+Airteagal 4 6.

Airteagal 4 6.

I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe de bhun Airteagal 29(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2018/1999, nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach maidir leis na rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach, áiritheoidh na Ballstáit atá os cionn a gconairí táscacha le haghaidh tomhaltas fuinnimh deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo go gcuirfear bearta breise chun feidhme laistigh de bhliain amháin ón dáta a fuarthas measúnú an Choimisiúin chun filleadh ar an mbóthar ceart chun a rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. Áireofar ar na bearta breise sin ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas, ach ní bheidh siad teoranta dóibh:

(a) 

bearta náisiúnta lena ndéanfar coigilteas breise fuinnimh, lena n-áirítear cúnamh forbartha tionscadail níos láidre chun bearta infheistíochta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme;

(b) 

an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 8 den Treoir seo a mhéadú;

(c) 

an oibleagáid don earnáil phoiblí a choigeartú;

(d) 

ranníocaíocht dheonach airgeadais a dhéanamh leis an gciste náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 30 den Treoir seo nó le hionstraim mhaoiniúcháin eile atá tiomnaithe d’éifeachtúlacht fuinnimh, i gcás ina mbeidh na ranníocaíochtaí airgeadais bliantúla cothrom leis na hinfheistíochtaí is gá chun an chonair tháscach a bhaint amach.

I gcás ina bhfuil tomhaltas fuinnimh deiridh Ballstáit os cionn a chonaire tháscaigh de thomhaltas fuinnimh deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, áireoidh sé ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn arna tíolacadh de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999, míniú ar na bearta a thógfaidh sé lena gcumhdófar an bhearna chun a áirithiú go mbainfidh sé amach a rannchuidithe náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh agus an méid coigiltis fuinnimh a bhfuiltear ag súil leis.

Déanfaidh an Coimisiún a mheas an leor na bearta náisiúnta dá dtagraítear sa mhír seo chun spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach. I gcás ina meastar nach leor bearta náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhacht a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach spriocanna 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 05.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L1791
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.