+Airteagal 4 2.
|
Airteagal 4 2.
Socróidh gach Ballstát rannchuidiú táscach náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh chun sprioc cheangailteach an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh deiridh a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a bhaint amach, i dteannta a chéile, agus déanfaidh siad iarrachtaí rannchuidiú go comhpháirteach le sprioc tháscach an Aontais maidir le tomhaltas fuinnimh phríomhúil dá dtagraítear sa mhír sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rannchuidithe sin, mar aon le conair tháscach le haghaidh na rannchuidithe sin, mar chuid de na nuashonruithe ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, agus mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 3 agus Airteagail 7 go 12 den Rialachán sin. Agus an méid sin á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit a rannchuidithe in iúl i dtéarmaí dearbhleibhéil tomhaltais fuinnimh phríomhúil in 2030. Agus a ranníocaíochtaí náisiúnta táscacha éifeachtúlachta fuinnimh á leagan síos acu, cuirfidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo san áireamh agus míneoidh siad cén chaoi, agus na sonraí arb ar a mbonn a rinneadh na rannchuidithe a ríomh. Chuige sin, féadfaidh siad an fhoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo a úsáid. Soláthróidh na Ballstáit sciartha tomhaltais fuinnimh phríomhúil agus tomhaltais fuinnimh deiridh na n-earnálacha críochúsáide fuinnimh, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, lena n-áirítear earnálacha tionscail, cónaithe, seirbhísí agus iompair, ina rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta. Tabharfaidh na Ballstáit le fios freisin réamh-mheastacháin maidir le tomhaltas fuinnimh ó thaobh TFC de.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|