+Airteagal 62 Deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú
---+Airteagal 62 1.
---+Airteagal 62 2.
---+Airteagal 62 2a.
---+Airteagal 62 3.
---+Airteagal 62 4.
---+Airteagal 62 5.
---+Airteagal 62 6.
---+Airteagal 62 7.
---+Airteagal 62 8.
---+Airteagal 62 9.
---+Airteagal 62 10.
---+Airteagal 62 11.
---+Airteagal 62 12.
---+Airteagal 62 13.
---+Airteagal 62 14.
---+Airteagal 62 15.
|
Airteagal 62 Deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 62 1.
|
Comhoibreoidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit le chéile laistigh d'aon chóras sábháilteachta eitlíochta amháin don Eoraip d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, na gníomhartha tarmligthe, agus leis na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn.
|
|
Airteagal 62 2.
|
D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a glacadh ar a bhonn, déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta:
(a)
iarratais a chuirfear faoina mbráid a ghlacadh agus a mheasúnú agus, más infheidhme, na deimhnithe a eisiúint nó a athnuachan, chomh maith le dearbhuithe a chuirfear faoina mbráid a ghlacadh, i gcomhréir le Caibidil III;
(b)
maoirseacht ar shealbhóirí deimhnithe, ar dhaoine nádúrtha agus ar dhaoine dlítheanacha a dhéanann dearbhuithe, ar tháirgí, páirteanna, trealamh, córais BAT/SAL agus comhdhamhnaí BAT/SAL, feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus aeradróim atá faoi réir an Rialacháin seo;
(c)
na himscrúduithe, na cigireachtaí, lena n-áirítear cigireachtaí rampa, na hiniúchtaí, agus na gníomhaíochtaí faireacháin eile a dhéanamh is gá chun gur féidir sáruithe féideartha a shainaithint arna ndéanamh ag daoine dlítheanacha nó nádúrtha atá faoi réir an Rialacháin seo ar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin;
(d)
pé bearta forfheidhmithe is gá a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear deimhnithe arna n-eisiúint acu a leasú, a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, aerárthaí a choinneáil ar an talamh agus pionóis airgeadais a ghearradh, d'fhonn deireadh a chur le sáruithe sainaitheanta;
(e)
na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III a thoirmeasc, a theorannú nó a thabhairt faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe le sábháilteacht.
(f)
leibhéal iomchuí cáilíochta a áirithiú sna baill foirne a mbíonn lámh acu i gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe, lena n-áirítear trí oiliúint leordhóthanach a chur ar fáil.
|
|
Airteagal 62 2a.
|
Gan dochar d’Airteagal 5(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2024/2803, chun a gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin a dhéanamh i ndáil leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII den Rialachán seo, braithfidh na húdaráis inniúla ar na measúnuithe arna ndéanamh ag an údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán sin agus a gcúraimí faoi Airteagal 7(3) den Rialachán sin á ndéanamh acu.
|
|
Airteagal 62 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis inniúla náisiúnta neamhspleách agus cinntí teicniúla maidir le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú á nglacadh acu, agus go gcuirfidh siad a gcúraimí i gcrích go neamhchlaonta, trédhearcach, agus go mbeidh siad eagraithe, soláthraithe le foireann, agus bainistithe dá réir. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na hacmhainní agus na cumais riachtanacha ag na húdaráis inniúla náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a chomhall go héifeachtúil agus go pras.
|
|
Airteagal 62 4.
