+IARSCRÍBHINN V
|
IARSCRÍBHINN V
IARSCRÍBHINN V
Ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le hoibríochtaí aeir
1. GINEARÁLTA
|
1.1.
|
Níor cheart eitilt a dhéanamh mura mbeidh na comhaltaí foirne agus, más iomchuí, na pearsanra oibríochta eile uile atá bainteach le hullmhú na heitilte agus lena cur i bhfeidhm, eolach ar na dlíthe, ar na rialacháin agus ar na nósanna imeachta is infheidhme maidir le comhlíonadh a ndualgas agus atá forordaithe do na limistéir atá le trasnú, do na haeradróim a bhfuil sé i gceist feidhm a bhaint astu agus do na háiseanna aerloingseoireachta a bhaineann leo.
|
|
1.2.
|
Ní mór eitilt a dhéanamh ar bhealach lena ndeimhnítear go mbeifear ag cloí leis na nósanna imeachta oibriúcháin a shonraítear sa Lámhleabhar Eitilte nó, más gá, sa Lámhleabhar Oibríochta, maidir le hullmhú agus cur i gcrích na heitilte.
|
|
1.3.
|
Roimh gach eitilt, caithfidh róil agus dualgais gach comhalta foirne a bheith sainithe. Ní mór don phíolóta i gceannas a bheith freagrach as oibriú agus sábháilteacht an aerárthaigh agus as sábháilteacht na gcomhaltaí foirne, na bpaisinéirí agus an lasta ar fad atá ar bord.
|
|
1.4.
|
Aon earraí nó aon substaintí a d'fhéadfadh a bheith ina mbagairt shuntasach sláinte, sábháilteachta, maoine nó ina mbagairt ar an gcomhshaol, amhail earraí contúirteacha, airm agus armlón, níor cheart iad a thabhairt ar bord aon aerárthaigh, mura gcuirfear nósanna imeachta sonracha agus treoracha a bhaineann le sábháilteacht i bhfeidhm d'fhonn na rioscaí gaolmhara a mhaolú.
|
|
1.5.
|
Na sonraí, na doiciméid, na taifid agus an fhaisnéis uile is gá chun urramú na gcoinníollacha a shonraítear i bpointe 5.3 a thaifeadadh, ní mór iad a choinneáil i gcás gach eitilte agus a choimeád ar fáil agus a chosaint i gcoinne modhnú neamhúdaraithe ar feadh íostréimhse ama atá comhoiriúnach don chineál oibríochta atá i gceist.
|
2. ULLMHÚ EITILTE
Níor cheart eitilt a thosú murar cinntíodh ar bhealach réasúnta dá bhfuil ar fáil go bhfuiltear ag cloí leis na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
áiseanna leordhóthanacha a bheidh ag teastáil go díreach don eitilt agus d'oibriú sábháilte an aerárthaigh, lena n-áirítear áiseanna cumarsáide agus loingseoireachta, a bheith ar fáil chun an eitilt a chur i gcrích, agus doiciméadacht sin na Seirbhísí Faisnéise Aerloingseoireachta a bhfuil teacht uirthi á cur san áireamh;
(b)
ní mór an fhoireann agus na paisinéirí a bheith ar an eolas faoi shuíomh agus faoi úsáid an trealaimh éigeandála a bhaineann le hábhar. Ní mór dóthain faisnéise faoi nósanna imeachta éigeandála agus faoi úsáid trealaimh sábháilteachta cábáin a chur ar fáil don fhoireann agus do phaisinéirí, ar faisnéis í a bhaineann le hoibriú an aerárthaigh atá i gceist agus go sonrach leis an trealamh suiteáilte;
(c)
ní mór don phíolóta i gceannas a bheith deimhin de:
