+Airteagal 6 Oibleagáidí maidir le cead uisce athshlánaithe
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
---+Airteagal 6 6
---+Airteagal 6 7
|
Airteagal 6 Oibleagáidí maidir le cead uisce athshlánaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Beidh táirgeadh agus soláthar uisce athshlánaithe a bheartaítear le haghaidh uisciú talmhaíochta mar a shonraítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I faoi réir ceada.
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Déanfaidh na páirtithe freagracha sa chóras athúsáide uisce, lena n-áirítear an t-úsáideoir deiridh i gcás inarb ábhartha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, iarratas ar chead, nó iarratas ar chead atá ann cheana a mhodhnú, a chur chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina n-oibríonn an tsaoráid athshlánaithe nó ina bhfuil sí beartaithe oibriú.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Leagfar amach sa chead oibleagáidí an oibreora saoráide athshlánaithe agus, i gcás inarb ábhartha, aon pháirtithe freagracha eile. Beidh an cead bunaithe ar an bplean bainistithe riosca um athúsáid uisce agus sonrófar ann, inter alia, an méid seo a leanas:
|
(a)
|
an aicme de cháilíocht uisce athshlánaithe, nó na haicmí de cháilíocht uisce athshlánaithe, agus an úsáid talmhaíochta dá gceadaítear an t-uisce athshlánaithe, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, an t-ionad úsáide, na saoráidí athshlánaithe agus méid bliantúil measta an uisce athshlánaithe atá le táirgeadh;
|
|
(b)
|
na coinníollacha i ndáil leis na híoscheanglais don cháilíocht uisce agus don fhaireachán uisce a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I;
|
|
(c)
|
aon choinníollacha i ndáil le ceanglais bhreise don oibreoir saoráide athshlánaithe a leagtar amach sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce;
|
|
(d)
|
aon choinníollacha eile is gá chun aon rioscaí neamh-inghlactha don chomhshaol, do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe a dhíothú chun go bhfuil aon rioscaí ar leibhéal inghlactha;
|
|
(e)
|
tréimhse bhailíochta an cheada;
|
|
(f)
|
an pointe comhlíonta.
|
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Chun iarratas a mheasúnú, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle le húdaráis ábhartha eile, go háirithe na húdaráis uisce agus sláinte murab ionann iad agus an t-údarás inniúil, agus aon pháirtí eile a mheasann an t-údarás inniúil a bheith ábhartha, agus malartóidh sé faisnéis ábhartha leo.
|
|
Airteagal 6 5
|
5. Déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh gan mhoill i dtaobh cead a dheonú. I gcás ina bhfuil gá ag an údarás inniúil, de bharr chastacht an iarratais, le breis agus 12 mhí ó iarratas comhlánaithe a fháil chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh cead a dheonú, déanfaidh sé dáta measta a chinnidh a chur in iúl don iarratasóir.
|
|
Airteagal 6 6
|
6. Déanfar ceadanna a athbhreithniú go rialta, agus déanfar iad a uasdátú i gcás inar is gá, sna cásanna seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
tháinig athrú substaintiúil ar an dtoilleadh;
|
|
(b)
|
rinneadh trealamh a uasghrádú;
|
|
(c)
|
cuireadh trealamh nó próisis nua leo; nó
|
|
(d)
|
tháinig athruithe i ndálaí aeráide nó i ndálaí eile a dhéanann difear suntasach do stádas éiceolaíochta dobharlach dromchla.
|
|
|
Airteagal 6 7
|
7. Féadfaidh na Ballstáit a chur de cheangal go mbeidh stóráil, dáileadh agus úsáid an uisce athshlánaithe faoi réir cead sonrach chun na ceanglais bhreise agus na bacainní a shainaithnítear sa phlean bainistithe riosca um athúsáid uisce a chur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 5(4).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R0741
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|