+IARSCRÍBHINN I

IARSCRÍBHINN I




IARSCRÍBHINN I

CREAT GINEARÁLTA LE hAGHAIDH PLEANANNA COMHTHÁITE NÁISIÚNTA FUINNIMH AGUS AERÁIDE

Cuid 1

Creat ginearálta

ROINN A: PLEAN NÁISIÚNTA

1.   FORLÉARGAS AGUS PRÓISEAS LENA mBUNAÍTEAR AN PLEAN

1.1.   Achoimre feidhmiúcháin

i. 

Comhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta an phlean

ii. 

Straitéis a bhaineann le cúig ghné an Aontais Fuinnimh

iii. 

Tábla forléargais le príomhchuspóirí, beartais agus bearta an phlean

1.2.   Forléargas ar staid reatha an bheartais

i. 

Córas fuinnimh náisiúnta agus córas fuinnimh an Aontais agus comhthéacs beartais an phlean náisiúnta

ii. 

Na beartais agus na bearta fuinnimh reatha a bhaineann le cúig ghné an Aontais Fuinnimh

iii. 

Príomhcheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo

iv. 

An struchtúr riaracháin a bhaineann le beartais náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid a chur chun feidhme

1.3.   Comhairliúcháin agus rannpháirtíocht eintiteas náisiúnta agus eintitis an Aontais agus an toradh a bhí orthu

i. 

Rannpháirtíocht na parlaiminte náisiúnta

ii. 

Rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach

iii. 

Comhairliúcháin le geallsealbhóirí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus an phobail i gcoitinne

iv. 

Comhairliúchán le Ballstáit eile

v. 

Próiseas atriallach leis an gCoimisiún

1.4.   Comhar réigiúnach in ullmhú an phlean

i. 

Gnéithe atá faoi réir comhphleanála nó faoi réir pleanáil chomhordaithe le Ballstáit eile

ii. 

Míniúchán ar an gcaoi a ndéantar comhar réigiúnach a mheas sa phlean

2.   CUSPÓIRÍ AGUS SPRIOCANNA NÁISIÚNTA

2.1.   An ghné “dícharbónú”

2.1.1.   Astaíochtaí agus aistrithe GCT ( 5 )

i. 

Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (a)(1) d'Airteagal 4

ii. 

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus spriocanna náisiúnta eile i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus na straitéisí fadtéarmacha tá ann cheana. I gcás inarb infheidhme chun rannchuidiú le gealltanas foriomlán an Aontais maidir leis na hastaíochtaí GCT a laghdú, cuspóirí agus spriocanna eile, lena n-áirítear spriocanna earnála agus spriocanna oiriúnaithe, má tá siad ar fáil

2.1.2.   Fuinneamh in-athnuaite

i. 

Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4

ii. 

Na conairí measta don sciar earnálach den fhuinneamh in-athnuaite i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030 in earnálacha an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe, agus an iompair

iii. 

Na conairí measta de réir teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát í a úsáid chun na conairí earnálacha agus foriomlána maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach ó 2021 go 2030 lena n-áirítear olltomhaltas fuinnimh iomlán measta deiridh de réir teicneolaíochta agus earnála i meigeathonnaí ola, agus iomlán an chumais a bhfuil sé beartaithe é a shuiteáil (roinnte ar chumas nua agus ar athchumhachtú) de réir teicneolaíochta agus earnála in MW

iv. 

Na conairí measta maidir le héileamh ar bhithfhuinneamh, á ndí-chomhshuimiú idir teas, leictreachas agus iompar, agus maidir le soláthar bithmhaise trí bhunábhair, agus trí thionscnamh (idirdhealú a dhéanamh idir tháirgeadh intíre agus allmhairí). Maidir le bithmhais foraoise, measúnú ar a foinse agus ar a tionchar ar an linn LULUCF

v. 

I gcás inarb infheidhme, conairí agus cuspóirí náisiúnta eile lena n-áirítear cinn fhadtéarmacha agus earnálacha (e.g. sciar fuinnimh in-athnuaite i dtéamh ceantair, úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh, fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha, pobail fuinnimh in-athnuaite agus féin-tomhaltóirí in-athnuaite, fuinneamh arna athshlánú ón sloda a fhaightear trí chóireáil fuíolluisce)

2.2.   An ghné “éifeachtúlacht fuinnimh”

i. 

Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (b) d'Airteagal 4

ii. 

Na garspriocanna táscacha do 2030, 2040 agus 2050, na táscairí dul chun cinn intomhaiste a bhunaítear ar bhonn intíre, meastachán fianaise bhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta lena bhfuiltear ag súil agus a mhéid a rannchuidíonn siad le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a áirítear sna treochláir a leagtar amach sna straitéisí athchóirithe fadtéarmacha le haghaidh stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE

iii. 