(i)
go bhfuil an t-aerárthach aeracmhainneach de réir mar a shonraítear i bpointe 6;
(ii)
má cheanglaítear sin, go bhfuil an t-aerárthach cláraithe go hiomchuí agus go bhfuil deimhnithe iomchuí i ndáil leis an méid sin ar bord an aerárthaigh;
(iii)
go bhfuil uirlisí agus trealamh de réir mar a shonraítear iad i bpointe 5, agus ar gá iad chun an eitilt sin a chur i gcrích, suiteáilte san aerárthach agus go bhfeidhmíonn siad, mura ndearnadh iad a tharscaoileadh faoin MEL is infheidhme nó faoi dhoiciméad coibhéiseach;
(iv)
go bhfuil mais an aerárthaigh agus an áit ina bhfuil an meáchanlár i gcóir chun gur féidir an eitilt a sheoladh laistigh de theorainneacha a fhorordaítear sa doiciméadacht aeracmhainneachta;
(v)
go bhfuil an bagáiste cábáin, an bagáiste boilg chomh maith leis an lasta luchtaithe agus socraithe i gceart; agus
(vi)
nach sárófar na srianta maidir le hoibriú aerárthaí a shonraítear i bpointe 4 ag aon am le linn na heitilte;
(d)
ní mór faisnéis faoi dhálaí meitéareolaíochta don aeradróm imeachta, don aeradróm cinn scríbe agus, más infheidhme, d'aeradróim mhalartacha, chomh maith le faisnéis faoi dhálaí faoi bhealach, a bheith ar fáil d'fhoireann na heitilte. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar dhálaí atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith guaiseach;
(e)
ní mór bearta maolaithe nó pleananna teagmhasacha a bheith i bhfeidhm chun dul i ngleic le dálaí atmaisféir a d'fhéadfadh a bheith contúirteach a bhfuil coinne leo le linn na heitilte;
(f)
le haghaidh eitilt atá bunaithe ar rialacha amharc-eitilte, ní mór dálaí meitéareolaíochta ar feadh an aerbhealaigh ar a mbeifear a bheith i gcóir chun gur féidir cloí leis na rialacha eitilte sin. Le haghaidh eitilt bunaithe ar rialacha uirlisí eitilte ní mór ceann scríbe a roghnú agus, más gá, ní mór aeradróm malartach nó aeradróim mhalartacha a roghnú inar féidir leis an aerárthach tuirlingt, agus na dálaí meitéareolaíochta atá tuartha á gcur san áireamh go sonrach chomh maith le hinfhaighteacht seirbhísí aerloingseoireachta, infhaighteacht áiseanna talún agus na nósanna imeachta eitilte uirlise arna bhformheas ag an Stát ina bhfuil an ceann scríbe agus/nó an t-aeradróm malartach sin suite;
(g)
ní mór breosla/fuinneamh leordhóthanach le haghaidh tiomána a bheith ar bord, chomh maith le tomhaltán leordhóthanach, chun a áirithiú gur féidir an eitilt atá i gceist a thabhairt chun críche go sábháilte, agus dálaí meitéareolaíochta á gcur san áireamh chomh maith le haon ní eile a théann i bhfeidhm ar fheidhmiú an aerárthaigh agus aon mhoill lena bhfuil coinne le linn eitilte. Lena chois sin, ní mór cúltaisce breosla/fuinnimh a bheith ar bord chun soláthar a dhéanamh le haghaidh teagmhas. Ní mór nósanna imeachta a bhunú maidir le bainistíocht breosla/fuinnimh le linn eitilte nuair a bhaineann sin le hábhar.
