+IARSCRÍBHINN II

IARSCRÍBHINN II




IARSCRÍBHINN II

Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haeracmhainneacht

1.   SLÁINE AN TÁIRGE

Ní mór sláine an táirge, lena n-áirítear cosaint i gcoinne bagairtí slándála faisnéise, a áirithiú i leith na ndálaí eitilte uile a bhfuil coinne leo i gcaitheamh shaolré oibríochtúil an aerárthaigh. Ní mór a léiriú trí mheasúnú nó trí anailís go bhfuil na ceanglais ar fad á gcomhlíonadh agus tástálacha mar thaca leo, más gá.

1.1.   Struchtúir agus ábhair

1.1.1.

Ní mór sláine an struchtúir a áirithiú ar fud imchlúdach oibríochtúil an aerárthaigh, agus lasmuigh de, ar bhealach leordhóthanach, lena n-áirítear a chóras tiomána, agus an tsláine sin a chothabháil i rith shaolré oibríochtúil an aerárthaigh.

1.1.2.

Ní mór gach páirt den aerárthach, a bhféadfadh a cliseadh sláine struchtúrach an aerárthaigh a laghdú, na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh gan dífhoirmiúchán díobhálach ná cliseadh. Folaíonn sé sin na hearraí uile a bhfuil toirt shuntasach iontu maille lena modhanna srianta.

(a) 

Ní mór na teaglamaí ualaí uile a bhféadfaí a bheith ag súil leo go réasúnta laistigh de mheáchain, de raon meáchanláir, d'imchlúdach oibríochtúil agus de shaolré an aerárthaigh a chur san áireamh agus lasmuigh de na raonta sin freisin ar bhealach leordhóthanach. Folaíonn sé sin ualaí a eascraíonn as séideáin, ainlithe, brúchóiriú, dromchlaí inaistrithe, córais rialaithe agus tiomána, san aer agus ar an talamh araon.

(b) 

Ní mór aird a thabhairt ar na hualaí agus ar aon chliseadh is dócha a tharlódh, de bharr tuirlingtí éigeandála ar thalamh nó ar uisce.

(c) 

Más iomchuí de réir an chineáil oibríochta atá i gceist, ní mór éifeachtaí dinimiciúla a fholú sa fhreagairt struchtúrach ar na hualaí sin, agus méid an aerárthaigh chomh maith lena chumraíocht á gcur san áireamh.

1.1.3.

Ní mór an t-aerárthach a bheith saor ó aon neamhchobhsaíocht aerleaisteach agus ó aon chreathadh iomarcach.

1.1.4.

Ní mór airíonna struchtúracha aitheanta agus inatáirgthe teacht as na próisis táirgthe agus as na hábhair a úsáidtear chun an t-aerárthach a thógáil. Ní mór míniú a thabhairt ar aon athrú ar fheidhmíocht ábharach a bhfuil baint ag an timpeallacht oibríochtúil leis.

1.1.5.

Ní mór a áirithiú, a oiread agus is féidir, nach laghdóidh éifeachtaí na lódála timthriallaí, an díghrádaithe timpeallachta, an damáiste de bharr tionóiscí agus an damáiste de bharr foinsí discréideacha, an tsláine struchtúrach faoi bhun leibhéal nirt iarmharaigh inghlactha. Gach treoir atá riachtanach i dtaca leis an méid sin d'fhonn aeracmhainneacht leanúnach a áirithiú, ba cheart í a fhógairt.

1.2.   Tiomáint

1.2.1.

Ní mór sláine an chórais tiomána (i.e. an t-inneall agus, más iomchuí, an lián) a léiriú ar fud imchlúdach oibríochtúil an chórais tiomána, agus lasmuigh de ar bhealach leordhóthanach, agus an tsláine sin a chothabháil i gcaitheamh shaolré oibríochtúil an chórais tiomána, agus ról an chórais tiomána maidir le coincheap foriomlán sábháilteachta an aerárthaigh á chur san áireamh.

1.2.2.

Ní mór an córas tiomána, laistigh dá theorainneacha luaite, an sá nó an chumhacht a éileofar air a tháirgeadh faoi na dálaí eitilte uile atá riachtanach, agus tionchair agus dálaí comhshaoil á gcur san áireamh.

1.2.3.

Ní mór iompraíocht struchtúrach aitheanta agus inatáirgthe teacht as an bpróiseas táirgthe agus as na hábhair a úsáidtear chun an córas tiomána a thógáil. Ní mór míniú a thabhairt ar aon athrú ar fheidhmíocht ábharach a bhfuil baint ag an timpeallacht oibríochtúil leis.

1.2.4.