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta eile, lena n-áirítear spriocanna fadtéarmacha nó straitéisí agus spriocanna earnálacha, agus cuspóirí náisiúnta i réimsí mar éifeachtúlacht fuinnimh in earnáil an iompair agus i dtaca le téamh agus fuarú

2.3.   An ghné “slándáil fuinnimh”

i. 

Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (c) d'Airteagal 4

ii. 

Cuspóirí náisiúnta i ndáil le méadú a dhéanamh ar: éagsúlú foinsí agus soláthair fuinnimh ó thríú tíortha chun athléimneacht na gcóras réigiúnach agus náisiúnta fuinnimh a mhéadú

iii. 

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil le spleáchas ar allmhairiú fuinnimh ó thríú tíortha a laghdú, chun athléimneacht na gcóras réigiúnach agus náisiúnta fuinnimh a mhéadú

iv. 

Cuspóirí náisiúnta i ndáil le solúbthacht an chórais náisiúnta fuinnimh a mhéadú, go háirithe trí fhoinsí fuinnimh intíre, freagairt ar éileamh agus stóráil fuinnimh a chur chun tairbhe

2.4.   An ghné “margadh inmheánach fuinnimh”

2.4.1.   Idirnascacht leictreachais

i. 

An leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil sé mar aidhm ag an mBallstát é a bheith bainte amach in 2030 i bhfianaise na sprice idirnascachta leictreachais dar luach 15 % ar a laghad faoi 2030, trí bhíthin straitéis lena ndéanfar an leibhéal don tréimhse ó 2021 amach a shainiú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit dá ndéanfar difear, agus sprioc idirnascachta 10 % do 2020 agus na táscairí seo a leanas maidir le práinn na gníomhaíochta á gcur san áireamh:

(1) 

Difreálach praghsanna ar an margadh mórdhíola is mó ná tairseach táscach dar luach EUR 2/MWh idir na Ballstáit, na réigiúin, nó na limistéir thairisceana;

(2) 

Cumas tarchuradóireachta ainmniúil idirnascairí faoi bhun 30 % den bhuaiclód;

(3) 

Cumas tarchuradóireachta ainmniúil idirnascairí faoi bhun 30 % de ghiniúint in-athnuaite atá suiteáilte.

Beidh gach idirnascaire nua faoi réir anailís costais is tairbhe socheacnamaíoch agus comhshaoil agus ní ceart iad a chur chun feidhme ach i gcás inar mó na tairbhí féideartha ná na costais.

2.4.2.   Bonneagar tarchurtha fuinnimh

i. 

Tionscadail ríthábhachtacha bonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis, agus, i gcás inarb ábhartha, tionscadail ábhartha nuachóirithe, a bhfuil gá leo chun cuspóirí agus spriocanna faoi na cúig ghné de Straitéis an Aontais Fuinnimh a bhaint amach

ii. 

I gcás inarb infheidhme, príomhthionscadal bonneagair atá beartaithe seachas Tionscadail Leasa Choitinn ( 6 )

2.4.3.   Comhtháthú margaidh

i. 

Cuspóirí náisiúnta a bhaineann le gnéithe eile den mhargadh inmheánach fuinnimh, amhail solúbthacht an chórais a mhéadú, go háirithe maidir le praghsanna leictreachais a chinntear go hiomaíoch a chur chun cinn i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha, comhtháthú margaidh agus cúpláil mhargaidh, agus é mar aidhm leis sin acmhainn intrádála na n-idirnascairí atá ann cheana, eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú, lena n-áirítear tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

ii. 

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach an fhuinnimh in-athnuaite, na freagartha don éileamh agus na stórála, lena n-áirítear trí chomhiomlánú, i ngach margadh fuinnimh, lena n-áirítear tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

iii. 

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil lena áirithiú go mbeidh tomhaltóirí rannpháirteach sa chóras fuinnimh agus go dtairbheoidh siad d'fhéinghiniúint agus teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear méadair chliste;

iv. 

Cuspóirí náisiúnta maidir le leordhóthanacht an chórais leictreachais a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, chomh maith le solúbthacht an chórais fuinnimh i dtaca le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

v. 

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta chun tomhaltóirí fuinnimh a chosaint, agus iomaíochas na hearnála fuinnimh miondíola a fheabhsú

2.4.4.   Bochtaineacht fuinnimh

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil le bochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear tráthchlár don uair atá na cuspóirí le baint amach

2.5.   An ghné “taighde, nuálaíocht agus iomaíochas”

i. 

