|
+IARSCRÍBHINN IV Modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh chun críoch Airteagal 7 |
IARSCRÍBHINN IV Modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh chun críoch Airteagal 7
IARSCRÍBHINN IV Modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh chun críoch Airteagal 7 1. SAINMHÍNITHE Chun críocha na hIarscríbhinne seo agus Iarscríbhinní V agus VI, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “earraí simplí” earraí a tháirgtear i bpróiseas táirgthe nach n-éilíonn ach ábhair ionchuir (réamhtheachtaithe) agus breoslaí nach ngabhann aon astaíochtaí leabaithe leo;
(b)
ciallaíonn “earraí coimpléascacha” earraí seachas earraí simplí;
(c)
ciallaíonn “sainastaíochtaí leabaithe” na hastaíochtaí leabaithe in aon tona amháin earraí, arna shloinneadh ina thonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2e in aghaidh an tona earraí;
(d)
ciallaíonn “fachtóir astaíochta CO2” meán ualaithe dhéine CO2 an leictreachais a ghintear as breoslaí iontaise i limistéar geografach; is éard atá san fhachtóir astaíochta CO2 an toradh a fhaightear trí shonraí astaíochta CO2 na hearnála leictreachais a roinnt ar ollmhéid na giniúna leictreachais ó bhreoslaí iontaise sa limistéar ábhartha geografach; sloinntear é i dtonnaí CO2 in aghaidh na meigeavatuaire;
(e)
ciallaíonn “fachtóir astaíochta le haghaidh leictreachais” an luach réamhshocraithe, arna shloinneadh i gcoibhéis CO2e, arb ionann é agus déine astaíochtaí an leictreachais a ídítear i dtáirgeadh earraí;
(f)
ciallaíonn “comhaontú ceannaigh cumhachta” conradh faoina gcomhaontaíonn duine leictreachas a cheannach go díreach ó tháirgeoir leictreachais;
(g)
ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) é. 2. NA hASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE SONRACHA IARBHÍR A CHINNEADH LE hAGHAIDH EARRAÍ SIMPLÍ Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí a tháirgtear i suiteáil ar leith, déanfar na hastaíochtaí díreacha agus, i gcás inarb iomchuí, na hastaíochtaí indíreacha, a thabhairt sa chuntas. Chun na críche sin, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:
Nuair:
ciallaíonn “astaíochtaí sannta” an chuid d’astaíochtaí na suiteála le linn na tréimhse tuairiscithe arb é próiseas táirgthe earraí g is cúis léi, agus é sin arna bhunú ar chur i bhfeidhm theorainneacha córais an phróisis táirgthe a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(7). Is í an chothromóid seo a leanas a úsáidfear chun na hastaíochtaí sannta a ríomh:
Nuair:
3. NA hASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IARBHÍR A CHINNEADH LE hAGHAIDH EARRAÍ COIMPLÉASCACHA Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí coimpléascacha a tháirgtear i suiteáil ar leith, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
I gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas:
4. NA LUACHANNA RÉAMHSHOCRAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7(2) AGUS (3) A CHINNEADH Chun críche luachanna réamhshocraithe a chinneadh, ní úsáidfear ach luachanna iarbhír chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh. In éagmais sonraí iarbhír, féadfar luachanna litríochta a úsáid. Agus na luachanna réamhshocraithe á gcinneadh, bainfear úsáid as na sonraí is fearr atá ar fáil. Beidh na sonraí is fearr a bheidh ar fáil bunaithe ar fhaisnéis iontaofa a bheidh ar fáil go poiblí. Athbhreithneofar luachanna réamhshocraithe go tréimhsiúil trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun Airteagal 7(7) bunaithe ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag tríú tír nó ag grúpa de thríú tíortha. 