1. Leis an Rialachán seo, foráiltear do chur chuige comhchoiteann chun a áirithiú nach ndéanann úsáideoirí líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste, agus iad ag taisteal laistigh den Aontas, praghsanna iomarcacha a íoc, i gcomparáid le praghsanna náisiúnta iomaíocha, as seirbhísí fánaíochta uile-Aontais le linn dóibh glaonna a dhéanamh agus a fháil, le linn dóibh teachtaireachtaí SMS a sheoladh agus a fháil agus le linn dóibh seirbhísí cumarsáide sonraí paicéadlasctha a úsáid.
Ar an gcaoi sin, leis an Rialachán seo, rannchuidítear le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus, ag an am céanna, déantar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, cosanta sonraí, príobháideachais agus iontaoibhe a bhaint amach, cothaítear iomaíocht, neamhspleáchas agus trédhearcacht sa mhargadh agus tairgtear dreasachtaí maidir le nuálaíocht, rogha do thomhaltóirí agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas, agus, ag an am céanna, comhlíontar Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ina hiomláine.
Leis an Rialachán seo, leagtar amach na coinníollacha maidir le rochtain mhórdhíola ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste chun seirbhísí fánaíochta rialáilte a sholáthar. Tá feidhm aige maidir leis na muirir a thoibhíonn oibreoirí líonraí ar an leibhéal mórdhíola agus maidir leis na muirir a thoibhíonn soláthraithe seirbhísí fánaíochta ar an leibhéal miondíola.