3. OIBRÍOCHTAÍ EITILTE
Maidir le hoibríochtaí eitilte, ní mór na coinníollacha uile seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
más iomchuí de réir an chineáil aerárthaigh atá i gceist, le linn éirí de thalamh agus tuirlingthe, agus aon uair a mheasann an píolóta i gceannas gur gá sin ar mhaithe le sábháilteacht, ní mór do gach comhalta foirne a bheith ina shuí nó ina suí ag a stáisiún foirne agus na córais srianta a chuirtear ar fáil a úsáid;
(b)
más iomchuí de réir an chineáil aerárthaigh atá i gceist, ní mór do na comhaltaí foirne eitilte go léir a n-iarrtar orthu a bheith ar dualgas ar an deic eitilte, a bheith ag a stáisiún, agus fanacht ag a stáisiún, agus a gcrios sábhála fáiscthe orthu ach amháin fad a bheidh siad faoi bhealach ar mhaithe le riachtanais fiseolaíochta nó oibríochtúla;
(c)
más iomchuí de réir an chineáil aerárthaigh atá i gceist agus an chineáil oibríochta, roimh éirí de thalamh agus roimh thuirlingt, le linn a innealta agus nuair a mheastar go bhfuil sé riachtanach ar mhaithe le sábháilteacht, ní mór don phíolóta i gceannas a áirithiú go bhfuil gach paisinéir suite go hiomchuí agus go bhfuil an crios sábhála ceangailte go slán;
(d)
ní mór eitilt a dhéanamh i dtreo is go mbeidh spás iomchuí fágtha idir an t-aerárthach agus aerárthaí eile agus gur leor an réiteach constaicí a dhéanfar, ag gach céim den eitilt. Ar a laghad, ní mór an spás sin a bheith de réir na spásanna a cheanglaítear leis na rialacha aeir is infheidhme, más iomchuí don chineál oibríochta atá i gceist;
(e)
níor cheart leanúint d'eitilt mura leanfaidh na dálaí aitheanta de bheith i gcoibhéis leo siúd i bpointe 2, ar a laghad. Ina theannta sin, le haghaidh eitilt atá bunaithe ar rialacha uirlisí eitilte, níor cheart leanúint d'ascnamh i dtreo aeradróim faoi bhun airde shonraithe nó thar shuíomh áirithe mura gcomhlíonfar critéir fhorordaithe léargais;
(f)
i gcás éigeandála, ní mór don phíolóta i gceannas a áirithiú go dtugtar treoir don uile phaisinéir faoin ngníomh éigeandála ab iomchuí de réir na gcúinsí sin;
(g)
ní mór don phíolóta i gceannas gach beart is gá a dhéanamh chun iarmhairtí iompair thoirmeascaigh paisinéirí ar an eitilt a laghdú;
(h)
níor cheart aerárthach a inleadh ar an talamh i limistéar gluaiseachta aeradróim, ná a rótar a chasadh faoi chumhacht, mura bhfuil an duine atá ag na rialtáin inniúil mar is iomchuí;
(i)
ní mór na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bainistíocht breosla/fuinnimh le linn na heitilte a leanúint, nuair is ábhartha.
4. FEIDHMIÚ AERÁRTHAÍ AGUS SRIANTA OIBRÍOCHTÚLA
|
4.1.
|
Ní mór aerárthach a oibriú i gcomhréir lena dhoiciméadacht aeracmhainneachta agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta oibríochta agus leis na teorainneacha gaolmhara uile faoi mar a chuirtear in iúl iad ina lámhleabhar eitilte formheasta nó i ndoiciméadacht choibhéiseach, de réir mar a bheidh. Ní mór teacht a bheith ag an bhfoireann ar an lámhleabhar eitilte nó ar dhoiciméadacht choibhéiseach agus ní mór iad a choinneáil cothrom le dáta le haghaidh gach aerárthaigh.
|
|
4.2.
|
D'ainneoin phointe 4.1, maidir le hoibríochtaí ar héileacaptair, féadfar eitilt mheandair tríd an imchlúdach teorantach treoluais agus airde a cheadú ar choinníoll go n-áirithítear an tsábháilteacht.
|
|
4.3.
|
Ní mór an t-aerárthach a oibriú i gcomhréir leis an doiciméadacht chomhshaoil is infheidhme.
|
|
4.4.
