3. D'ainneoin mhír 1, má bhaineann ceart eisiach le digitiú acmhainní cultúrtha, ní bheidh an tréimhse eisiachais níos faide, go ginearálta, ná 10 mbliana. I gcás ina bhfuil an tréimhse sin níos faide ná 10 mbliana, déanfar a fad a athbhreithniú san 11ú bliain agus, más infheidhme, gach 7 mbliana ina dhiaidh sin.
Na socruithe lena ndeonaítear cearta eisiacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh siad trédhearcach agus poibleofar iad.
I gcás ceart eisiach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar cóip de na hacmhainní cultúrtha digitithe a sholáthar saor in aisce don chomhlacht earnála poiblí lena mbaineann mar chuid de na socruithe sin. Beidh an chóip sin ar fáil lena hathúsáid nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse eisiachais.