+IARSCRÍBHINN I

IARSCRÍBHINN I




IARSCRÍBHINN I

CÚRAIMÍ NA LÁRIONAD COMHORDÚCHÁIN RÉIGIÚNACH

1.   Ríomh comhordaithe acmhainneachta

1.1 Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha an ríomh comhordaithe ar acmhainneachtaí traschreasacha.

▼M2

1.2. Déanfar ríomh acmhainneachta comhordaithe do gach tráthchlár leithdháileacháin.

▼B

1.3 Déanfar ríomh acmhainneachta comhordaithe ar bhonn na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú arna glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

1.4 Déanfar an ríomh comhordaithe ar acmhainneacht bunaithe ar shamhail choiteann eangaí i gcomhréir le pointe 3

1.5 Leis an ríomh comhordaithe ar acmhainneacht, áiritheofar bainistiú éifeachtach ar phlódú i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe ar phlódú a sainítear sa Rialachán seo.

2.   Anailís chomhardaithe slándála

2.1. Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha anailís chomhordaithe slándála a mbeidh sé mar aidhm léi oibriú slán córais a áirithiú.

2.2 Déanfar anailís chomhordaithe slándála le haghaidh gach tráthchlár pleanála oibríochtúla, idir creataí ama aon bhliain chun tosaigh agus creataí ama ionlae, trí úsáid a bhaint as samhlacha coiteanna eangaí.

2.3 Déanfar anailís chomhordaithe slándála de bhun na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

2.4 Roinnfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha torthaí na hanailíse comhordaithe slándála le hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas ar a laghad.

2.5 Nuair a aimseoidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnach srianadh féideartha de bharr na hanailíse comhordaithe slándála, ceapfaidh sé bearta ceartaitheacha chun an éifeachtacht agus an éifeachtúlacht eacnamaíoch a bharrfheabhsú.

3.   Samhlacha coiteanna córais a chruthú

3.1 Déanfaidh Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha próisis éifeachtúla a chur ar bun d'fhonn samhlacha coiteanna eangaí a chruthú le haghaidh gach tráthchlár pleanála oibríochtúla, idir creataí ama aon bhliain chun tosaigh agus creataí ama ionlae.

3.2 Ceapfaidh oibreoirí córas tarchurtha ionad comhordúcháin réigiúnach amháin a thógfaidh an tsamhail choiteann eangaí uile-Aontais.

3.3 Samhlacha coiteanna eangaí, déanfar iad i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a forbraíodh de bhun na treoirlíne oibríochta córas agus na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú arna glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

3.4 Áireofar le samhlacha coiteanna eangaí sonraí ábhartha le haghaidh pleanáil oibríochtúil éifeachtúil agus ríomh acmhainneachta i ngach creat ama pleanála oibríochtúla idir creataí ama aon bhliain chun tosaigh agus creataí ama ionlae.

3.5 Cuirfear na samhlacha coiteanna eangaí ar fáil do gach lárionad comhordúcháin réigiúnach, do gach oibreoir córais tarchurtha, agus do ENTSO don Leictreachas agus, arna iarraidh sin, do ACER.

4.   Tacú le pleananna cosanta agus athbhunaithe na n-oibreoirí córas tarchurtha maidir le measúnú comhsheasmhachta.

4.1 Tabharfaidh lárionaid chomhordúcháín réigiúnacha tacaíocht d'oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas le measúnú comhsheasmhachta a dhéanamh ar phleananna cosanta agus athbhunaithe na n-oibreoirí córas tarchurtha, de bhun na nósanna imeachta atá leagtha amach sa chód gréasáin maidir le héigeandálaí leictreachais agus athbhunú a glacadh ar bhonn Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

4.2. Comhaontóidh na hoibreoirí córas tarchurtha uile ar thairseach, a measfar ina leith, dá rachfaí os a cionn, go mbeadh gníomhartha oibreora nó oibreoirí córas tarchurtha, agus iad i staid éigeandála, i staid lándorchaithe nó i staid athbhunaithe ina thionchar suntasach d'oibreoirí córas tarchurtha eile atá idirnasctha go sioncrónach nó go neamh-shioncrónach.