|
Is i gcomhréir leis an mír seo a leanas a chinnfear na freagrachtaí a bhainfidh leis na cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe dá dtagraítear i mír 2. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach sa chás ina sanntar na cúraimí sin di de bhun Airteagal 77 go 82 agus sa chás ina leithdháiltear na cúraimí sin air de bhun Airteagal 64 agus Airteagal 65. Mar sin féin, i gcás ina dtugann Ballstát díolúine i gcomhréir le hAirteagal 41(6), ní bheidh feidhm ag pointe (a) d'Airteagal 80(1) a thuilleadh agus beidh an Ballstát sin freagrach as maoirseacht agus forfheidhmiú i ndáil leis an soláthraí BAT/SAL lena mbaineann mar a fhoráiltear sa díolúine sin. I dtaca leis an deimhniú aeradróim dá dtagraítear in Airteagal 34(1) agus leis an deimhniú dá dtagraítear in Airteagal 37(1) a eisítear d'oibreoir aeradróim, is é údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an t-aeradróm lonnaithe a bheidh freagrach as na cúraimí sin. Beidh an t-údarás inniúil náisiúnta sin freagrach freisin as na cúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe i ndáil le heagraíochtaí atá freagrach as seirbhísí láimhseála ar an talamh nó seirbhísí AMS a sholáthar ag an aeradróm sin. I ngach cás eile, beidh an fhreagracht ar údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil príomháit ghnó an duine nádúrtha nó dlítheanach a iarrann an deimhniú nó a eisíonn an dearbhú, nó, i gcás nach bhfuil príomháit ghnó ag an duine sin, san áit ina bhfuil cónaí ar an duine sin nó ina bhfuil áit bhunaithe an duine sin, ach amháin i gcás nach mór na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú a leithdháileadh ar na húdaráis inniúla i mBallstát eile i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 14 chun go gcuirfear i gcrích go héifeachtach iad. Ach má fhoráiltear amhlaidh sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 15:
(a)
scrúdaitheoirí aerleighis, ionaid aerleighis agus dochtúirí ginearálta a bheidh freagrach as eisiúint na ndeimhnithe leighis píolóta dá dtagraítear in Airteagal 21(1) agus na ndeimhnithe leighis rialtóra aerthráchta dá dtagraítear in Airteagal 49(1);
(b)
eagraíochtaí um oiliúint ar fhoirne eitilte, ar eisíodh formheas dóibh i gcomhréir le hAirteagal 24, agus oibreoirí aerárthaí, ar eisíodh deimhniú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 30, a bheidh freagrach as eisiúint na bhfianuithe dá dtagraítear in Airteagal 22 ar an bhfoireann chábáin.
|
|
Airteagal 62 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaidh, de mhaolú ar mhír 4, na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith freagrach go comhpháirteach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i ndáil le hoibreoir aerárthaí a mbíonn lámh acu san aeriompar tráchtála i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
go ndearnadh foráil don fhreagracht chomhpháirteach sin i gcomhaontú a tugadh i gcrích idir na Ballstáit seo roimh an 1 Eanáir 1992;
(b)
go bhfuil áirithe ag na Ballstáit sin go ndéanfaidh a gcuid údarás inniúil náisiúnta na cúraimí sin a chur i gcrích go héifeachtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus leis cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.
Na Ballstáit lena mbaineann, déanfaidh siad, faoin 12 Márta 2019 ar a dhéanaí, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas faoin cinneadh freagracht chomhpháirteach sin agus an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil dóibh, go háirithe an comhaontú dá dtagraítear i bpointe (a) agus na bearta a glacadh chun a áirithiú go gcuirtear na cúraimí sin i gcrích go héifeachtach i gcomhréir le pointe (b). I gcás ina measann an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, nach ndearnadh na coinníollacha a shonraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme, ina mbeidh a chinneadh chun na críche sin. Ar fhógairt an chinnidh sin maidir le cur chun feidhme, cinnfidh na Ballstáit lena mbaineann gan mhoill a gcinneadh freagracht chomhpháirteach a mhodhnú nó a chúlghairm agus cuirfidh siad sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht dá réir. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cinntí uile na mBallstát agus an Choimisiúin, arna gcur ar an eolas de bhun na míre seo, sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74.
|
|
Airteagal 62 6.
|
Ar bhonn leanúnach, agus bunaithe ar thosaíochtaí a mbeidh beann acu ar na rioscaí a bhaineann leis an eitlíocht shibhialta, a bheidh an mhaoirseacht a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta.
|
|
Airteagal 62 7.
|
Agus na cigireachtaí rampa dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 á ndéanamh aici, oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le húdarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit sa chríoch ina ndéantar an chigireacht rampa sin.
