|
+Airteagal 30 6. |
Airteagal 30 6.Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú SCCT d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar na tionchair agus ar choigeartuithe féideartha ar a chur i bhfeidhm. Roimh an 1 Eanáir 2028, agus gach 2 bhliain dá éis sin, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus feidhmiú SCCT. Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sa tuarascáil:
(a)
measúnú ar thionchar SCCT ar an méid seo a leanas:
(i)
sceitheadh carbóin, lena n-áirítear i ndáil le honnmhairí;
(ii)
na hearnálacha a chlúdaítear;
(iii)
an margadh inmheánach, lena n-áirítear tionchar eacnamaíoch agus críochach ar fud an Aontais;
(iv)
boilsciú agus praghas tráchtearraí;
(v)
an éifeacht ar thionscail a úsáideann earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I;
(vi)
trádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear athdháileadh acmhainní; agus
(vii)
na tíortha is lú forbairt;
(b)
measúnú ar an méid seo a leanas:
(i)
an córas rialachais, lena n-áirítear measúnú ar chur chun feidhme agus riar na ráthaíochtaí agus údarú dhearbhóirí SCCT a dhéanfaidh na Ballstáit;
(ii)
raon feidhme an Rialacháin seo;
(iii)
cleachtais imchéimnithe;
(iv)
cur i bhfeidhm pionós sna Ballstáit;
(v)
cur i bhfeidhm na tairsí mais-bhunaithe aonair, lena n-áirítear an fhéidearthacht an tairseach sin a mhéadú agus tairseach fhorlíontach choinsíneacht-bhunaithe a thabhairt isteach;
(c)
torthaí imscrúduithe agus pionóis arna bhforchur;
(d)
faisnéis chomhiomlánaithe maidir le déine astaíochtaí do gach tír thionscnaimh le haghaidh na n-earraí éagsúla a liostaítear in Iarscríbhinn I. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|