|
Níor cheart tús a chur le heitilt nó leanúint di mura bhfágfaidh feidhmiú sceidealta an aerárthaigh, agus na fachtóirí uile a théann i bhfeidhm go mór ar a leibhéal feidhmiúlachta á gcur san áireamh, gur féidir gach céim den eitilt a dhéanamh laistigh de na hachair/na réimsí agus de na réitigh maidir le constaicí is infheidhme ag an mais oibríochta phleanáilte. Seo a leanas fachtóirí feidhmiúlachta ar leith a théann go mór i bhfeidhm ar éirí de thalamh agus ar thuirlingt go sonrach:
(a)
nósanna imeachta oibríochta;
(c)
an aimsir (an teocht, an ghaoth, an deascán agus réimse amhairc);
(d)
méid, fána agus staid an limistéir éirí de thalamh/tuirlingthe; agus
(e)
staid an aerfhráma, an ghléasra cumhachta nó na gcóras, á chur san áireamh go bhféadfadh meath a bheith i gceist.
|
|
4.5.
|
Ní mór na fachtóirí sin a chur san áireamh go díreach mar pharaiméadair oibríochtúla nó go hindíreach trí liúntais nó corrlaigh, a d'fhéadfaí a sholáthar i sceidealú na sonraí feidhmiúlachta, más iomchuí de réir an chineáil oibríochta atá i gceist.
|
5. UIRLISÍ, SONRAÍ AGUS TREALAMH
|
5.1.
|
Ní mór gach trealamh aerloingseoireachta agus cumarsáide agus gach trealamh eile is gá le haghaidh na heitilte atá beartaithe a chur ar aerárthach, agus na rialacháin aerthráchta agus na rialacha aeir is infheidhme ag aon chéim den eitilt á gcur san áireamh.
|
|
5.2.
|
Nuair is iomchuí, ní mór gach trealamh sábháilteachta, leighis, aslonnaithe agus marthanais is gá a chur ar aerárthach, agus na rioscaí a bhaineann leis na réimsí oibríochta, leis na bealaí a eitleofar, le hairde na heitilte chomh maith lena fad á gcur san áireamh.
|
|
5.3.
|
Na sonraí uile is gá chun go gcuirfidh an fhoireann an eitilt i gcrích, ní mór iad a thabhairt cothrom le dáta agus fáil a bheith orthu ar bord an aerárthaigh, agus rialacháin aerthráchta, rialacha an aeir, airde eitiltí chomh maith leis na réimsí oibríochta is infheidhme á gcur san áireamh.
|
6. AERACMHAINNEACHT AR BHONN LEANÚNACH AGUS COMHOIRIÚNACHT CHOMHSHAOIL TÁIRGÍ
|
6.1.
|
Níor cheart an t-aerárthach a oibriú:
(a)
mura bhfuil an t-aerárthach aeracmhainneach agus i riocht a oibrithe go sábháilte agus i gcomhoiriúnacht don chomhshaol;
(b)
mura mbeidh an trealamh oibríochta agus éigeandála is gá le haghaidh na heitilte atá i gceist inseirbhíse;
(c)
mura mbeidh doiciméad aeracmhainneachta an aerárthaigh bailí agus, más infheidhme, mura mbeidh a dheimhniú torainn bailí; agus
(d)
mura ndéanfar cothabháil an aerárthaigh ar bhealach atá i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme.
|
|
6.2.
|
Roimh gach eitilt nó sraith eitiltí comhleanúnacha, ní mór an t-aerárthach a iniúchadh, trí sheiceáil réamh-eitilte, chun a chinneadh an bhfuil sé oiriúnach don eitilt atá beartaithe.
|
|
6.3.
|
Níor cheart an t-aerárthach a oibriú mura scaoilfear amach é le haghaidh seirbhíse ag daoine nó eagraíochtaí cáilithe, i ndiaidh a chothabhála. Go sonrach, ní mór sonraí bunúsacha na cothabhála a rinneadh a bheith ar an scaoileadh sínithe le haghaidh seirbhíse.
|
|
6.4.