Ní mór a áirithiú nach laghdóidh éifeachtaí na lódála timthriallaí, an díghrádaithe timpeallachta agus oibríochtúil sláine an chórais tiomána faoi bhun leibhéal inghlactha. Gach treoir atá riachtanach i dtaca leis an méid sin d'fhonn aeracmhainneacht leanúnach a áirithiú, ba cheart í a fhógairt.

1.2.5.

Ní mór gach treoir, gach faisnéis agus gach ceanglas is gá chun comhéadan sábháilte agus iomchuí a áirithiú idir an córas tiomána agus an t-aerárthach a fhógairt.

1.3.   Córais agus trealamh (nach trealamh neamhshuiteáilte é)

1.3.1.

Ní mór a áirithiú nach mbeidh aon ghnéithe deartha ná aon mhionsonraí deartha ag roinnt le haerárthach ar léir iad a bheith guaiseach ón taithí a fuarthas orthu go dtí seo.

1.3.2.

Ní mór a áirithiú go bhfeidhmeoidh an t-aerárthach, lena n-áirítear na córais agus an trealamh sin is gá chun dearadh cineáil an aerárthaigh a mheas, nó a bhfuil gá leo de réir rialacha oibriúcháin, mar atá beartaithe, faoi aon dálaí oibríochtúla ar féidir coinne a bheith leo, ar fud imchlúdach oibríochtúil an aerárthaigh, agus lasmuigh de ar bhealach leordhóthanach, agus timpeallacht oibríochtúil an chórais nó an trealaimh á cur san áireamh go hiomchuí. Aon chórais nó aon trealamh eile nach bhfuil riachtanach do dheimhniúchán cineáil, nó de réir rialacha oibriúcháin, bídís ag feidhmiú i gceart nó ná bíodh, níor cheart go laghdóidís an leibhéal sábháilteachta ná níor cheart go mbeadh drochthionchar acu ar fheidhmiú ceart aon chórais nó aon trealaimh eile. Ba cheart go mbeadh córais agus trealamh inoibrithe gan gá le scil eisceachtúil ná le neart eisceachtúil.

1.3.3.

Córais agus trealamh an aerárthaigh, arna meas astu féin agus ó thaobh an ghaoil atá eatarthu, ní mór iad a dhearadh ionas nach dtarlóidh cliseadh tromchúiseach de thoradh ar chliseadh aonair nár léiríodh gurbh fhíorbheag an seans go dtarlódh sé, agus ní mór coibhneas inbhéartach a bheith ann idir a dhóchúla atá sé go dtarlódh dála cliste agus déine na héifeachta a d'fhéadfadh a bheith ar an aerárthach agus ar na taistealaithe dá bharr. Maidir leis an gcritéar um chliseadh aonair thuas, tuigtear gur gá méid agus cumraíocht ghinearálta an aerárthaigh a chur san áireamh más iomchuí agus go bhféadfadh sé sin comhlíonadh an chritéir um chliseadh aonair a chosc i gcás roinnt comhpháirteanna agus roinnt córas ar héileacaptair agus ar eitleáin bheaga.

1.3.4.

Ní mór faisnéis atá riachtanach chun an eitilt a sheoladh go sábháilte agus faisnéis maidir le dálaí neamhshábháilte a chur ar fáil don fhoireann, nó do phearsanra cothabhála, más iomchuí, ar bhealach soiléir, comhsheasmhach agus neamh-dhébhríoch. Ní mór córais, trealamh agus rialtáin, lena n-áirítear comharthaí agus fógraí, a dhearadh agus a shuiteáil ar bhealach a laghdódh líon na mbotún a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le guaise.

1.3.5.

Ní mór réamhchúraimí maidir le dearadh a ghlacadh le guaiseacha a laghdú i leith an aerárthaigh agus na dtaistealaithe ó bhagairtí a bhfuil seans réasúnta ann go dtitfidh siad amach, bagairtí don tslándáil faisnéise san áireamh, laistigh agus lasmuigh den aerárthach araon, ar réamhchúraimí iad lena n-áirítear cosaint i gcoinne na féidearthachta go dtarlódh cliseadh suntasach i dtrealamh neamhshuiteáilte nó go ndéanfaí cur isteach air.

1.4.   Trealamh neamhshuiteáilte

1.4.1.

Ní mór, maidir le trealamh neamhshuiteáilte, go gcuirfear i gcrích mar atá beartaithe an fheidhm sábháilteachta atá aige nó feidhm eile a bhaineann le sábháilteacht, faoi aon dálaí oibríochtúla ar féidir coinne a bheith leo, ach amháin i gcás inar féidir an fheidhm sin a chur i gcrích ar mhodh eile.

1.4.2.

Ba cheart go mbeadh trealamh neamhshuiteáilte inoibrithe gan gá le scil eisceachtúil ná le neart eisceachtúil.

1.4.3.

