|
+Airteagal 62 5. |
Airteagal 62 5.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhféadfaidh, de mhaolú ar mhír 4, na húdaráis inniúla náisiúnta a bheith freagrach go comhpháirteach as na cúraimí a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú i ndáil le hoibreoir aerárthaí a mbíonn lámh acu san aeriompar tráchtála i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
go ndearnadh foráil don fhreagracht chomhpháirteach sin i gcomhaontú a tugadh i gcrích idir na Ballstáit seo roimh an 1 Eanáir 1992;
(b)
go bhfuil áirithe ag na Ballstáit sin go ndéanfaidh a gcuid údarás inniúil náisiúnta na cúraimí sin a chur i gcrích go héifeachtúil i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus leis cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin. Na Ballstáit lena mbaineann, déanfaidh siad, faoin 12 Márta 2019 ar a dhéanaí, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas faoin cinneadh freagracht chomhpháirteach sin agus an fhaisnéis ábhartha uile a chur ar fáil dóibh, go háirithe an comhaontú dá dtagraítear i bpointe (a) agus na bearta a glacadh chun a áirithiú go gcuirtear na cúraimí sin i gcrích go héifeachtach i gcomhréir le pointe (b). I gcás ina measann an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht, nach ndearnadh na coinníollacha a shonraítear sa chéad fhomhír a chomhlíonadh, glacfaidh an Coimisiún, gníomhartha cur chun feidhme, ina mbeidh a chinneadh chun na críche sin. Ar fhógairt an chinnidh sin maidir le cur chun feidhme, cinnfidh na Ballstáit lena mbaineann gan mhoill a gcinneadh freagracht chomhpháirteach a mhodhnú nó a chúlghairm agus cuirfidh siad sin in iúl don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht dá réir. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cinntí uile na mBallstát agus an Choimisiúin, arna gcur ar an eolas de bhun na míre seo, sa stór lárnach dá dtagraítear in Airteagal 74. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|