|
Na taifid sin is gá chun aeracmhainneacht an aerárthaigh agus a stádas comhoiriúnachta comhshaoil a léiriú, ní mór iad a choinneáil agus a chosaint i gcoinne modhnú neamhúdaraithe ar feadh na tréimhse sin atá leagtha síos sna ceanglais aeracmhainneachta leanúnaí is infheidhme, go dtí go dtiocfaidh faisnéis nua in ionad na faisnéise atá iontu, atá coibhéiseach i raon agus i sonraí agus, ar chaoi ar bith, nach lú an tréimhse a choinnítear iad ná 24 mhí.
|
|
6.5.
|
Ní mór gach modhnú agus gach cóiriú dá ndéanfar na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haeracmhainneacht agus, más infheidhme, maidir le comhoiriúnacht chomhshaoil táirgí, a chomhlíonadh. Ní mór na sonraí sin lena léirítear gur comhlíonadh na ceanglais fhíor-riachtanacha maidir le haeracmhainneacht agus ceanglais maidir le comhoiriúnacht chomhshaoil táirgí a choinneáil agus a chosaint i gcoinne modhnú neamhúdaraithe.
|
|
6.6.
|
I gcás ina mbeidh tríú páirtí i mbun na cothabhála, is faoin oibreoir aerárthaí a áirithiú go gcomhlíonfaidh tríú páirtí a dhéanann an chothabháil ceanglais sábháilteachta agus slándála an oibreora.
|
7. COMHALTAÍ FOIRNE
|
7.1.
|
Ní mór líon agus comhdhéanamh na foirne a chinneadh, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh:
(a)
teorainneacha deimhniúcháin an aerárthaigh, lena n-áirítear, más infheidhme, an léiriú aslonnaithe éigeandála a bhaineann le hábhar;
(b)
cumraíocht an aerárthaigh; agus
(c)
cineál agus fad na n-oibríochtaí.
|
|
7.2.
|
Ní mór é a bheith d'údarás ag an bpíolóta i gceannas an uile ordú a thabhairt agus aon bhearta iomchuí a dhéanamh ar mhaithe le hoibríocht agus sábháilteacht an aerárthaigh agus ar mhaithe le hoibríocht agus sábháilteacht na ndaoine agus/nó na maoine atá á n-iompar nó á hiompar ann a áirithiú.
|
|
7.3.
|
I gcás éigeandála a chuireann oibríocht nó sábháilteacht an aerárthaigh agus/nó daoine ar bord i mbaol, ní mór don phíolóta i gceannas aon bheart is gá dar leis/léi a dhéanamh ar mhaithe le sábháilteacht. Nuair a ghabhann sárú rialachán nó nósanna imeachta áitiúla leis na bearta sin, ní mór don phíolóta i gceannas a bheith freagrach as an údarás áitiúil iomchuí a chur ar an eolas mar gheall air sin gan mhoill.
|
|
7.4.
|
Gan dochar do phointe 8.12, aon uair a bhíonn daoine eile á n-iompar ar bord, ní féidir staideanna éigeandála nó neamhghnácha a ionsamhlú ach amháin i gcás inar cuireadh na daoine sin ar an eolas go cuí agus i gcás ina bhfuil siad feasach ar na rioscaí gaolmhara roimh dhul ar bord na heitilte dóibh.
|
|
7.5.
|
Níor cheart d'aon chomhalta foirne ligean do chur i gcrích a chúraimí/dá chinnteoireacht meathlú sa chaoi go gcuirtear sábháilteacht eitilte i mbaol de bharr tuirse, agus carnadh tuirse, easpa codlata, líon na n-earnálacha ar eitlíodh iontu, dualgais san oíche nó athruithe amchreasa, inter alia, á gcur san áireamh. I dtaca le tréimhsí scíthe, ní mór go leor ama a bheith i gceist leo chun a chur ar chumas comhaltaí foirne éifeachtaí na ndualgas roimhe sin a chur díobh agus a bheith tagtha chucu féin faoi thús na chéad tréimhse dualgais eitilte eile.