Níor cheart go laghdódh trealamh neamhshuiteáilte an leibhéal sábháilteachta, bíodh an trealamh sin ag feidhmiú i gceart nó ná bíodh, agus níor cheart go mbeadh drochthionchar aige ar fheidhmiú ceart aon chórais, aon trealaimh nó aon fhearais eile.

1.5.   Aeracmhainneacht leanúnach

1.5.1.

Ní mór na doiciméid uile is gá, lena n-áirítear treoracha i leith aeracmhainneacht leanúnach, a bhunú agus a chur ar fáil d'fhonn a áirithiú go gcoinneofar ar bun, i gcaitheamh shaolré oibríochtúil an aerárthaigh, an caighdeán aeracmhainneachta a bhaineann leis an gcineál aerárthaigh agus le comhpháirteanna an aerárthaigh sin.

1.5.2.

Ní mór modhanna a chur ar fáil d'fhonn cigireacht, coigeartú nó bealú a dhéanamh ar chomhpháirteanna nó ar threalamh neamhshuiteáilte, nó comhpháirteanna agus trealamh neamhshuiteáilte a bhaint amach nó a athsholáthar de réir mar a bheidh gá leis sin d'fhonn aeracmhainneacht leanúnach a áirithiú.

1.5.3.

Ní mór na treoracha i leith aeracmhainneacht leanúnach a bheith i bhfoirm lámhleabhair, nó lámhleabhar, de réir mar is iomchuí do líon na sonraí a chuirfear ar fáil. Ní mór treoracha cothabhála agus deisiúcháin, agus faisnéis maidir le seirbhísiú, fabhtcheartú agus nósanna imeachta cigireachta, a chuimsiú sna lámhleabhair, i bhformáid a chuirfidh ar chumas duine socrú praiticiúil a dhéanamh.

1.5.4.

Ní mór teorainneacha aeracmhainneachta a bheith san áireamh sna treoracha i leith aeracmhainneacht leanúnach, teorainneacha lena leagtar amach gach tréimhse éigeantach athsholáthair, gach eatramh cigireachta agus gach nós imeachta cigireachta a ghabhann leis.

2.   GNÉITHE AERACMHAINNEACHTA A GHABHANN LE hOIBRIÚ TÁIRGE

2.1.

Ní mór a thaispeáint go ndearnadh an méid seo a leanas chun sábháilteacht a áirithiú dóibh siúd atá ar bord nó ar an talamh agus an táirge á oibriú:

(a) 

ní mór na cineálacha oibríochta dá bhfuil an t-aerárthach formheasta a leagan amach mar aon le teorainneacha agus faisnéis atá riachtanach lena oibriú go sábháilte, lena n-áirítear teorainneacha agus feidhmiú ó thaobh an chomhshaoil, a leagan amach;

(b) 

ní mór don aerárthach a bheith inrialaithe agus so-innealta go sábháilte faoi na dálaí oibríochtúla intuartha go léir lena n-áirítear i ndiaidh do cheann amháin de na córais tiomána cliseadh, nó, más iomchuí, i ndiaidh do níos mó ná ceann amháin de na córais tiomána cliseadh, agus méid an aerárthaigh chomh maith lena chumraíocht á gcur san áireamh. Ní mór neart an phíolóta, timpeallacht na deice eitilte, ualach oibre an phíolóta agus dálaí eile a bhfuil gné dhaonna ag baint leo, chomh maith le céim na heitilte agus fad na heitilte, a chur san áireamh go hiomchuí;

(c) 

ní mór a bheith in ann aistriú réidh a dhéanamh ó chéim eitilte amháin go céim eitilte eile gan leibhéal eisceachtúil scile píolótachta, aireachais, nirt ná ualaigh oibre a bheith de dhíth faoi aon cheann de na dálaí oibríochtúla is dócha a bheadh ann;

(d) 

ní mór a oiread cobhsaíochta a bheith san aerárthach agus a áiritheoidh nach mbeidh na héilimh a dhéanfar ar an bpíolóta iomarcach, agus céim na heitilte chomh maith lena fad á gcur san áireamh;

(e) 

ní mór nósanna imeachta a bhunú le haghaidh gnáthoibríochtaí, cliseadh agus coinníollacha éigeandála;

(f) 

ní mór foláirimh nó iombhagairtí eile a sholáthar atá ceaptha le cosc a chur le sárú an ghnáth-imchlúdaigh eitilte más iomchuí don chineál aerárthaigh atá i gceist;

(g) 

ní mór airíonna an aerárthaigh agus a chórais a cheadú go bhféadfaí filleadh go sábháilte ó dhálaí foircneacha imchlúdach na heitilte a d'fhéadfadh tarlú.

2.2.

