|
+Airteagal 15 2. |
Airteagal 15 2.Beidh gá freisin le formheas a fháil i leith:
(a)
eagraíochtaí atá freagrach as cothabháil agus as bainistiú ar aeracmhainneacht leanúnach táirgí, páirteanna agus trealaimh neamhshuiteáilte, agus
(b)
eagraíochtaí atá rannpháirteach in oiliúint an phearsanra atá freagrach as táirge, páirt nó trealamh neamhshuiteáilte a scaoileadh i ndiaidh a gcothabhála; Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cásanna, mar thoradh ar ghlacadh na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 17, agus na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 1 agus in Airteagal 4 á gcur san áireamh agus go háirithe cineál agus riosca na gníomhaíochta lena mbaineann, nach bhfuil gá leis na deimhnithe. Déanfar na formheasanna dá dtagraítear sa mhír seo a eisiúint arna iarraidh, i gcás ina bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go bhfuil sé nó sí i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 17 a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaí na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|