Cuspóirí náisiúnta agus spriocanna cistiúcháin do thaighde agus nuálaíocht phoiblí agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, do thaighde agus nuálaíocht phríobháideach a bhaineann leis an Aontas Fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

ii. 

I gcás ina bhfuil siad ar fáil, cuspóirí náisiúnta do 2050 a bhaineann le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a chur chun cinn agus, i gcás inarb iomchuí, cuspóirí náisiúnta lena n-áirítear spriocanna fadtéarmacha (2050) chun leas a bhaint as teicneolaíochtaí ísealcharbóin chun dícharbónú a dhéanamh ar earnálacha fuinnimh agus tionsclaíocha a bhfuil lorg mór carbóin acu agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh bonneagair ghaolmhair um iompar, úsáid agus stóráil carbóin

iii. 

I gcás inarb infheidhme, spriocanna náisiúnta i ndáil le hiomaíochas

3.   BEARTAIS AGUS BEARTA

3.1.   An ghné “dícharbónú”

3.1.1.   Astaíochtaí agus aistrithe GCT

▼M2

i. 

Beartais agus bearta chun an sprioc a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842 dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 den Roinn seo a bhaint amach agus beartais agus bearta chun Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, lena gcumhdófaí na príomhearnálacha uile i dtaca le hastú agus na hearnálacha i dtaca le feabhsúchán ar aistrithe, ag féachaint do chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119

▼B

ii. 

I gcás inarb ábhartha, comhar réigiúnach sa réimse seo

iii. 

Gan dochar d'infheidhmeacht na rialacha maidir le státchabhair, bearta maoiniúcháin, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme

3.1.2.   Fuinneamh in-athnuaite

i. 

Beartais agus bearta chun an rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais do 2030 a bhaint amach, sprioc a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus conairí dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d'Airteagal 4, agus, i gcás inarb infheidhme nó i gcás ina bhfuil siad ar fáil, na heilimintí dá dtagraítear i bpointe 2.1.2 den Iarscríbhinn seo, lena n-áirítear bearta atá sonrach don earnáil agus don teicneolaíocht ( 7 )

ii. 

I gcás inarb ábhartha, bearta sonracha maidir le comhar réigiúnach, agus, mar rogha, an rótháirgeadh fuinnimh measta a thagann ó fhoinsí in-athnuaite, fuinneamh a d'fhéadfaí a aistriú go dtí Ballstáit eile chun an rannchuidiú náisiúnta agus conairí náisiúnta dá dtagraítear i bpointe 2.1.2, a bhaint amach

iii. 

I gcás inarb infheidhme, bearta sonracha maidir le tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, i gcomhair táirgeadh agus úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn maidir le leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar

iv. 

I gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tacaíocht don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá le tabhairt ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(4) de Threoir (AE) 2018/2001

v. 

Bearta sonracha chun pointe teagmhála amháin nó níos mó a thabhairt isteach, nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú chun éifeachta, faisnéis agus oiliúint a sholáthar, agus ráta glactha na gcomhaontuithe ceannacháin cumhachta a éascú

Achoimre ar na beartais agus na bearta faoin gcreat cumasúcháin nach mór do na Ballstáit a chur ar bun de bhun Airteagal 21(6) agus Airteagal 22(5) de Threoir (AE) 2018/2001 chun forbairt an fhéintomhaltais agus na bpobal fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus a éascú

vi. 

Measúnú ar an riachtanas le bonneagar nua a thógáil do théamh agus fuarú ceantair a tháirgtear as foinsí in-athnuaite

vii. 

I gcás inarb infheidhme, bearta sonracha maidir le húsáid fuinnimh a thagann as bithmhais, go háirithe do shlógadh nua bithmhaise, a chur chun cinn, agus na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

— 
infhaighteacht bhithmhaise, lena n-áirítear bithmhais inbhuanaithe: idir acmhainneacht intíre agus allmhairí ó thríú tíortha
— 
úsáidí eile bithmhaise in earnálacha eile (earnálacha talmhaíochta agus foraoisbhunaithe); mar aon le bearta maidir le hinbhuanaitheacht táirgeadh agus úsáid bhithmhaise

3.1.3.   Eilimintí eile den ghné

i. 

I gcás inarb infheidhme, beartais agus bearta náisiúnta a dhéanann difear d'earnáil EU ETS agus measúnú ar chomhlántacht agus ar thionchair ar EU ETS

ii. 

Beartais agus bearta chun cuspóirí náisiúnta eile a bhaint amach, i gcás inarb infheidhme

iii. 

