1. Glacfaidh an Coimisiún pleananna bliantúla gníomhaíochta bunaithe ar an gclár ilbhliantúil táscach. Féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta agus bearta tacaíochta a ghlacadh.
I gcás riachtanais, imthosca nó gealltanais gan choinne agus lena bhfuil údar cuí, féadfaidh an Coimisiún bearta speisialta a ghlacadh
Sonrófar i bpleananna gníomhaíochta agus i mbearta speisialta do gach tríú tír nó réigiún na cuspóirí a bheidh le saothrú, na nósanna imeachta bainistíochta, na tionscadail a bheidh le maoiniú, amchlár táscach, na torthaí agus na príomhghníomhaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo, modhanna agus, i gcás inarb iomchuí, stádas na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart speisialta do gach tríú tír nó réigiún, an buiséad agus aon chaiteachas tacaíochta gaolmhar. Beidh sna pleananna gníomhaíochta agus bearta sin tuairisc thiomsaithe agus achomair ar gach gníomhaíocht a bheidh le maoiniú, léiriú ar na méideanna arna leithdháileadh le haghaidh gach gníomhaíochta, tráthchlár táscach cur chun feidhme agus táscairí sonracha chun faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar thorthaí agus ar aon chaiteachas tacaíochta atá bainteach, de réir mar is iomchuí. Más iomchuí, áireofar leo, torthaí aon cheacht a foghlaimíodh ó chomhar roimhe sin.