+Airteagal 49 Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú, a ghlacadh agus a athbhreithniú
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 4.
---+Airteagal 49 5.
---+Airteagal 49 6.
---+Airteagal 49 7.
---+Airteagal 49 8.

Airteagal 49 Scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a ullmhú, a ghlacadh agus a athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 49 1.
Arna iarraidh sin don Choimisiún de bhun Airteagal 48, ullmhóidh ENISA scéim iarrthach a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar amach in Airteagail 51, 51a, 52 agus 54.
Airteagal 49 2.
Arna iarraidh sin do ECCG de bhun Airteagal 48(2), féadfaidh ENISA scéim iarrthach a ullmhú a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme a leagtar amach in Airteagail 51, 51a, 52 agus 54. Má dhiúltaíonn ENISA iarraidh den sórt sin, tabharfaidh sé cúiseanna leis an diúltú sin. Is é an Bord Bainistíochta a dhéanfaidh aon chinneadh chun iarraidh den sórt sin a dhiúltú.
Airteagal 49 3.
Agus scéim iarrthach á hullmhú aige, rachaidh ENISA i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir go tráthúil trí bhíthin próiseas comhairliúcháin atá foirmiúil, oscailte, trédhearcach agus cuimsitheach. Agus an scéim iarrthach á tarchur aige chuig an gCoimisiún de bhun mhír 6, soláthróidh ENISA faisnéis faoin gcaoi ar chomhlíon sé an mhír seo.
Airteagal 49 4.
I gcás gach scéime iarrthaí, bunóidh ENISA meitheal ad hoc i gcomhréir le hAirteagal 20(4) chun comhairle shonrach agus saineolas sonrach a sholáthar do ENISA. Áireofar ar na meithleacha ad hoc sin, de réir mar is iomchuí agus gan dochar do na nósanna imeachta agus don lánrogha dá bhforáiltear in Airteagal 20(4), saineolaithe ó riaracháin phoiblí na mBallstát, ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus ón earnáil phríobháideach.
Airteagal 49 5.
Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht go dlúth le ECCG. Tabharfaidh ECCG cúnamh do ENISA agus cuirfidh sí comhairle shaineolach uirthii ndáil leis an scéim iarrthach a ullmhú agus glacfaidh sí tuairim maidir leis an scéim iarrthach.
Airteagal 49 6.
Tabharfaidh ENISA lánaird ar thuairim ECCG sula dtarchuirfidh sé an scéim iarrthach a ullmhófar i gcomhréir le míreanna 3, 4 agus 5 chuig an gCoimisiún. Ní tuairim cheangailteach a bheidh inti agus ní bheidh aon bhac ar ENISA an scéim iarrthach a tharchur chuig an gCoimisiún fiú murab ann don tuairim.
Airteagal 49 7.
Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn na scéime iarrthaí arna hullmhú ag ENISA, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe, scéim lena gcomhlíontar na ceanglais ábhartha a leagtar amach in Airteagail 51, 51a, 52 agus 54. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 66(2).
Airteagal 49 8.
Gach cúig bliain, ar a laghad, déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht, ar an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála, agus aird á tabhairt ar an aiseolas a fhaightear ó pháirtithe leasmhara. Más gá, féadfaidh an Coimisiún nó an ECCG a iarraidh ar ENISA tús a chur leis an bpróiseas chun scéim athbhreithnithe iarrthach a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 48 agus an Airteagal seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.