Beartais agus bearta chun soghluaisteacht ísealastaíochtaí a bhaint amach (lena n-áirítear leictriú iompair)

iv. 

I gcás inarb infheidhme, beartais, amlínte agus bearta náisiúnta atá beartaithe chun fóirdheontais fuinnimh a chéimniú amach, go háirithe maidir le breoslaí iontaise

3.2.   An ghné “éifeachtúlacht fuinnimh”

Beartais, bearta agus cláir atá beartaithe chun na rannchuidithe táscacha náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh do 2030 a bhaint amach, mar aon le cuspóirí eile dá dtagraítear i bpointe 2.2, lena n-áirítear bearta agus ionstraimí atá beartaithe (bearta de chineál airgeadais chomh maith) chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur chun cinn, go háirithe i dtaca leis na nithe seo a leanas:

i. 

Scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta malartacha beartais faoi Airteagail 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) de Threoir 2012/27/AE agus atá le hullmhú i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo

ii. 

Straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun tacú le hathchóiriú a dhéanamh ar stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach ( 8 ), lena n-áirítear beartais, bearta agus gníomhartha chun athchóiriú domhain atá éifeachtúil ó thaobh costais a spreagadh mar aon le beartais agus gníomhartha chun díriú ar na codanna is neamhfheidhmiúla de stoc náisiúnta na bhfoirgneamh, i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE

iii. 

Tuairisc ar bheartais agus ar bhearta lena gcuirtear chun cinn seirbhísí fuinnimh san earnáil phoiblí agus ar bhearta lena mbaintear bacainní rialála agus neamhrialála a chuireann bac ar ghlacadh múnlaí conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh agus ar ghlacadh múnlaí seirbhíse eile um éifeachtúlacht fuinnimh ( 9 )

iv. 

Beartais, bearta agus cláir eile lena mbainfear amach na rannchuidithe táscacha náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do 2030, mar aon le cuspóirí eile a leagtar amach i bpointe 2.2 (mar shampla bearta lena gcuirtear chun cinn feidhm eiseamláireach na bhfoirgneamh poiblí agus soláthar poiblí atá tíosach ar fhuinneamh, bearta lena gcuirtear chun cinn iniúchtaí fuinnimh agus córais bainistithe fuinnimh ( 10 ), bearta i ndáil le faisnéis do thomhaltóirí agus bearta oiliúna ( 11 ), agus bearta eile lena gcuirtear chun cinn éifeachtúlacht fuinnimh ( 12 ))

v. 

I gcás inarb infheidhme, tuairisc ar bheartais agus bearta chun ról na bpobal fuinnimh áitiúil maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a luaitear i bpointí i, ii, iii agus iv a chur chun cinn

vi. 

Tuairisc ar bhearta lena bhforbraítear bearta chun úsáid a bhaint as poitéinseal éifeachtúlacht fuinnimh bhonneagar an gáis agus an leictreachais ( 13 )

vii. 

Comhar réigiúnach sa réimse seo, i gcás inarb infheidhme

viii. 

Bearta maoiniúcháin, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta

3.3.   An ghné “Slándáil Fuinnimh” ( 14 )

i. 

Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.3 ( 15 )

ii. 

Comhar réigiúnach sa réimse seo

iii. 

I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

3.4.   An ghné “Margadh Inmheánach Fuinnimh” ( 16 )

3.4.1.   Bonneagar leictreachais

i. 

Beartais agus bearta chun an spriocleibhéal idirnascachta mar a leagtar amach i bpointe (d) d'Airteagal 4 a bhaint amach

ii. 

Comhar réigiúnach sa réimse seo ( 17 )

iii. 

I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

3.4.2.   Bonneagar tarchurtha fuinnimh

i. 

Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.4.2, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, bearta sonracha lena n-éascaítear seachadadh Tionscadal Leasa Choitinn agus príomhthionscadail bhonneagair eile

ii. 

Comhar réigiúnach sa réimse seo ( 18 )

iii. 

I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

3.4.3.   Comhtháthú margaidh

i. 

Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.4.3

ii. 

Bearta chun solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, amhail eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú, lena n-áirítear cúpláil margaidh ionlae a chur i bhfeidhm agus margaí cothromúcháin trasteorann

iii. 

I gcás inarb infheidhme, bearta chun rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach an fhuinnimh inathnuaite, na freagartha don éileamh agus na stórála a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhiomlánú, i ngach margadh fuinnimh

iv. 

Beartais agus bearta chun tomhaltóirí a chosaint, go háirithe iad siúd atá fíorleochaileach agus, i gcás inarb infheidhme, iad siúd atá bocht i bhfuinneamh, agus chun feabhas a chur ar iomaíochas agus ar iniomaíocht an mhargaidh fuinnimh miondíola

v. 

