3. Má dhéantar cinneadh diúltach, cuirfidh an comhlacht earnála poiblí foras an diúltaithe in iúl don iarratasóir ar bhonn na bhforálacha ábhartha de chóras rochtana an Bhallstáit sin nó ar bhonn na bhforálacha lena dtrasuítear an Treoir seo, go háirithe pointe (a) go pointe (h) d'Airteagal 1(2) nó Airteagal 3. Má tá cinneadh diúltach bunaithe ar phointe (c) d'Airteagal 1(2), cuirfidh an comhlacht earnála poiblí leis tagairt don duine nádúrtha nó dlítheanach arb é an sealbhóir cirt é, más fios sin, nó mar mhalairt air sin, tagairt don cheadúnóir a bhfuair an comhlacht earnála poiblí an t-ábhar i gceist uaidh. Ní bheidh sé de cheangal ar leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, ar mhúsaeim ná ar chartlanna tagairt den sórt sin a chur leis.