacht feidhmiúcháin a oibriú amach agus an chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh (SPF) a oibriú amach;

(ii) 

tuiscint ar na comhpháirteanna agus ar an bhfeidhm atá acu i dtimthriall an teaschaidéil, lena n-áirítear an comhbhrúiteoir, an comhla forbartha, an galaitheoir, an comhdhlúthadán, na feistis agus feistí, an ola bhealaithe, an cuisneán, agus féidearthachtaí forthéamh, fofhuarú agus fuarú a dhéanamh le teaschaidéil; agus

▼M2

(iii) 

an cumas comhpháirteanna a roghnú agus a mhéidniú i ngnáth-imthosca suiteála, lena n-áirítear luachanna tipiciúla a chinneadh don lód teasa atá ag foirgnimh éagsúla agus do tháirgeadh uisce the bunaithe ar thomhaltas fuinnimh, toilleadh an teaschaidéil a chinneadh bunaithe ar an luach fuinnimh chun uisce te a tháirgeadh, ar thoirt stórála an fhoirgnimh agus ar an soláthar inbhriste cumhachta; réitigh stórála fuinnimh a chinneadh, lena n-áirítear trí chomhpháirt an umair mhaolánaigh agus a thoirt agus an dara córas téimh a chomhtháthú;

(iv) 

tuiscint ar staidéir féidearthachta agus dearaidh;

(v) 

tuiscint ar dhruileáil, i gcás teaschaidéil gheoiteirmeacha.

(d) 

Sa chuid theoiriciúil den oiliúint do shuiteálaithe córas fótavoltach gréine agus córas teirmeach gréine, ba cheart forléargas a thabhairt ar staid margaidh na dtáirgí gréine agus ar an gcomparáid idir na costais agus an cumas tuillimh, agus ba cheart a chumhdach léi gnéithe éiceolaíocha, comhpháirteanna, saintréithe agus toisiú na gcóras gréine, córais chruinne a roghnú agus toisiú na gcomhpháirteanna, an t-éileamh ar theas a chinneadh, roghanna chun réitigh stórála fuinnimh a chomhtháthú, cosaint dóiteáin, fóirdheontais ghaolmhara, chomh maith le suiteálacha fótavoltacha gréine agus teirmeacha gréine a dhearadh, a shuiteáil agus a chothabháil. Leis an oiliúint, ba cheart eolas maith a thabhairt ar aon chaighdeán Eorpach le haghaidh teicneolaíochtaí, agus ar dheimhniú amhail Solar Keymark, agus ar an dlí náisiúnta gaolmhar agus dlí gaolmhar an Aontais. Ba cheart don suiteálaí na príomh-inniúlachtaí seo a leanas a léiriú:

▼B

(i) 

an cumas bheith ag obair go sábháilte ag baint úsáid as na huirlisí agus an trealamh atá de dhíth agus ag cur cóid agus caighdeáin shábháilteachta chun feidhme, agus chun guaiseanna pluiméireachta, leictreacha nó guaiseanna eile a bhaineann le suiteálacha gréine a shainaithint;

▼M2

(ii) 

an cumas chun córais agus a gcomhpháirteanna a bhaineann go sonrach le córais ghníomhacha agus éighníomhacha a shainaithint, lena n-áirítear an dearadh meicniúil, agus chun suíomh na gcomhpháirteanna, leagan amach an chórais agus an chumraíocht a chinneadh, agus roghanna chun réitigh stórála fuinnimh a chomhtháthú, lena n-áirítear trí chomhcheangal le stáisiúin athluchtaithe;

▼B

(iii) 

an cumas an t-achar suiteála, an treoshuíomh agus an claonadh a oibriú amach do chórais fhótavoltacha gréine agus do théitheoirí uisce gréine, ag cur san áireamh scáthú, rochtain ar an ngrian, iomláine struchtúrach agus oiriúnacht na suiteála don fhoirgneamh nó don aeráid agus modhanna suiteála éagsúla a shainaithint atá oiriúnach do chineálacha éagsúla dín agus trealaimh (cothromaíocht an córais nó balance of system) atá de dhíth don tsuiteáil; agus

(iv) 

i gcás córais fhótavoltacha gréine go háirithe, an cumas an dearadh leictreach a oiriúnú, lena n-áirítear sreabha dearaidh a oibriú amach, cineálacha oiriúnacha seoltóirí agus rátálacha oiriúnacha a roghnú do gach ciorcad leictreach, an méid, rátáil agus suíomh oiriúnach a oibriú amach don trealamh uile agus do na fochórais uile atá gaolmhar, agus pointe idirnaisc oiriúnach a roghnú.

(e) 

ba cheart deimhniú suiteálaí a bheith teoranta ó thaobh ama de, sa chaoi go mbeadh athnuachan, i bhfoirm seimineáir nó i bhfoirm imeachta eile, de dhíth le leanúint de bheith deimhnithe.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L2001
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.