Tuairisc ar bhearta chun an fhreagairt don éileamh a chumasú agus a fhorbairt, lena n-áirítear iad siúd atá ag dul i ngleic le taraifí chun tacú le praghsáil dhinimiciúil ( 19 )

3.4.4.   Bochtaineacht fuinnimh

i. 

I gcás inarb fheidhme, beartais agus bearta chun na cuspóirí a leagtar amach i bpointe 2.4.4 a bhaint amach

3.5.   An ghné “taighde, nuálaíocht agus iomaíochas”

i. 

Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.5

ii. 

I gcás inarb fheidhme, comhar le Ballstáit eile sa réimse seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir leis an mbealach a aistrítear cuspóirí agus beartais Phlean SET chuig an gcomhthéacs náisiúnta

iii. 

I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

ROINN B: BUNÚS ANAILÍSEACH ( 20 )

4.   AN STAID REATHA AGUS RÉAMH-MHEASTACHÁIN DE RÉIR NA mBEARTAS AGUS NA mBEART ATÁ ANN CHEANA ( 21 ) ( 22 )

4.1.   Éabhlóid réamh-mheasta na bpríomhthosca eisginiúla a bhfuil tionchar acu ar fhorbairtí córais fuinnimh agus ar fhorbairtí astaíochtaí gás ceaptha teasa

i. 

Réamhaisnéisí maicreacnamaíocha (OTI agus fás daonra)

ii. 

Athruithe earnála a mbeidh tionchar acu ar an gcóras fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa

iii. 

Treochtaí fuinnimh domhanda, praghsanna breoslaí iontaise, praghas carbóin EU ETS

iv. 

Forbairtí ar chostas na teicneolaíochta

4.2.   An ghné Dícharbónú

4.2.1.   Astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa

i. 

Treochtaí in astaíochtaí agus aistrithe GCT sna hearnálacha a bhaineann le EU ETS, comhroinnt díchill agus earnálacha LULUCF, agus in earnálacha difriúla fuinnimh

ii. 

Réamh-mheastacháin ar fhorbairtí earnála i dtaca le beartais agus bearta náisiúnta agus de chuid an Aontais atá ann cheana ar a laghad go dtí an bhliain 2040 (lena n-áirítear don bhliain 2030)

4.2.2.   Fuinneamh in-athnuaite

i. 

Sciar reatha d'fhuinneamh in-athnuaite ó thaobh olltomhaltas deiridh fuinnimh agus ó thaobh earnálacha difriúla (téamh agus fuarú, leictreachas agus iompar) agus de réir teicneolaíochta i ngach ceann de na hearnálacha seo

ii. 

Réamh-mheastacháin tháscacha ar fhorbairt leis na beartais atá ann cheana don bhliain 2030 (ag féachaint don bhliain 2040)

4.3.   An ghné “Éifeachtúlacht Fuinnimh”

i. 

Tomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh atá ann faoi láthair sa gheilleagar agus de réir earnála (lena n-áirítear tionsclaíocht, cónaithe, seirbhís agus iompar)

ii. 

Acmhainneacht reatha do chur i bhfeidhm chomhghiniúint ardéifeachtúlachta agus téamh agus fuarú éifeachtúil ceantair ( 23 )

iii. 

Réamh-mheastacháin lena bpléitear beartais, bearta agus cláir um éifeachtúlacht fuinnimh atá ann cheana féin de réir mar a thuairiscítear i bpointe 1.2.(ii) maidir le tomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh i dtaca le gach earnáil go dtí 2040 ar a laghad (lena n-áirítear don bhliain 2030) ( 24 )

iv. 

Na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh de thoradh áireamh náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2010/31/AE

4.4.   An ghné “slándáil fuinnimh”

i. 

An meascán fuinnimh reatha, foinsí fuinnimh intíre, spleáchas ar allmhairí, lena n-áirítear rioscaí ábhartha

ii. 

Réamh-mheastacháin ar fhorbairtí leis na beartais agus na bearta atá ann cheana féin agus a bheidh ann ar a laghad go dtí an bhliain 2040 (lena n-áirítear an bhliain 2030)

4.5.   An ghné “margadh inmheánach fuinnimh”

4.5.1.   Idirnascacht leictreachais

i. 

An leibhéal idirnaisc reatha agus na príomh-idirnascairí ( 25 )

ii. 

Réamh-mheastacháin ar cheanglais leathnaithe idirnascaire (lena n-áirítear don bhliain 2030) ( 26 )

4.5.2.   Bonneagar tarchurtha fuinnimh

i. 

