+Airteagal 58 7.

Airteagal 58 7.

Déanfaidh na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála an méid seo a leanas:

▼M1

(a) 

maoirseacht agus forfheidhmiú a dhéanamh ar rialacha a áirítear i scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála de bhun Airteagal 54(1), pointe (j), maidir leis an bhfaireachán a dhéantar ar chomhlíonadh cheanglais na ndeimhnithe Eorpacha cibearshlándála a eisíodh ar a gcríocha féin le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC agus seirbhísí slándála bainistithe, i gcomhar le húdaráis ábhartha eile um fhaireachas margaidh;

(b) 

faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí atá ar mhonaróirí nó soláthraithe táirgí TFC, seirbhísí TFC, próiseas TFC nó seirbhísí slándála bainistithe atá bunaithe ar a gcríocha féin agus a chuireann féinmheasúnú comhréireachta i gcrích, agus na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú, agus, go háirithe, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí atá ar mhonaróirí nó soláthraithe den sórt sin a leagtar amach in Airteagal 53(2) agus (3) agus sa scéim Eorpach chomhfhreagrach um dheimhniú cibearshlándála, agus na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú;

▼B

(c) 

gan dochar d’Airteagal 60(3), cúnamh agus tacaíocht a thabhairt, ar bhonn gníomhach, do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta chun crícha an Rialacháin seo;

(d) 

faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 56(5);

(e) 

i gcás inarb infheidhme, údarú a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 60(3) agus údarú atá ann cheana a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i gcásanna nach gcomhlíonfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta ceanglais an Rialacháin seo;

(f) 

gearáin a láimhseáil arna gcur isteach ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha i ndáil le deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil arna n-eisiúint ag na húdaráis náisiúnta um dheimhniú cibearshlándála nó, ag deimhnithe Eorpacha i ndáil le cibearshlándáil a eisíonn comhlachtaí um measúnú comhréireachta i gcomhréir le hAirteagal 56(6) nó i ndáil le ráitis comhréireachta de chuid an Aontais a eisítear faoi Airteagal 53, ábhar an ghearáin a imscrúdú, a mhéid is iomchuí, agus an gearánaí a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn agus toradh an imscrúdaithe laistigh de thréimhse réasúnach;

(g) 

tuarascáil achomair bhliantúil a chur ar fáil, ar na gníomhaíochtaí a rinneadh, faoi phointe (b), pointe (c) agus pointe (d) den mhír seo nó faoi mhír 8, do ENISA agus do ECCG;

▼M1

(h) 

oibriú i gcomhar le húdaráis náisiúnta eile um dheimhniú cibearshlándála nó le húdaráis phoiblí eile, lena n-áirítear trí fhaisnéis a chomhroinnt faoi na cásanna sin ina bhféadfadh sé nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo nó ceanglais na scéimeanna Eorpacha sonracha um dheimhniú cibearshlándála á gcomhlíonadh le táirgí TFC, seirbhísí TFC, próisis TFC nó seirbhísí slándála bainistithe; agus;

▼B

(i) 

faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí ábhartha i réimse an deimhnithe i ndáil leis an gcibearshlándáil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.