|
|
Airteagal 62 8.
|
Is í an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh bainistiú agus oibriú ar na huirlisí agus na nósanna imeachta is gá chun an fhaisnéis sábháilteachta sin a fhaightear ó na cigireachtaí rampaí dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 a bhailiú, a mhalartú agus a anailísiú.
|
|
Airteagal 62 9.
|
D'fhonn feidhmiú éifeachtach a gcúraimí i ndáil le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú a éascú, déanfaidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis ábhartha a mhalartú lena chéile, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh sáruithe féideartha nó sainaitheanta.
|
|
Airteagal 62 10.
|
Déanfaidh an Ghníomhaireacht tuiscint agus cur i bhfeidhm comhchoiteann i dtaca le ceanglais an Rialacháin seo agus na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn a chur chun cinn, inter alia tríd an ábhar treorach dá dtagraítear in Airteagal 76(3) a fhorbairt i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta.
|
|
Airteagal 62 11.
|
Féadfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach ar bith a bheidh faoi réir an Rialacháin seo aird na Gníomhaireachta a dhíriú ar aon difríochtaí is léir dóibh idir cur i bhfeidhm na rialacha sna Ballstáit éagsúla. I gcás ina bhféadfadh na difríochtaí sin cur isteach go mór ar ghníomhaíochtaí na ndaoine seo, nó deacrachtaí móra a tharraingt ar bhealach eile, rachaidh an Ghníomhaireacht agus údarás inniúil náisiúnta na mBallstát lena mbaineann i gcomhar d'fhonn aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí sin, agus i gcás inar gá, iad a réiteach gan ró-mhoill. I gcás nach féidir na difríochtaí seo a réiteach, cuirfidh an Ghníomhaireacht an scéal faoi bhráid an Choimisiúin.
|
|
Airteagal 62 12.
|
Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta pé beart éifeachtach is gá chun an fheasacht ar an tsábháilteacht eitlíochta sibhialta a mhéadú agus a chur chun cinn, agus chun faisnéis is sonrach don tsábháilteacht a scaipeadh d'fhonn tionóiscí agus teagmhais a sheachaint.
|
|
Airteagal 62 13.
|
I dtaca leis na cúraimí sin de chuid na Gníomhaireachta a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú faoin Rialachán seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 128 d'fhonn rialacha mionsonraithe a leagan síos ina dtaobh seo a leanas:
(a)
na coinníollacha faoina ndéanfar deimhniúchán, agus faoina ndéanfaidh an Ghníomhaireacht na himscrúduithe, cigireachtaí, iniúchtaí, agus gníomhaíochtaí faireacháin sin is gá chun maoirseacht éifeachtach ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha, ar tháirgí, páirteanna, trealamh, córais BAT/SAL, comhdhamhnaí BAT/SAL, feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus aeradróim atá faoi réir an Rialacháin seo a áirithiú;
(b)
na coinníollacha faoina ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cigireachtaí rampaí agus a gcoinneofar aerárthach ar an talamh i gcás nach gcomhlíonann oibreoir nó foireann eitilte an aerárthaigh, nó an t-aerárthach féin, forálacha an Rialacháin seo agus leis na ngníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn;
(c)
na coinníollacha a ndéanfar gníomhaíochtaí a rialáiltear i gCaibidil III a thoirmeasc, a theorannú nó a bheith faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe leis an tsábháilteacht i gcomhréir leo;
(d)
na coinníollacha faoina n-eiseoidh agus faoina scaipfidh an Ghníomhaireacht faisnéis agus moltaí atá éigeantach i gcomhréir le hAirteagal 76(6) d'fhonn sábháilteacht na ngníomhaíochtaí a rialaítear le Caibidil III a áirithiú;
(e)
na coinníollacha faoina n-eiseoidh agus faoina scaipfidh an Ghníomhaireacht faisnéis éigeantach, i gcomhréir le hAirteagal 77, d'fhonn aeracmhainneacht leanúnach agus comhoiriúnacht chomhshaoil na dtáirgí, na bpáirteanna, trealaimh neamhshuiteáilte agus trealamh chun an t-aerárthach gan foireann a rialú go cianda a áirithiú, agus na coinníollacha faoina ndéanfar modhanna malartacha den chomhlíonadh sin a fhormheas i ndáil leis an bhfaisnéis éigeantach sin;
(f)
na coinníollacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh an Ghníomhaireacht creidiúnú ar eintiteas incháilithe chun críche Airteagal 69.