Príomhghnéithe an bhonneagair tarchurtha atá ann cheana le haghaidh leictreachais agus gáis ( 27 )

ii. 

Réamh-mheastacháin ar cheanglais leathnaithe líonra go dtí an bhliain 2040 ar a laghad (lena n-áirítear don bhliain 2030) ( 28 )

4.5.3.   Margaí leictreachais agus gáis, praghsanna fuinnimh

i. 

Staid reatha na margaí leictreachais agus gáis, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh

ii. 

Réamh-mheastacháin ar fhorbairtí leis na beartais agus na bearta atá ann cheana féin agus a bheidh ann ar a laghad go dtí an bhliain 2040 (lena n-áirítear an bhliain 2030)

4.6.   An ghné “taighde, nuálaíocht agus iomaíochas”

i. 

Staid reatha earnála na dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus, a mhéid is féidir, a stádas ar an margadh domhanda (tá an anailís sin le déanamh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda)

ii. 

Leibhéal reatha de thaighde poiblí agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, príobháideach agus caiteachas nuálaíochta ar theicneolaíochtaí ísealcharbóin, líon reatha na bpaitinní, agus líon reatha na dtaighdeoirí

iii. 

Miondealú ar ghnéithe praghsanna reatha a chuimsíonn na trí príomh-chomhpháirteanna praghais (fuinneamh, gréasán, cánacha/tobhaigh)

iv. 

Tuairisc ar fhóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear maidir le breoslaí iontaise

5.   MEASÚNÚ TIONCHAIR AR BHEARTAIS AGUS BEARTA ATÁ BEARTAITHE ( 29 )

5.1.   Tionchair na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe a bhfuil tuairisc orthu i roinn 3 maidir le córas fuinnimh agus astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana (mar a thuairiscítear i roinn 4).

i. 

Réamh-mheastacháin ar fhorbairt an chórais fuinnimh agus ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, hastaíochtaí na dtruailleán aeir i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 faoi na beartais agus na bearta atá beartaithe go ceann deich mbliana ar a laghad i ndiaidh na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean (lena n-áirítear an bhliain dheireanach den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean), lena n-áirítear beartais agus bearta ábhartha de chuid an Aontais.

ii. 

Measúnú ar idirghníomhaíochtaí beartais (idir beartais agus bearta atá ann cheana agus atá beartaithe laistigh de ghné bheartais agus idir beartais agus bearta atá ann cheana agus atá beartaithe a thagann faoi ghnéithe éagsúla) ar a laghad go dtí an bhliain dheireanach den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean, go háirithe chun tuiscint láidir ar an tionchar a bhíonn ag beartais éifeachtúlachta fuinnimh / coigilteas fuinnimh ar mhéid riachtanach an chórais fuinnimh agus chun an riosca a bhaineann le hinfheistíocht thréigthe sa soláthar fuinnimh a laghdú

iii. 

Measúnú ar idirghníomhaíochtaí idir na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus bearta atá beartaithe, agus idir na bearta agus beartais aeráide agus fuinnimh an Aontais sin

5.2.   Tionchair mhaicreacnamaíocha agus, a mhéid is féidir, tionchair shláinte, chomhshaoil, fostaíochta agus oideachais, scileanna agus shóisialta lena n-áirítear gnéithe aistrithe amháin (ó thaobh costas agus tairbhí chomh maith le héifeachtúlacht costais) na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe agus a bhfuil tuairisc orthu i roinn 3 ar a laghad go dtí an bhliain deiridh den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana

5.3.   Forléargas ar riachtanais infheistíochta

i. 

sreafaí infheistíochta atá ann cheana agus toimhdí infheistíochta tosaigh i dtaca leis na beartais agus na bearta atá beartaithe

ii. 

tosca riosca earnála nó margaidh nó bacainní sa chomhthéacs náisiúnta nó réigiúnach

iii. 

anailís ar thacaíocht airgeadais phoiblí bhreise nó acmhainní breise chun bearnaí a shainaithnítear faoi phointe ii a líonadh

5.4.   Tionchair na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe a bhfuil tuairisc orthu i roinn 3 maidir le Ballstáit eile agus comhar réigiúnach ar a laghad go dtí an bhliain dheireanach den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana

i. 

Tionchair ar an gcóras fuinnimh i mBallstáit chomharsanachta agus i mBallstáit eile sa réigiún a mhéid is féidir

ii. 

Tionchair ar phraghsanna fuinnimh, ar fhóntais agus ar chomhtháthú margaidh fuinnimh

iii. 

