|
+Airteagal 12b 17. |
Airteagal 12b 17.Beidh na ranníocaíochtaí ón Aontas agus ó na Stáit Rannpháirteacha faoi réir coinníollacha lena n-áiritheofar cosaint leasanna straitéiseacha an Aontais. Déanfar na coinníollacha sonracha dá dtagraítear sa mhír seo a leagan síos i gComhaontú Óstála gigeamhonarchan IS tiomnaithe. Is le dlí an Aontais a rialófar an Comhaontú Óstála gigeamhonarchan IS, agus é á fhorlíonadh, i gcás aon ábhar nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo nó le gníomhartha dlíthiúla eile de chuid an Aontais, le dlí an Bhallstáit ina bhfuil an t-eintiteas óstála bunaithe. Déanfar an méid a leanas leis an gComhaontú Óstála gigeamhonarchan IS:
(a)
struchtúr úinéireachta agus rialachais na gigeamhonarchan IS a leagan amach go mion;
(b)
forálacha a áireamh lena n-áiritheofar grinnscrúdú agus rialú éifeachtach comhréireach an Aontais ar an ngigeamhonarcha IS chun sócmhainní, leasanna, uathriail nó slándáil straitéiseach an Aontais a chosaint;
(c)
sonrú ar ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais, na Stát Rannpháirteach agus chomhpháirtithe poiblí nó príobháideacha an Chuibhreannais gigeamhonarchan IS, lena n-áirítear an t-aga rochtana ráthaithe ar an ngigeamhonarcha IS dá dtagraítear i mír 13, de réir mar is iomchuí, agus ar fhad an aga sin;
(d)
sonrú, más iomchuí, ar aon leas atá ag an Aontas a eascraíonn as aon infheistíocht de chuid an Aontais a rialaítear le comhaontuithe infheistíochta sonracha idir an Cuibhreannas gigeamhonarchan IS agus InvestEU;
(e)
na coinníollacha incháilitheachta a leagan amach d’úsáideoirí na gigeamhonarchan IS nach úsáideoirí de chuid an Aontais iad, a chomhlíonfaidh na coinníollacha céanna leis na coinníollacha incháilitheachta a shonraítear i mír 3;
(f)
na coinníollacha mionsonraithe a leagan amach maidir le rochtain d’úsáideoirí de chuid an Aontais ar an ngigeamhonarchan IS agus socraithe cuntasaíochta na n-agaí rochtana ar sheirbhísí na gigeamhonarchan IS;
(g)
cáilíocht na seirbhíse arna tairgeadh d’úsáideoirí an Chomhghnóthais le linn dóibh gigeamhonarcha IS a oibriú a leagan amach, faoi mar a leagtar síos sa chomhaontú ar leibhéal seirbhíse a áirítear sa Chomhaontú Óstála gigeamhonarchan IS;
(h)
na socraithe a leagan amach maidir le fáil, oibriú agus úsáid bhonneagar sonraí agus ríomhaireachta na gigeamhonarchan IS, lena n-áirítear riachtanais úsáideoirí ón earnáil phoiblí, i gcás inarb iomchuí, agus, i gcás ina n-áirítear soláthróir bonneagair teicneolaíochta amháin nó níos mó sa Chuibhreannas gigeamhonarchan IS, áireofar soláthar coimircí feabhsaithe coinbhleachta leasa a bhaineann leis na soláthróirí sin;
(i)
na coinníollacha maidir le haistriú na húinéireachta dá dtagraítear i mír 12 a liostú, i gcás inarb iomchuí;
(j)
mionsonrú ar an síneadh arna chur leis an úinéireacht nó leis an aga rochtana ceannaithe ráthaithe réamhaontaithe agus ar na coinníollacha céimnithe amach le haghaidh na gigeamhonarchan IS, i gcás inarb iomchuí;
(k)
na coinníollacha dliteanais maidir le hoibriú na gigeamhonarchan IS a liostú, i gcás inarb iomchuí;
(l)
sonrú ar an oibleagáid atá ar eintiteas óstála na gigeamhonarchan IS tuarascáil iniúchóireachta agus sonraí maidir leis an úsáid a baineadh as aga rochtana an Aontais sa bhliain airgeadais roimhe sin a chur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe faoin 31 Eanáir gach bliain;
(m)
beidh clásal eadrána iontu, de réir bhrí Airteagal 272 CFAE, lena ndeonaítear dlínse ar gach ábhar a chumhdaítear leis an gComhaontú Óstála do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|