+Airteagal 12b 9.

Airteagal 12b 9.

Féadfaidh Ballstát a chinneadh cuid den ranníocaíocht airgeadais arna fáil aige faoi Rialachán (AE) 2021/241 nó faoi Rialachán (AE) 2021/1060 nó faoi chlár cistiúcháin eile a leithdháileadh chun maoiniú a dhéanamh ar bhonneagair seirbhísí agus sonraí nua, ardfhorbartha agus úrscothacha le haghaidh na hintleachta saorga, na ríomhaireachta ardfheidhmíochta nó na ríomhaireachta candamaí, arna bhfáil agus arna n-oibriú ar a chríoch. Féadfaidh an Ballstát sin, trí bhíthin comhaontú riaracháin leis an gComhghnóthas, na hinfheistíochtaí sin a chur tríd an gComhghnóthas, a dhéanfaidh na cistí sin a bhainistiú agus a eisíoc thar a cheann chuig an infheistíocht a sainaithníodh. Ach a mbeidh comhaontú ranníocaíochta sínithe agus cistí ainmnithe STA aistrithe go hiomlán agus go neamh-inchúlghairthe chuig an gComhghnóthas aige faoin 31 Lúnasa 2026 ar a dhéanaí, measfar go mbeidh an sprioc-am a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/241 comhlíonta ag an mBallstát.

Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, dámhfaidh an Comhghnóthas Séala EuroHPC um Intleacht Shaorga agus Bonneagar Ríomhaireachta don bhonneagar ardfhorbartha úrscothach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ar an gcoinníoll go mbeidh leibhéal feidhmíochta bainte amach aici atá coibhéiseach ar a laghad le haon cheann de shár-ríomhairí seanbhunaithe EuroHPC, lena n-áirítear monarchana IS.

Na bonneagair sin dar dámhadh Séala EuroHPC um Intleacht Shaorga agus Bonneagar Ríomhaireachta, déanfaidh an Comhghnóthas iad a chónascadh agus a líonrú le bonneagair IS, ríomhaireachta nó chandamacha EuroHPC, de réir mar is iomchuí.

Féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh aga rochtana a thabhairt don Chomhghnóthas ina mbeidh rochtain aige ar na bonneagair arna gcistiú i gcomhréir leis an mír seo. Ní chuirfear na ranníocaíochtaí sin san áireamh agus an ranníocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 5(1) á ríomh. An t-aga rochtana sin arna thabhairt ag an mBallstát, déanfaidh an Comhghnóthas é a bhainistiú mar chuid d’aga rochtana an Aontais.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R1173
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.