4.3 Agus tacaíocht á tabhairt aige do na hoibreoirí córas tarchurtha, déanfaidh an lárionad comhordúcháin réigiúnach an méid seo a leanas:

(a) 

neamh-chomhoiriúnacht a d'fhéadfadh a bheith ann a aithint;

(b) 

gníomhartha maolaitheacha a mholadh.

4.4 Déanfaidh oibreoirí córas tarchurtha measúnú ar na gníomhaíochtaí maolaitheacha atá beartaithe agus cuirfidh siad san áireamh iad.

5.   Tacú le comhordú agus le barrfheabhsú an athbhunaithe réigiúnaigh

5.1 Tacóidh gach ionad comhúcháin réigiúnach ábhartha leis na hoibreoirí córas tarchurtha a cheaptar mar cheannairí minicíochta agus mar cheannairí athshioncrónaithe de bhun cód gréasáin maidir le héigeandálaí agus athbhunú a glacadh ar bhonn Airteagal 6(11) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtach athbhunú na gcóras. Sainmhíneoidh oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas an ról a bheidh ag an lárionad comhordúcháin réigiúnach maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhordú agus do bharrfheabhsú an athbhunaithe réigiúnaigh.

5.2. Féadfaidh oibreoirí córas tarchurtha cúnamh a iarraidh ar na Lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha má tá an córas atá acu i staid lándorchaithe nó athbhunaithe.

5.3. Feisteofar na hionaid chomhordúcháin réigiúnacha leis na córais rialaithe maoirseachta agus fála sonraí gar don fhíor-am sin leis an inbhreathnaitheach a shainítear leis an tairseach a chur i bhfeidhm a shainítear dá dtagraítear i bpointe 4.2.

6.   Anailís agus tuairisciú iar-oibrithe agus iar-shuaite;

6.1 Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha imscrúdú agus ullmhóidh siad tuarascáil ar aon teagmhas a sháróidh an tairseach arna sainiú dá dtagraítear i bpointe 4.2. Arna iarraidh sin dóibh, féadfaidh údaráis rialála sa réigiún oibríochta córas agus ACER a bheith rannpháirteach san imscrúdú. Beidh moltaí sa tuarascáil lena ndíreofar ar theagmhais chosúla a sheachaint sa todhchaí.

6.2 Foilseoidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha an tuarascáil. Féadfaidh ACER moltaí a eisiúint lena ndíreofar ar theagmhais chosúla a sheachaint sa todhchaí.

7.   Socrú méide réigiúnach a dhéanamh ar an acmhainneacht chúltaca

7.1. Ríomhfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na ceanglais don acmhainneacht chúltaca don réigiún oibríochta córas. Agus na ceanglais don acmhainneacht chúltaca á gcinneadh:

(a) 

saothrófar an cuspóir ginearálta de shlándáil oibríochtúil a choinneáil ar bun ar an modh is costéifeachtaí agus is féidir;

(b) 

déanfar é sna creataí ama lá roimh ré nó ionlae, nó an dá rud;

(c) 

ríomhfar méid foriomlán na hacmhainneachta cúltaca a cheanglófar don réigiún oibríochta córas;

(d) 

cinnfear na ceanglais íosta don acmhainneacht chúltaca do gach cineál acmhainneachta cúltaca;

(e) 

cuirfear san áireamh ionaduithe a d'fhéadfaí a dhéanamh idir cineálacha éagsúla acmhainneachta cúltaca agus é mar aidhm leis sin costas an tsoláthair a íoslaghdú.

(f) 

leagfar amach na ceanglais riachtanacha do dháileadh geografach na hacmhainneachta cúltaca a cheanglófar, más ann dóibh.