I gcás inarb ábhartha, tionchair ar an gcomhar réigiúnach

▼M2

5.5.   Rannchuidiú na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119

▼B

Cuid 2

Liosta paraiméadar agus athróg atá le tuairisciú i Roinn B de na Pleananna Náisiúnta ( 30 )  ( 31 )  ( 32 )  ( 33 )

Tá na paraiméadair, na hathróga, na comharduithe fuinnimh agus na táscairí seo a leanas le tuairisciú i Roinn B “Bunús Anailíseach” de na Pleananna Náisiúnta, má úsáidtear iad:

1.   Paraiméadair agus athróga ginearálta

(1) 

Daonra (milliún)

(2) 

OTI [euro milliún]

(3) 

Breisluach comhlán earnála (lena n-áirítear príomhearnálacha tionscail, tógála, seirbhíse agus talmhaíochta [euro milliún]

(4) 

Líon na dteaghlach [mílte]

(5) 

Méid an teaghlaigh [áitritheoirí/líonta tí]

(6) 

Ioncam indiúscartha na dteaghlach [euro]

(7) 

Líon na bpaisinéirchiliméadar: gach modh, i.e. scartha idir bóthar (carranna agus busanna scartha más féidir), iarnród, eitlíocht agus loingseoireacht intíre (nuair is ábhartha) [milliún paisinéirchiliméadar]

(8) 

Iompar lasta, tonachiliméadar: gach modh seachas muirí idirnáisiúnta i.e. scartha idir bóthar, iarnród, eitlíocht agus loingseoireacht intíre (uiscebhealaí intíre agus muirí náisiúnta [milliún tonachiliméadar]

(9) 

Praghsanna idirnáisiúnta allmhairiúcháin breosla ola, gáis agus guail [EUR/GJ nó euro/toe] bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin

(10) 

Praghas carbóin EU-ETS [EUR/EUA] bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin

(11) 

Toimhdí i leith rátaí malairte go EUR agus go USD (i gcás inarb infheidhme) [euro/airgeadra agus USD/airgeadra]

(12) 

Líon Laethanta Céime Téimh (HDD)

(13) 

Líon Laethanta Céime Fuaraithe (CDD)

(14) 

Toimhdí um chostas teicneolaíochta i samhaltú le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí ábhartha

2.   Comhardú fuinnimh agus táscairí

2.1.   Soláthar fuinnimh

(1) 

Táirgeadh dúchais de réir cineál breosla (na táirgí fuinnimh go léir a tháirgtear i gcainníochtaí suntasacha) [ktoe]

(2) 

Glanallmhairí de réir cineál breosla (lena n-áirítear leictreachas agus scartha idir ion-ghlanallmhairí agus eachtar-ghlanallmhairí an Aontais Eorpaigh) [ktoe]

(3) 

Spleáchas ar allmhairiú fuinnimh ó thríú tíortha [%]

(4) 

Príomhfhoinsí allmhairiúcháin (tíortha) le haghaidh príomhiompróirí fuinnimh (lena n-áirítear gás agus leictreachas)

(5) 

Olltomhaltas Intíre de réir foinse an chineáil breosla (lena n-áirítear solaid, na táirgí fuinnimh go léir: gual, amhola agus táirgí peitriliam, gás nádúrtha, fuinneamh núicléach, leictreachas, teas díorthaithe, athnuaiteáin, dramhaíl) [ktoe]

2.2.   Leictreachas agus teas

(1) 

Ollghiniúint leictreachais [GWh]

(2) 

Ollghiniúint leictreachais de réir breosla (na táirgí fuinnimh go léir) [GWh]

(3) 

Sciar de chomhghiniúint cumhachta agus teasa in éineacht i nginiúint iomlán leictreachais agus teasa [%]

(4) 

Giniúint leictreachais acmhainne de réir foinse lena n-áirítear scor agus infheistíocht nua [MW]

(5) 

Giniúint teasa ó ghiniúint fuinnimh theirmigh

(6) 

Giniúint teasa ó stáisiún cumhachta is teasa in éineacht, lena n-áirítear teas dramhaíola tionscail

(7) 

Acmhainní idirnaisc trasteorann le haghaidh gáis agus leictreachais [Sainmhíniú ar leictreachas i gcomhréir le toradh ar an bplé atá fós ar siúl maidir leis an mbonn do sprioc idirnaisc de 15 % ] agus a rátaí úsáide réamh-mheasta

2.3.   Earnáil trasfhoirmithe

(1) 

Ionchur breosla i nginiúint fuinnimh theirmigh (lena n-áirítear solaid, ola, gás) [ktoe]

(2) 

Ionchur breosla chuig próisis tiontaithe eile [ktoe]

