+Airteagal 7 Pleananna bliantúla gníomhaíochta agus bearta
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
|
Airteagal 7 Pleananna bliantúla gníomhaíochta agus bearta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Glacfaidh an Coimisiún pleananna bliantúla gníomhaíochta bunaithe ar an gclár ilbhliantúil táscach. Féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta agus bearta tacaíochta a ghlacadh.
I gcás riachtanais, imthosca nó gealltanais gan choinne agus lena bhfuil údar cuí, féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta a ghlacadh
Sonrófar i bpleananna gníomhaíochta agus i mbearta speisialta do gach tríú tír nó réigiún na cuspóirí a bheidh le saothrú, na nósanna imeachta bainistíochta, na tionscadail a bheidh le maoiniú, amchlár táscach, na torthaí agus na príomhghníomhaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo, modhanna agus, i gcás inarb iomchuí, stádas na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart speisialta do gach tríú tír nó réigiún, an buiséad agus aon chaiteachas tacaíochta gaolmhar. Beidh sna pleananna gníomhaíochta agus bearta sin tuairisc thiomsaithe agus achomair ar gach gníomhaíocht a bheidh le maoiniú, léiriú ar na méideanna arna leithdháileadh le haghaidh gach gníomhaíochta, tráthchlár táscach cur chun feidhme agus táscairí sonracha chun faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thorthaí agus ar aon chaiteachas tacaíochta atá bainteach, de réir mar is iomchuí. Más iomchuí, áireofar leo, torthaí aon cheacht a foghlaimíodh ó chomhar roimhe sin.
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Glacfar pleananna gníomhaíochta agus bearta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Ní gá an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2) don mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
bearta speisialta agus bearta tacaíochta nach mó ná EUR 5 mhilliún an maoiniú ón Aontas lena n-aghaidh;
|
|
(b)
|
leasuithe teicniúla, ar choinníoll nach mbeidh éifeacht mhór acu ar chuspóirí an phlean gníomhaíochta nó an bhirt lena mbaineann, amhail na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
athrú ar an modh cur chun feidhme;
|
|
(ii)
|
athshannadh cistí idir gníomhaíochtaí atá i bplean gníomhaíochta;
|
|
(iii)
|
méaduithe nó laghduithe nach mó ná 20 % den bhuiséad tosaigh agus nach mó ná EUR 5 mhilliún ar bhuiséad pleananna gníomhaíochta agus beart speisialta.
|
|
Ach a nglacfar iad i gcomhréir leis an mír seo, cuirfear bearta speisialta agus tacaíochta mar aon le leasuithe teicniúla orthu in iúl do choiste na hIonstraime Eorpaí um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach dá dtagraítear in Airteagal 15 laistigh de 1 mhí amháin ó thráth a nglactha. Cuirfear in iúl do Pharlaimint na hEorpa iad freisin.
|
|
Airteagal 7 4
|
4. Ar mhórchúiseanna práinne lena bhfuil údar cuí agus a bhaineann leis an ngá atá le freagairt ghasta ón gComhphobal, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(3), na pleananna gníomhaíochta nó na bearta a ghlacadh nó a leasú trí mheán gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach a ghlacadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.06.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0948
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|