8.   Éascú sholáthar réigiúnach na hacmhainneachta don chothromú

8.1 Tacóidh lárionaid chomhoibriúcháin réigiúnacha le hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas cinneadh a dhéanamh faoi mhéid na hacmhainneachta don chothromú is gá a sholáthar. Maidir leis an gcinneadh faoi mhéid na hacmhainneachta don chothromú:

(a) 

déanfar é sna creataí ama lá roimh ré nó ionlae, nó an dá rud;

(b) 

cuirfear san áireamh ionaduithe a d'fhéadfaí a dhéanamh idir cineálacha éagsúla acmhainneachta cúltaca agus é mar aidhm leis sin costas an tsoláthair a íoslaghdú;

(c) 

cuirfear san áireamh ann an toilleadh den acmhainnacht éigeantach chúltaca a bhfuiltear ag súil lena cur ar fáil le tairiscintí d'fhuinneamh don chothromú, nach bhfuil curtha isteach bunaithe ar chonradh le haghaidh acmhainneacht don chothromú.

8.2. Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le hoibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córas an méid acmhainneachta don chothromú arna chinneadh i gcomhréir le pointe 8.1 a sholáthar. Agus acmhainneacht don chothromú á soláthair:

(a) 

déanfar é sna creataí ama lá roimh ré nó ionlae, nó an dá rud;

(b) 

cuirfear san áireamh ionaduithe a d'fhéadfaí a dhéanamh idir cineálacha éagsúla acmhainneachta cúltaca agus é mar aidhm leis sin costas an tsoláthair a íoslaghdú.

9.   Measúnuithe leormhaitheasa ar na córais réigiúnacha seachtain roimh ré go lá roimh ré ar a laghad agus gníomhaíochtaí laghdaithe riosca a ullmhú

9.1 Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha measúnuithe ar leormhaitheas réigiúnach seachtain roimh ré go lá roimh ré ar a laghad i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Rialachán 2017/1485 ón gCoimisiún lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córais leictreachais agus ar bhonn na modheolaíochta a forbraíodh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941.

9.2 Bunóidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na measúnuithe leormhaitheasa réigiúnacha gearrthéarmacha ar an bhfaisnéis arna soláthar ag oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córais agus é mar aidhm leo staideanna a bhrath ina bhfuiltear ag súil le heaspa leormhaitheasa in aon cheann de na limistéir rialaithe nó ar an leibhéal réigiúnach. Cuirfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha malartuithe traschreasacha a d'fhéadfadh a bheidh ann agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil san áireamh i ngach creat ama pleanála oibríochtúil ábhartha.

9.3 Agus measúnú leormhaitheasa ar chóras réigiúnach á dhéanamh, déanfaidh gach Lárionad Comhordúcháin Réigiúnach comhordú le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eile chun:

(a) 

fíorú a dhéanamh ar na toimhdí agus réamhaisnéisí bunúsacha;

(b) 

cásanna a bhrath ina bhféadfadh easpa leormhaitheasa a bheith ann ar bhonn trasréigiúnach.

9.4 Seachadfaidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach torthaí na measúnuithe leormhaitheasa ar ghiniúint réigiúnach, maille leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe aige chun na rioscaí a laghdú maidir le heaspa leormhaitheasa d'oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas agus do lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha eile.

10.   Comhordú pleanála ar éaradh réigiúnach

10.1 Déanfaidh gach lárionad comhordúcháin Réigiúnach comhordú ar éaradh réigiúnach i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach sa treoirlíne oibríochta córas a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 chun faireachán a dhéanamh ar stádas infhaighteachta na sócmhainní ábhartha agus déanfaidh siad comhordú ar a bpleananna infhaighteachta chun slándáil oibríochta an chórais tarchurtha a áirithiú, agus acmhainneacht na n-idirnascairí agus na gcóras tarchurtha a bhfuil tionchar acu ar shreabha traschreasacha a uasmhéadú.

10.2 Coinneoidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach aon liosta amháin d'eilimintí na heangaí, modúil giniúna cumhachta agus saoráid éilimh ábhartha an réigiúin oibríochta córas agus cuirfidh sé ar fáil é sa timpeallacht atá ag ENTSO don Leictreachas do na sonraí a bhaineann le pleanáil oibríochtúil.