|
|
Airteagal 62 14.
|
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhlíonadh a áirithiú i ndáil leis na ceanglais i míreanna (2) go (9) den Airteagal seo, i dtaca leis na cúraimí sin a dhéanann na húdaráis inniúla náisiúnta a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
▼M3
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar deimhniú, agus faoina ndéanfar na himscrúduithe, cigireachtaí, iniúchtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin sin is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta maoirseacht éifeachtach ar dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha, ar tháirgí, páirteanna, trealamh, córais BAT/SAL, comhdhamhnaí BAT/SAL, feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus aeradróim atá faoi réir an Rialacháin seo agus na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le measúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais fhíor-riachtanacha a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo á gcomhlíonadh ag soláthraithe BAT/SAL, ar measúnú agus maoirseacht iad a dhéanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/2803, gan dochar d’Airteagal 5(1) den Rialachán sin;
▼B
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta cigireachtaí rampaí agus faoina gcoinneofar aerárthach ar an talamh i gcás nach gcomhlíonann oibreoir nó foireann eitilte an aerárthaigh, nó an t-aerárthach féin, forálacha an Rialacháin seo gona ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn;
(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoinar ceadmhach na gníomhaíochtaí a rialáiltear i gCaibidil III a thoirmeasc, a theorannú nó a thabhairt faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe leis an tsábháilteacht;
(d)
i dtaca le mír 4, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le sannadh na bhfreagrachtaí i measc na n-údarás inniúla náisiúnta d'fhonn go gcuirfí i gcrích go héifeachtach na cúraimí sin a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú;
(e)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta creidiúnú ar eintiteas incháilithe chun críche Airteagal 69.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
|
|
Airteagal 62 15.
|
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhlíonadh a áirithiú i ndáil leis na ceanglais i míreanna (2) go (9) den Airteagal seo, i dtaca leis na cúraimí sin a dhéanann an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le tiomsú, malartú agus dáileadh na faisnéise ábhartha idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus na húdaráis inniúla náisiúnta chun na cúraimí sin a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú a fheidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh sáruithe féideartha nó sainaitheanta;
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le cáilíochtaí na Gníomhaireachta agus na n-údarás inniúil náisiúnta a mbíonn lámh acu i gcúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe agus cáilíochtaí na n-eagraíochtaí sin a chuireann oiliúint orthu;
(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le córais riaracháin agus bainistíochta na Gníomhaireachta agus na n-údarás inniúil náisiúnta i dtaca le cúraimí deimhniúcháin, maoirseachta agus forfheidhmithe;
(d)
i dtaca le mír 4 den Airteagal seo, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le sannadh na bhfreagrachtaí do scrúdaitheoirí aerleighis agus d'ionaid aerleighis chun críocha deimhnithe leighis píolóta agus rialtóra aerthráchta a eisiúint, maille leis na coinníollacha faoina gcuirtear na freagrachtaí sin ar dhochtúirí ginearálta, d'fhonn go gcuirfí i gcrích go héifeachtach na cúraimí sin a bhaineann le deimhniú leighis a dhéanamh ar phíolótaí agus ar rialtóirí aerthráchta;
(e)
i dtaca le mír 4 den Airteagal seo, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le sannadh na bhfreagrachtaí d'eagraíochtaí um oiliúint d'fhoirne cábáin agus d'oibreoirí aerárthaigh chun críocha fianuithe foirne cábáin a eisiúint, d'fhonn go gcuirfí i gcrích go héifeachtach na cúraimí sin a bhaineann le deimhniúchán a dhéanamh ar fhoirne cábáin.
Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|