+Airteagal 15 Eagraíochtaí
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.

Airteagal 15 Eagraíochtaí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
Mura mbunaítear a mhalairt le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19, beidh eagraíochtaí a bhfuil freagracht orthu as dearadh agus táirgeadh táirgí, páirteanna agus trealaimh neamhshuiteáilte, faoi réir deimhniúcháin agus déanfar formheas a eisiúint dóibh ina leith. Déanfar an formheas sin a eisiúint arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na rialacha a bunaíodh leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 19 d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9. Sonrófar ar an bhformheas sin na pribhléidí a bronnadh ar an eagraíocht mar aon le raon an fhormheasta.
Airteagal 15 2.

Beidh gá freisin le formheas a fháil i leith:

(a) 

eagraíochtaí atá freagrach as cothabháil agus as bainistiú ar aeracmhainneacht leanúnach táirgí, páirteanna agus trealaimh neamhshuiteáilte, agus

(b) 

eagraíochtaí atá rannpháirteach in oiliúint an phearsanra atá freagrach as táirge, páirt nó trealamh neamhshuiteáilte a scaoileadh i ndiaidh a gcothabhála;

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cásanna, mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 17, agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, nach bhfuil gá leis na deimhnithe.

Déanfar na formheasanna dá dtagraítear sa mhír seo a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 17 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 15 3.
Sna formheasanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, sonrófar na pribhléidí a bronnadh ar an eagraíocht. Féadfar na formheasanna sin a leasú chun pribhléidí a chur leis nó a bhaint as, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 17(1).
Airteagal 15 4.
Na formheasanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfar iad a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm nuair nach gcomhlíonann an sealbhóir a thuilleadh na rialacha agus na nósanna imeachta chun formheas den sórt sin a eisiúint agus a choinneáil ar bun, i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 17(1).
Airteagal 15 5.
Nuair nach gceanglaítear formheas dá dtagraítear i mír 2 leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 17(1), na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh, agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, féadfar a cheangal, leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, ar an eagraíocht lena mbaineann a dhearbhú go bhfuil sé de chumas agus d'acmhainn aici na freagrachtaí a ghabhann leis na gníomhaíochtaí a dhéanann sí a chomhall i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme sin

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.