10.3 Déanfaidh gach lárionad comhordúcháin réigiúnach na gníomhaíochtaí seo a leanas a bhaineann le comhordú ar éaradh sa réigiún oibríochta córais:

(a) 

comhoiriúnacht na pleanála don éaradh a mheas lena mbainfear úsáid as pleananna infhaighteachta bliain roimh ré na n-oibreoirí córas tarchurtha uile;

(b) 

liosta a sholáthar d'oibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas de na neamh-chomhoiriúnachtaí pleanála a braitheadh agus de na réitigh atá beartaithe aige chun na neamh-chomhoiriúnachtaí a réiteach.

11.   Sásraí um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha a optamú

11.1 Féadfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha sa réigiún oibríochta córas cinneadh comhpháirteach a dhéanamh tacaíocht a fháil ón lárionad comhordúcháin réigiúnach maidir le sreabha airgeadais a riar a bhaineann le socruithe idir oibreoirí córas idir-tarchurtha lena mbaineann níos mó ná dhá oibreoir córas tarchurtha, amhail costais don athsheoladh, ioncam ó phlódú, diallais neamhbheartaithe nó costais chúltaca soláthair.

12.   Oiliúint agus deimhniúchán foirne atá ag obair do lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha

12.1 Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha cláir oiliúna agus deimhniúcháin a ullmhú agus a chur i gcrích lena ndíreofar ar oibríocht córais réigiúnaigh don fhoireann a oibríonn do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha.

12.2 Cumhdófar sna cláir oiliúna gach gné ábhartha d'oibríocht an chórais, ina ndéanann an lárionad comhordúcháin réigiúnach cúraimí lena n-áirítear cásanna géarchéime réigiúnacha.

13   Cásanna géarchéime leictreachaisréigiúnacha a shainaithint

13.1 Má dhéanann ENTSO don Leictreachas an fheidhm seo a tharmligean, aithneoidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha cásanna géarchéime i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2019/941.

Déanfar na cásanna géarchéime leictreachais réigúnacha a shainaithint i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/941.

13.2 Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha leis na húdaráis inniúla i ngach réigiún oibríochta córas arna iarraidh sin dóibh maidir leis an ionsamhlú débhliantúil géarchéime a ullmhú agus a chur i gcrích i gcomhréir le h Airteagal 12(3) de Rialachán (AE) 2019/941.

14.   Riachtanais le haghaidh acmhainneacht tarchurtha nua a shainaithint, acmhainneacht tarchurtha atá ann cheana, nó a gcuid roghanna malartacha, a uasghrádú.

14.1. Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le hoibreoirí tacaíochta córas tarchurtha chun riachtanais le haghaidh acmhainneacht tarchurtha nua a shainaithint, acmhainneacht tarchurtha atá ann cheana, nó a gcuid roghanna malartacha, a uasghrádú, agus iad sin le cur faoi bhráid na ngrúpaí réigiúnacha arna mbunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 agus atá san áireamh sa phlean 10 mbliana maidir le forbairt gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2019/944.

15.   Ríomh na hacmhainneachta iontrála uasta a bheidh ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht acmhainneachta eachtraí i sásraí acmhainneachta.

15.1 Tacóidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le hoibreoir córais tarchurtha an acmhainneacht uasta iontrála atá ar fáil do rannpháirtíocht na hacmhainneachta eachtraí i sásraí acmhainneachta a ríomh, ag cur san áireamh infhaighteacht an idirnaisc a bhfuiltear ag súil leis agus an dóchúlacht go mbeidh strus córais i gcomhthráth idir an córas ina gcuirtear an sásra i bhfeidhm agus an córas ina bhfuil an acmhainneacht eachtrach lonnaithe.

15.2 Déanfar an ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 26(11).

15.3 Soláthróidh lárionaid comhordúcháin réigiúnacha ríomh le haghaidh gach teorann ar an gcrios tairisceana a chumhdaítear leis an réigiún oibríochta córas.

16.   Ionchais shéasúracha a ullmhú

16.1 Má dhéanann ENTSO don Leictreachas an fheidhm seo a tharmligean de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/941, is iad na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a dhéanfaidh na hionchais leormhaitheasa shéasúracha.

16.2 Is ar bhonn na modheolaíochta a forbraíodh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/941 a dhéanfar na hionchais shéasúracha a ullmhú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0943
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.