|
+Airteagal 62 14. |
Airteagal 62 14.Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhlíonadh a áirithiú i ndáil leis na ceanglais i míreanna (2) go (9) den Airteagal seo, i dtaca leis na cúraimí sin a dhéanann na húdaráis inniúla náisiúnta a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú faoin Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Airteagal 4 agus d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, forálacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfar deimhniú, agus faoina ndéanfar na himscrúduithe, cigireachtaí, iniúchtaí agus gníomhaíochtaí faireacháin sin is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta maoirseacht éifeachtach ar dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha, ar tháirgí, páirteanna, trealamh, córais BAT/SAL, comhdhamhnaí BAT/SAL, feistí oiliúna ionsamhalta eitilte, agus aeradróim atá faoi réir an Rialacháin seo agus na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le measúnú agus maoirseacht a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil na ceanglais fhíor-riachtanacha a liostaítear i bpointe 7 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán seo á gcomhlíonadh ag soláthraithe BAT/SAL, ar measúnú agus maoirseacht iad a dhéanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2024/2803, gan dochar d’Airteagal 5(1) den Rialachán sin;
(b)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta cigireachtaí rampaí agus faoina gcoinneofar aerárthach ar an talamh i gcás nach gcomhlíonann oibreoir nó foireann eitilte an aerárthaigh, nó an t-aerárthach féin, forálacha an Rialacháin seo gona ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn;
(c)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoinar ceadmhach na gníomhaíochtaí a rialáiltear i gCaibidil III a thoirmeasc, a theorannú nó a thabhairt faoi réir coinníollacha áirithe ar mhaithe leis an tsábháilteacht;
(d)
i dtaca le mír 4, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le sannadh na bhfreagrachtaí i measc na n-údarás inniúla náisiúnta d'fhonn go gcuirfí i gcrích go héifeachtach na cúraimí sin a bhaineann le deimhniúchán, maoirseacht agus forfheidhmiú;
(e)
na rialacha agus na nósanna imeachta faoina ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta creidiúnú ar eintiteas incháilithe chun críche Airteagal 69. Glacfar leis na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|