Ní mór na srianta oibríochta agus aon fhaisnéis eile atá riachtanach chun eitilt a oibriú go sábháilte a chur ar fáil do na comhaltaí foirne.

2.3.

Ní mór oibríochtaí táirge a chosaint ó ghuaiseacha a eascróidh as dálaí seachtracha dochracha agus dálaí inmheánacha dochracha, lena n-áirítear coinníollacha comhshaoil:

(a) 

thar aon rud eile, agus más iomchuí de réir an chineáil oibríochta atá i gceist, níor cheart go dtiocfadh aon staid bhaolach as neamhchosaint ó fheiniméin a mbeifí ag súil leo go réasúnta agus táirge á oibriú, feiniméin amhail drochaimsir, tintreach, imbhualadh éin, réimsí radaithe ardmhinicíochta, ózón, etc., ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin, agus méid an aerárthaigh chomh maith lena chumraíocht á gcur san áireamh;

(b) 

ní mór d'urranna cábáin, más iomchuí de réir an chineáil oibríochtaí atá i gceist, dálaí oiriúnacha iompair a chur ar fáil do phaisinéirí chomh maith le cosaint iomchuí ó aon ghuais a mbeifí ag súil léi le linn oibríochtaí na heitilte nó de thoradh ar staideanna éigeandála, lena n-áirítear tine, deatach, gáis nimhiúla agus guaiseacha de thoradh ar dhí-chomhbhrú mear, agus méid an aerárthaigh chomh maith lena chumraíocht á gcur san áireamh. Ní mór socruithe a dhéanamh chun gach seans réasúnta a thabhairt do thaistealaithe gortú tromchúiseach a sheachaint agus an t-aerárthach a fhágáil go tapa agus chun taistealaithe a chosaint ó éifeacht na bhfórsaí luasmhoillithe i gcás tuirlingt éigeandála ar muir nó ar tír. Ní mór comharthaí nó fógraí atá soiléir agus gan athbhrí iontu a chur ar fáil, más gá, le hoiliúint a chur ar thaistealaithe maidir le hiompraíocht iomchuí shábháilte agus maidir le láthair agus ceartúsáid an trealaimh sábháilteachta. Ní mór teacht a bheith go héasca ar an trealamh sábháilteachta atá riachtanach;

(c) 

ní mór urranna na foirne, más iomchuí de réir an chineáil oibríochtaí atá i gceist, a bheith socraithe chun oibríochtaí eitilte a éascú, lena n-áirítear feasacht staide a chur ar fáil, agus chun aon staid nó aon éigeandálaí a bhfuiltear ag súil leo a bhainistiú. Ní mór timpeallacht urranna na foirne a bheith socraithe ar bhealach nach gcuirfeadh as do chumas na gcomhaltaí foirne a gcuid cúraimí a chur i gcrích agus caithfidh dearadh na n-urrann a bheith déanta ar bhealach a sheachnódh aon chur isteach ar oibríochtaí agus ar mhí-úsáid na rialtán.

3.   EAGRAÍOCHTAÍ (LENA nÁIRÍTEAR DAOINE NÁDÚRTHA) A THUGANN FAOI DHEARADH, TÁIRGEADH, BAINISTIÚ LEANÚNACH AR AERACMHAINNEACHT NÓ COTHABHÁIL)

3.1.

Más iomchuí don chineál gníomhaíochta atá i gceist, ní mór formheasanna eagraíochta a eisiúint nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

caithfidh na hacmhainní uile is gá le haghaidh raon feidhme na hoibre a bheith ag an eagraíocht. Áirítear orthu sin áiseanna, pearsanra, trealamh, ionstraimí agus ábhar, doiciméadacht cúraimí, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, ach gan bheith teoranta dóibh;

(b) 

más iomchuí de réir an chineáil gníomhaíochta a dhéanfar agus mhéid na heagraíochta féin, ní mór don eagraíocht córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras sin a fheabhsú go leanúnach;

(c) 

déanfaidh an eagraíocht socruithe a bhunú le heagraíochtaí ábhartha eile, más gá, chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais aeracmhainneachta fhíor-riachtanacha sin go leanúnach a leagtar amach san Iarscríbhinn seo;

(d) 

déanfaidh an eagraíocht córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe (b) agus na socruithe faoi phointe (c), d'fhonn cur leis an gcuspóir maidir le sábháilteachta a fheabhsú go leanúnach. Beidh an córas tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.

3.2.

Ní bhaineann na coinníollacha faoi phointí 3.1(c) agus 3.1(d) le heagraíochtaí oiliúna cothabhála.

3.3.

Daoine nádúrtha a dhéanann an chothabháil, ní mór dóibh leibhéal eolais theoiriciúil, scileanna praiticiúla agus taithí a fháil agus a choimeád de réir mar is iomchuí don chineál gníomhaíochta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.