+Airteagal 51 Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC

Airteagal 51 Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC

Airteagal 51

▼M1

Cuspóirí slándála scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC

Déanfar scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí TFC, seirbhísí TFC, nó próisis TFC a dhearadh ionas go mbainfear amach ar a laghad na cuspóirí slándála seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

▼B

(a) 

sonraí a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar bhealach eile a chosaint ar stóráil, próiseáil, rochtain nó nochtadh bíodh sin de thaisme nó neamhúdaraithe le linn shaolré iomlán an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC;

(b) 

sonraí a rinneadh a tharchur, a stóráil nó a phróiseáil ar shlí eile a chosaint ar scriosadh a tharlaíonn de thaisme nó go neamhúdaraithe, ar chaillteanas nó ar athrú nó ar easpa infhaighteachta le linn shaolré iomlán an táirge TFC, na seirbhíse TFC nó an phróisis TFC;

(c) 

féadfaidh daoine, feidhmchláir nó meaisíní údaraithe rochtain a fháil go heisiach ar shonraí, seirbhísí agus feidhmeanna ar a bhfuil cearta rochtana acu;

(d) 

spleáchais agus leochaileachtaí a bhfuiltear ar an eolas fúthu a shainaithint agus a dhoiciméadú;

(e) 

taifead a dhéanamh ar cé acu sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna a bhfuarthas rochtain orthu, a úsáideadh nó a próiseáladh ar shlí eile, agus na hamanna ar a bhfuarthas an rochtain nó a ndearnadh an úsáid nó an phróiseáil agus an té a fuair an rochtain nó a rinne an úsáid nó an phróiseáil;

(f) 

is féidir a sheiceáil cé acu sonraí, seirbhísí nó feidhmeanna a bhfuarthas rochtain orthu nó a úsáideadh nó a próiseáladh ar shlí eile, na hamanna a bhfuarthas an rochtain nó a ndearnadh an úsáid nó an phróiseáil agus an té a fuair an rochtain nó a rinne an úsáid nó an phróiseáil;

(g) 

a fhíorú nach bhfuil leochaileachtaí aitheanta i dtáirgí TFC, i seirbhísí TFC agus i bpróisis TFC;

(h) 

an cumas infhaighteacht agus rochtain ar shonraí pearsanta a athshlánú ar mhodh tráthúil i gcás ina dtarlaíonn teagmhas fisiciúil nó teicniúil;

(i) 

go bhfuil táirgí TFC, seirbhísí TFC agus próisis TFC slán trí dhearadh agus trí réamhshocrú;

(j) 

cuirtear na bogearraí agus na crua-earraí is déanaí ar fáil do tháirgí TFC, do sheirbhísí TFC agus do phróisis TFC nach bhfuil aon leochaileachtaí atá aitheanta go poiblí iontu, agus cuirtear sásraí ar fáil dóibh le haghaidh nuashonruithe slána.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.