|
+Airteagal 5 1. |
Airteagal 5 1.Suas le EUR 4 122 300 000 a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas lena n-áirítear leithreasuithe LEE, agus suas le EUR 92 000 000 le haghaidh costais riaracháin, ar choinníoll go ndéanfar an méid sin a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíocht na Stát Rannpháirteach, agus is mar seo a leanas a leithdháilfear í go táscach:
(a)
suas le EUR 1 660 000 000 ón gclár Fís Eorpach, lena n-áirítear EUR 160 000 000 chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta candamacha a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (j), agus i gcomhréir le hAirteagal 34(1) agus (2);
(b)
suas le EUR 2 142 300 000 ón gClár don Eoraip Dhigiteach; agus
(c)
suas le EUR 320 000 000 ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Féadfaidh cistí breise ón gclár Fís Eorpach, ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ranníocaíocht an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlánú, ar choinníoll go ndéanfar na méideanna breise a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíocht comhalta amháin nó níos mó den Chomhghnóthas seachas an tAontas. Ní chuirfear cistí breise den sórt sin san áireamh agus ranníocaíocht uasta airgeadais an Aontais á ríomh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|