2.4.   Tomhaltas fuinnimh

(1) 

Tomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh [ktoe]

(2) 

Tomhaltas deiridh fuinnimh de réir earnála (lena n-áirítear tionsclaíocht, cónaí, treasach, talmhaíocht agus iompar (lena n-áirítear dealú idir iompar paisinéirí agus iompar lasta, más ann dó)) [ktoe]

(3) 

Tomhaltas deiridh fuinnimh de réir breosla (na táirgí fuinnimh go léir) [ktoe]

(4) 

Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh [ktoe]

(5) 

Déine fuinnimh phríomhúil an gheilleagair fhoriomláin (tomhaltas príomhúil fuinnimh in aghaidh an OTI [toe/euro]

(6) 

Déine dheiridh fuinnimh de réir earnála (lena n-áirítear tionsclaíocht, cónaí, treasach agus iompar (lena n-áirítear dealú idir iompar paisinéirí agus iompar lasta, más ann dó))

2.5.   Praghsanna

(1) 

Praghsanna leictreachais de réir cineál earnála a úsáideann é (cónaithe, tionsclaíocht, treasach)

(2) 

Praghsanna breosla miondíola náisiúnta (lena n-áirítear cánacha, in aghaidh na foinse agus na hearnála) [euro/ktoe]

2.6.   Infheistíocht

Costais infheistíochta sna hearnálacha um thrasfhoirmiú, soláthar, tarchur agus dáileadh fuinnimh

2.7.   Foinsí in-athnuaite fuinnimh

(1) 

Olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus sciar d'fhuinneamh in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh agus de réir earnála (leictreachas, téamh agus fuarú, iompar) agus de réir teicneolaíochta

(2) 

Giniúint leictreachais agus teasa ó fhuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh; Áireofar leis seo, má tá siad ar fáil, sonraí imdhealaithe maidir leis an bhfuinneamh a tháirgtear, a thomhailtear agus a instealltar sa ghreille le córais fhótavoltacha ghréine, córais theirmeacha ghréine, bithmhais, teaschaidéil, córais gheoiteirmeacha, chomh maith leis na córais in-athnuaite dhíláraithe eile go léir

(3) 

I gcás inarb infheidhme, conairí náisiúnta eile, lena n-áirítear iad sin fadtéarmach agus earnálach - sciar na mbithbhreoslaí bunaithe ar bhia, sciar na n-ard-bhithbhreoslaí, an sciar d'fhuinneamh in athnuaite i dtéamh ceantair, chomh maith leis an bhfuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha agus ag pobail fuinnimh in-athnuaite.

3.   Táscairí a bhaineann le hastaíochtaí agus le haistrithe GCT

(1) 

Astaíochtaí GCT de réir earnáil bheartais (EU ETS, comhroinnt díchill agus LULUCF)

(2) 

Astaíochtaí GCT de réir earnáil IPCC agus de réir gáis (arna ndealú idir earnálacha EU ETS agus comhroinnte díchill i gcás inarb ábhartha) [tCO2eq]

(3) 

Déine charbóin an gheilleagar fhoriomláin [tCO2eq/GDP]

(4) 

Táscairí a bhaineann le hastaíochtaí CO2

(a) 

Déine astaíochtaí GCT na giniúna cumhachta agus teasa intíre [tCO2eq/MWh]

(b) 

Déine astaíochtaí GCT an tomhaltais deiridh fuinnimh de réir earnála [tCO2eq/toe]

(5) 

Paraiméadair a bhaineann le hastaíochtaí neamh-CO2

(a) 

Beostoc: eallach déiríochta [1 000 cloigeann], eallach neamhdhéiríochta [1 000 cloigeann], caoirigh [1 000 cloigeann], muca [1 000 cloigeann], éanlaith chlóis [1 000 cloigeann]

(b) 

Ionchur nítrigine ó leasacháin shintéiseacha a chur amach [kt nítrigin]

(c) 

Ionchur nítrigine as aoileach a chur amach [kt nítrigin]

(d) 

Nítrigin fosaithe ag barra n-fhosaithe [kt nítrigin]

(e) 

Nítrigin i bhfuíoll bairr curtha ar ais san ithir [kt nítrigin]

(f) 

Achar na n-ithreacha orgánacha saothraithe [heicteáir]

(g) 

Giniúint ó dhramhaíl sholadach chathrach (MSW)

(h) 

Dramhaíl sholadach chathrach (MSW) ag dul chuig líonadh talún

(i) 

Sciar d'aisghabháil CH4 sa ghiniúint CH4 iomlán ó líonadh talún [ %]

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.11.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018R1999
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.