|
|
7.6.
|
Níor cheart do chomhalta foirne na dualgais sin a leithdháiltear air nó uirthi a fheidhmiú ar bord aerárthaigh agus é nó í faoi thionchar substaintí sícighníomhacha nó alcóil nó nuair nach bhfuil sé nó sí ina shláinte nó ina sláinte de dheasca gortú, tuirse, cógais, tinnis nó cúiseanna eile den sórt sin.
|
8. CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE hAERIOMPAR TRÁCHTÁLA AGUS LE hOIBRÍOCHTAÍ EILE ATÁ FAOI RÉIR CEANGLAS DEIMHNIÚCHÁIN NÓ CEANGLAS DEARBHAITHE AGUS A DHÉANTAR LE hEITLEÁIN, LE HÉILEACAPTAIR NÓ LE hAERÁRTHACH CLAONRÓTAIR
|
8.1.
|
Ní fhéadfar an oibríocht a dhéanamh mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní mór an acmhainn is gá le haghaidh scála agus raon na n-oibríochtaí a bheith ag an oibreoir aerárthaí, cibé acu go díreach é nó de thoradh comhaontuithe le tríú páirtithe. Áirítear ar an acmhainn sin aerárthaí, áiseanna, struchtúr bainistíochta, pearsanra, trealamh, doiciméadacht tascanna, freagrachtaí agus nósanna imeachta, rochtain ar shonraí ábhartha agus coimeád taifead, gan a bheith teoranta dóibh;
(b)
ní mór don oibreoir aerárthaí pearsanra cuícháilithe agus cuí-oilte agus iad sin amháin a úsáid, chomh maith le cláir oiliúna agus seiceála a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun le haghaidh chomhaltaí na foirne agus aon phearsanra ábhartha atá riachtanach chun a áirithiú go mbeidh a gcuid deimhnithe, rátálacha agus cáilíochtaí cothrom le dáta;
(c)
de réir mar is iomchuí don chineál gníomhaíochta a dhéanfar agus do mhéid na heagraíochta féin, ní mór don oibreoir aerárthaí córas bainistíochta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais fhíor-riachtanacha sin a leagtar amach san Iarscríbhinn seo go ndéanfar rioscaí sábháilteachta a bhainistiú agus go bhféachfar leis an gcóras seo a fheabhsú go leanúnach;
(d)
déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí córas tuairiscithe tarluithe a bhunú mar chuid den chóras bainistíochta faoi phointe (c) d'fhonn cur leis an gcuspóir maidir le sábháilteacht a fheabhsú go leanúnach. Beidh an córas tuairiscithe tarluithe i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.
|
|
8.2.
|
Is ceart an oibríocht a dhéanamh de réir lámhleabhar oibríochta oibreora aerárthaí agus dá réir sin amháin. Cuimseofar sa lámhleabhar sin na treoracha, an fhaisnéis agus na nósanna imeachta uile is gá le haghaidh gach aerárthaigh dá n-oibrítear agus chun gur féidir leis an bpearsanra oibriúcháin a gcuid dualgas a chomhlíonadh. Ní mór na teorainneacha is infheidhme maidir le hamanna eitilte, tréimhsí dualgais eitilte agus tréimhsí scíthe don fhoireann a shonrú. Ní mór an lámhleabhar oibríochta agus aon leasuithe a dhéanfar air a bheith de réir an lámhleabhair eitilte fhormheasta agus ní mór é a leasú más gá.
|
|
8.3.
|
Déanfaidh an t-oibreoir aerárthaí nósanna imeachta a bhunú, de réir mar is iomchuí, chun iarmhairtí iompair thoirmeascaigh paisinéirí ar oibríochtaí eitilte sábháilte a íoslaghdú.
|
|
8.4.
