|
+Airteagal 62 4. |
Airteagal 62 4.Is i gcomhréir leis an mír seo a leanas a chinnfear na freagrachtaí a bhainfidh leis na cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe dá dtagraítear i mír 2. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach sa chás ina sanntar na cúraimí sin di de bhun Airteagal 77 go 82 agus sa chás ina leithdháiltear na cúraimí sin air de bhun Airteagal 64 agus Airteagal 65. Mar sin féin, i gcás ina dtugann Ballstát díolúine i gcomhréir le hAirteagal 41(6), ní bheidh feidhm ag pointe (a) d'Airteagal 80(1) a thuilleadh agus beidh an Ballstát sin freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú i ndáil leis an soláthraí BAT/SAL lena mbaineann mar a fhoráiltear sa díolúine sin. I dtaca leis an deimhniú aeradróim dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus leis an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 37(1) a eisítear d'oibreoir aeradróim, is é údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t-aeradróm lonnaithe a bheidh freagrach as na cúraimí sin. Beidh an t-údarás inniúil náisiúnta sin freagrach freisin as na cúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe i ndáil le heagraíochtaí atá freagrach as seirbhísí láimhseála ar an talamh nó seirbhísí AMS a sholáthar ag an aeradróm sin. I ngach cás eile, beidh an fhreagracht ar údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil príomháit ghnó an duine nádúrtha nó dlítheanach a iarrann an deimhniú nó a eisíonn an dearbhú, nó, i gcás nach bhfuil príomháit ghnó ag an duine sin, san áit ina bhfuil cónaí ar an duine sin nó ina bhfuil áit bhunaithe an duine sin, ach amháin i gcás nach mór na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú a leithdháileadh ar na húdaráis inniúla i mBallstát eile i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 14 chun go gcuirfear i gcrích go héifeachtach iad. Ach má fhoráiltear amhlaidh sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 15:
(a)
scrúdaitheoirí aerleighis, ionaid aerleighis agus dochtúirí ginearálta a bheidh freagrach as eisiúint na ndeimhnithe leighis píolóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus na ndeimhnithe leighis rialtóra aerthráchta dá dtagraítear in Airteagal 49(1);
(b)
eagraíochtaí um oiliúint ar fhoirne eitilte, ar eisíodh formheas dóibh i gcomhréir le hAirteagal 24, agus oibreoirí aerárthaí, ar eisíodh deimhniú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 30, a bheidh freagrach as eisiúint na bhfianuithe dá dtagraítear in Airteagal 22 ar an bhfoireann chábáin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|