+Airteagal 58 Údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála
---+Airteagal 58 1.
---+Airteagal 58 2.
---+Airteagal 58 3.
---+Airteagal 58 4.
---+Airteagal 58 5.
---+Airteagal 58 6.
---+Airteagal 58 7.
---+Airteagal 58 8.
---+Airteagal 58 9.

Airteagal 58 Údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 58 1.
Ainmneoidh gach Ballstát aon údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála amháin nó níos mó ar a chríoch nó, má chomhaontaítear go frithpháirteach é le Ballstát eile, ainmneoidh sé údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála amháin nó níos mó atá bunaithe sa Bhallstát eile sin le bheith freagrach as na cúraimí maoirseachta sa Bhallstát ainmniúcháin.
Airteagal 58 2.
Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi chéannacht na n-údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála ainmnithe; i gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás amháin, tabharfaidh sé eolas don Choimisiún freisin faoi na cúraimí a shannfar do gach ceann de na húdaráis sin.
Airteagal 58 3.
Gan dochar do phointe (a) d’Airteagal 56(5) agus d’Airteagal 56(6), beidh gach údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, ó thaobh eagrúcháin, cinntí maoinithe, struchtúir dhlíthiúil agus cinnteoireachta de, neamhspleách ar na heintitis ar a ndéanfaidh sé maoirseacht.
Airteagal 58 4.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcloífidh gníomhaíochtaí an údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála, a bhaineann le deimhnithe Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a eisiúint dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 56(5) agus le d’Airteagal 56(6), go gcloífidh siad leis an deighilt dhocht, ó thaobh róil agus freagrachtaí, idir na gníomhaíochtaí sin agus na gníomhaíochtaí maoirseachta atá a leagtar amach san Airteagal seo agus go bhfeidhmeoidh na gníomhaíochtaí sin go neamhspleách ar a chéile.
Airteagal 58 5.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála chun a gcumhachtaí a fheidhmiú agus chun na cúraimí a shannfar dóibh a dhéanamh, ar bhealach éifeachtach éifeachtúil.
Airteagal 58 6.
Chun go gcuirfear an rialachán seo chun feidhme go héifeachtach, is iomchuí na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála a bheith rannpháirteach sa ECCG ar bhealach gníomhach, éifeachtach, éifeachtúil agus slán.
Airteagal 58 7.

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an méid seo a leanas:

▼M1

(a) 

maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar rialacha a áirítear i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 54(1), pointe (j), maidir leis an bhfaireachán a dhéantar ar chomhlíonadh cheanglais na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisíodh ar a gcríocha féin le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe, i gcomhar le húdaráis ábhartha eile um fhaireachas margaidh;

(b) 

faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí atá ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe atá bunaithe ar a gcríocha féin agus a chuireann féinmheasúnú comhréireachta i gcrích, agus na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú, agus, go háirithe, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí atá ar mhonaróirí nó soláthraithe den sórt sin a leagtar amach in Airteagal 53(2) agus (3) agus sa scéim Eorpach chomhfhreagrach um dheimhniú cibearshlándála, agus na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú;

▼B

(c) 

gan dochar d’Airteagal 60(3), cúnamh agus tacaíocht a thabhairt, ar bhonn gníomhach, do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta chun crícha an Rialacháin seo;

(d) 

faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 56(5);

(e) 

i gcás inarb infheidhme, údarú a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 60(3) agus údarú atá ann cheana a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcásanna nach gcomhlíonfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta ceanglais an Rialacháin seo;

(f) 

gearáin a láimhseáil arna gcur isteach ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil arna n-eisiúint ag na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála nó, ag deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 56(6) nó i ndáil le ráitis comhréireachta de chuid an Aontais a eisítear faoi Airteagal 53, ábhar an ghearáin a imscrúdú, a mhéid is iomchuí, agus an gearánaí a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnach;

(g) 

tuarascáil achomair bhliantúil a chur ar fáil, ar na gníomhaíochtaí a rinneadh, faoi phointe (b), pointe (c) agus pointe (d) den mhír seo nó faoi mhír 8, do ENISA agus do ECCG;

▼M1

(h) 

oibriú i gcomhar le húdaráis náisiúnta eile um dheimhniú cibearshlándála nó le húdaráis phoiblí eile, lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt faoi na cásanna sin ina bhféadfadh sé nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo nó ceanglais na scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála á gcomhlíonadh le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe; agus;

▼B

(i) 

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe i ndáil leis an gcibearshlándáil.

Airteagal 58 8.

Beidh na cumhachtaí seo a leanas ar a laghad ag gach údarás náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

a iarraidh ar chomhlachtaí um dheimhniú comhréireachta, ar shealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ar eisitheoirí na ráiteas comhréireachta ón Aontas aon fhaisnéis a éilíonn sé a chur ar fáil chun na cúraimí a dhéanamh;

(b) 

imscrúduithe a dhéanamh, i bhfoirm iniúchtaí, ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta, ar shealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála agus ar eisitheoirí an ráitis comhréireachta ón Aontas, chun críche comhlíonadh leis an Teideal seo a fhíorú;

(c) 

bearta cuí a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta, sealbhóirí deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil agus eisitheoirí na ráiteas comhréireachta ón Aontas an Rialachán seo nó scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála;

(d) 

rochtain a fháil ar aon áitreabh de chuid comhlachtaí um measúnú comhréireachta agus sealbhóirí deimhnithe Eorpacha cibearshlándála chun críche imscrúduithe a dhéanamh i gcomhréir le dlí nós imeachta an Aontais nó Ballstáit;

(e) 

deimhnithe arna n-eisiúint ag an údarás náisiúnta um dheimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil nó deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 48(4a) i gcás nach gcomhlíonann deimhnithe den sórt sin an Rialachán seo ná scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a aistarraingt, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(f) 

pionóis a ghearradh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, dá bhforáiltear in Airteagal 65, agus a éileamh go scoirfear láithreach de sháruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 58 9.
Oibreoidh údaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún, go háirithe, trí fhaisnéis, taithí agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le deimhniú cibearshlándála agus saincheisteanna teicniúla a bhaineann le cibearshlándáil na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.