|
Ní mór don oibreoir aerárthaí cláir shlándála a fhorbairt agus a choinneáil ar bun atá curtha in oiriúint don aerárthach agus don chineál oibríochta, lena n-áirítear go háirithe:
(a)
slándáil urrann na foirne eitilte;
(b)
seicliosta nósanna imeachta maidir le cuardach aerárthaí;
(d)
córais leictreonacha agus córais ríomhairí a chosaint sa chaoi go gcoiscfear aon chur isteach nó éilliú a dhéanfaí orthu, cibé acu d'aon ghnó nó de neamhthoil é sin.
|
|
8.5.
|
Nuair a d'fhéadfadh bearta slándála tionchar diúltach a imirt ar shábháilteacht oibríochtaí, ní mór na rioscaí a mheasúnú agus nósanna imeachta iomchuí a fhorbairt chun rioscaí sábháilteachta a mhaolú; d'fhéadfadh sé go mbeadh gá le saintrealamh chun é sin a dhéanamh.
|
|
8.6.
|
Ní mór don oibreoir aerárthaí aon phíolóta amháin as foireann na heitilte a ainmniú mar phíolóta i gceannas.
|
|
8.7.
|
Ní mór bainistiú a dhéanamh ar chosc tuirse trí bhíthin córas bainistíochta tuirse. Le haghaidh eitilte, nó sraith eitiltí, ní mór am eitilte, tréimhsí dualgais agus tréimhsí scíthe oiriúnaithe a chur san áireamh sa chóras réamhráite. Ní mór na teorainneacha a bhunaítear laistigh den chóras bainistíochta tuirse na fachtóirí ábhartha uile a chuireann le tuirse a chur san áireamh amhail, go háirithe, líon na gcriosanna trínar eitlíodh, trasnú amchriosanna, easpa codlata, cur isteach ar rithim laethúil na colainne, uaireanta oíche, suiteáil, am dualgais carnach ar feadh tréimhsí áirithe, cúraimí leithdháilte a roinntear ar chomhaltaí foirne chomh maith le soláthar foirne méadaithe.
|
|
8.8.
|
Ní mór don oibreoir aerárthaí a áirithiú go bhfuil na cúraimí a shonraítear i bpointe 6.1 agus na cúraimí a thuairiscítear i bpointe 6.4 agus i bpointe 6.5 á rialú ag eagraíocht atá freagrach as bainistíocht aeracmhainneachta leanúnaí, eagraíocht nach mór di na ceanglais atá in Iarscríbhinn II, pointe 3.1 agus in Iarscríbhinn III, pointe 7 agus pointe 8 a chomhlíonadh.
|
|
8.9.
|
Ní mór don oibreoir aerárthaí a áirithiú go n-eiseoidh eagraíocht atá cáilithe i gcothabháil táirgí, páirteanna agus trealaimh neamhshuiteáilte an scaoileadh chun seirbhíse a cheanglaítear le pointe 6.3. Ní mór don eagraíocht sin na ceanglais atá in Iarscríbhinn II, pointe 3.1 a chomhlíonadh.
|
|
8.10.
|
Bunóidh an eagraíocht dá dtagraítear i bpointe 8.8 lámhleabhar eagraíochta chun go n-úsáidfidh an pearsanra lena mbaineann é agus chun treoir a thabhairt dóibh ina soláthrófar cur síos ar nósanna imeachta uile na heagraíochta maidir le haeracmhainneacht leanúnach.
|
|
8.11.
|
Ní mór córas seicliosta a bheith ar fáil, más infheidhme, chun go n-úsáidfidh an fhoireann é ag gach céim d'oibriú an aerárthaigh i ndálaí agus i suímh choitianta, i ndálaí agus i suímh neamhghnácha agus i ndálaí agus i suímh éigeandála. Ní mór nósanna imeachta a bhunú maidir le haon suíomh éigeandála a mbeadh coinne réasúnta leis.
|
|
8.12.
|
Níor cheart suímh éigeandála nó suímh neamhghnácha a ionsamhlú nuair atá paisinéirí á n-iompar nó lasta á iompar.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1139
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|