|
+Airteagal 18 1. |
Airteagal 18 1.De mhaolú ar Airteagal 9 go hAirteagal 13, mar is iomchuí:
(a)
féadfar comhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 9 i dtaca le dearadh táirgí, páirteanna agus trealaimh neamhshuiteáilte, féadfar sin a mheas gan deimhniú a eisiúint, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (d)(i) d'Airteagal 19(1). Sa chás sin, is iad na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (j) d'Airteagal 19(1) a shaineoidh na coinníollacha agus na nósanna imeachta a bhainfidh leis an measúnú sin. Féadfar a fhoráil sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe d(i) d'Airteagal 19(1) go gceadaítear don eagraíocht atá freagrach as dearadh agus táirgeadh na dtáirgí, na bpáirteanna agus an trealaimh neamhshuiteáilte sin dearbhú a thabhairt go gcomhlíonann a ndearadh na sonraíochtaí mionsonraithe sin a bunaíodh i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (i) d'Airteagal 19(1) a glacadh d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfadh na dearthaí sin na ceanglais fhíor-riachtanacha sin;
(b)
nuair nach gcomhlíonann dearadh aerárthaigh na ceanglais fhíor-riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 9, féadfar deimhniú srianta ar chineál a eisiúint. Sa chás sin, eiseofar an deimhniú sin arna iarraidh, agus arna léiriú ag an iarratasóir go bhfuil dearadh an aerárthaigh ag teacht leis an mbonn deimhniúcháin arna bhunú i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (b)(i) agus (ii) d'Airteagal 19(1), agus gur leor dearadh an aerárthaigh, i dtaca le haeracmhainneacht agus le comhoiriúnacht chomhshaoil, i bhfianaise na húsáide atá le baint as. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|