+Airteagal 5 An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 4a.
---+Airteagal 5 5.

Airteagal 5 An ranníocaíocht airgeadais ón Aontas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.

Suas le EUR 4 122 300 000 a bheidh sa ranníocaíocht airgeadais ón Aontas leis an gComhghnóthas lena n-áirítear leithreasuithe LEE, agus suas le EUR 92 000 000 le haghaidh costais riaracháin, ar choinníoll go ndéanfar an méid sin a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíocht na Stát Rannpháirteach, agus is mar seo a leanas a leithdháilfear í go táscach:

(a) 

suas le EUR 1 660 000 000 ón gclár Fís Eorpach, lena n-áirítear EUR 160 000 000 chun gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta candamacha a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (j), agus i gcomhréir le hAirteagal 34(1) agus (2);

(b) 

suas le EUR 2 142 300 000 ón gClár don Eoraip Dhigiteach; agus

(c) 

suas le EUR 320 000 000 ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.

Féadfaidh cistí breise ón gclár Fís Eorpach, ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ranníocaíocht an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chomhlánú, ar choinníoll go ndéanfar na méideanna breise a mheaitseáil ar a laghad le ranníocaíocht comhalta amháin nó níos mó den Chomhghnóthas seachas an tAontas. Ní chuirfear cistí breise den sórt sin san áireamh agus ranníocaíocht uasta airgeadais an Aontais á ríomh.

Airteagal 5 2.
Déanfar an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1 a íoc ó leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais, leithreasuithe a leithdháiltear ar gach clár ábhartha.
Airteagal 5 3.
Cistí breise ó aon chlár de chuid an Aontais seachas Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, agus lena gcomhlánaítear na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, den Airteagal seo, féadfar na cistí sin a leithdháileadh ar an gComhghnóthas chun tacú lena gcolúin gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4, seachas na gníomhaíochtaí sin dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a). Ní chuirfear cistí breise den sórt sin san áireamh agus ranníocaíocht uasta airgeadais an Aontais á ríomh.
Airteagal 5 4.
Ranníocaíochtaí ó chláir an Aontais a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí breise atá curtha ar iontaoibh an Chomhghnóthais i gcomhréir le mír 3, is ranníocaíochtaí iad nach gcuirfear san áireamh nuair a bheidh an ranníocaíocht airgeadais uasta ón Aontas á ríomh.
Airteagal 5 4a.
Maidir leis na ranníocaíochtaí a leithdháiltear ar an gComhghnóthas i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo, tá feidhm ag Airteagal 158 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ). I gcás ina mbaineann na ranníocaíochtaí breise sin ón Aontas leis an gcolún dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (i), déanfaidh comhalta amháin nó níos mó seachas an tAontas ranníocaíochtaí breise a bheidh i gcomhréir le méid na ranníocaíochtaí ón Aontas.
Airteagal 5 5.
Cistí breise ón Aontas lena gcomhlánaítear an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfar na cistí sin a leithdháileadh ar an gComhghnóthas ó thríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach nó leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa i gcomhréir lena gcomhaontuithe comhlachais faoi seach. Ní dhéanfaidh na cistí breise Aontais sin difear do ranníocaíocht na Stát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 7(1), mura gcomhaontóidh na Stáit Rannpháirteacha a mhalairt.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.