4.1. Na luachanna réamhshocraithe dá dtagraítear in Airteagal 7(2) Socrófar luachanna réamhshocraithe ag meándéine astaíochta gach tíre onnmhairiúcháin agus le haghaidh gach ceann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I cé is moite de leictreachas, agus méadófar iad trí chorrlach a chur leo a cheapfar go comhréireach. Cinnfear an corrlach sin sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(7) agus socrófar iad ar leibhéal iomchuí chun sláine comhshaoil SCCT a áirithiú, ag tógáil ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise a bhailítear le linn na hidirthréimhse. I gcás nach féidir sonraí iontaofa maidir leis an tír onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm i gcás cineál áirithe earraí, bunófar na luachanna réamhshocraithe ar mheándéine astaíochtaí na 10 dtír onnmhairiúcháin a bhfuil na déine astaíochtaí is airde acu ar féidir sonraí iontaofa a chur i bhfeidhm ina leith maidir leis an gcineál sin earraí. 4.2. Na luachanna réamhshocraithe le haghaidh leictreachas allmhairithe dá dtagraítear in Airteagal 7(3) Déanfar luachanna réamhshocraithe le haghaidh leictreachas allmhairithe a chinneadh do thríú tír, do ghrúpa de thríú tíortha nó do réigiún laistigh de thríú tír, bunaithe ar luachanna réamhshocraithe sonracha, i gcomhréir le pointe 4.2.1, nó, mura mbeidh na luachanna sin ar fáil, ar luachanna réamhshocraithe malartacha, i gcomhréir le pointe 4.2.2. I gcás ina dtáirgtear an leictreachas i dtríú tír, i ngrúpa de thríú tíortha nó i réigiún laistigh de thríú tír, agus ina dtéann sé trí thríú tíortha, trí ghrúpaí de thríú tíortha, trí réigiúin laistigh de thríú tír nó trí Bhallstáit chun go n-allmhaireofar isteach san Aontas é, is iad na luachanna réamhshocraithe a bheidh le húsáid na luachanna ón tríú tír, ón ngrúpa de thríú tíortha nó ón réigiún laistigh de thríú tír inar táirgeadh an leictreachas. 4.2.1. Luachanna réamhshocraithe sonracha le haghaidh tríú tír, grúpa de thríú tíortha nó réigiún laistigh de thríú tír Socrófar na luachanna réamhshocraithe sonracha ag an bhfachtóir astaíochta CO2 sa tríú tír, sa ghrúpa tríú tíortha nó sa réigiún laistigh de thríú tír, bunaithe ar na sonraí is fearr atá ar fáil don Choimisiún. 4.2.2. Luachanna réamhshocraithe malartacha I gcás nach mbeidh luach réamhshocraithe sonrach ar fáil do thríú tír, do ghrúpa tríú tíortha nó do réigiún laistigh de thríú tír, socrófar an luach réamhshocraithe malartach le haghaidh leictreachais ag fachtóir astaíochta CO2 san Aontas. I gcás inar féidir a léiriú, ar bhonn sonraí iontaofa, go bhfuil fachtóir astaíochta CO2 i dtríú tír, i ngrúpa de thríú tíortha nó i réigiún laistigh de thríú tír níos ísle ná an luach réamhshocraithe sonrach arna chinneadh ag an gCoimisiún nó níos ísle ná an fachtóir astaíochta CO2 san Aontas, féadfar luach réamhshocraithe malartach bunaithe ar an bhfachtóir astaíochta CO2 sin a úsáid i gcás an tríú tír sin, an ghrúpa sin de thríú tíortha, nó an réigiúin sin laistigh de thríú tír. 4.3 Luachanna réamhshocraithe le haghaidh astaíochtaí indíreacha leabaithe Déanfar luachanna réamhshocraithe na n-astaíochtaí indíreacha atá leabaithe in earra a tháirgtear i dtríú tír a chinneadh ar luach réamhshocraithe a ríomhfar ar mheán an leictreachais a úsáidtear chun an t-earra sin a tháirgeadh, a ríomhfar ar mheán fhachtóir astaíochta eangach leictreachais an Aontais, fachtóir astaíochta eangach leictreachais na tíre tionscnaimh nó fachtóir astaíochta CO2 na bhfoinsí socraithe praghsanna sa tír thionscnaimh. I gcás ina léiríonn tríú tír, nó grúpa de thríú tíortha, don Choimisiún, ar bhonn sonraí iontaofa, go bhfuil meánfhachtóir astaíochta meascáin leictreachais nó fachtóir astaíochta CO2 foinsí socraithe praghsanna sa tríú tír nó sa ghrúpa de thríú tíortha níos ísle ná an luach réamhshocraithe d’astaíochtaí indíreacha, bunófar luach réamhshocraithe malartach bunaithe ar an meánfhachtóir astaíochta CO2 sin don tír sin nó don ghrúpa tíortha sin. Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2025, gníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 7(7) chun sonrú breise a dhéanamh i dtaobh cé acu de na modhanna ríomha arna gcinneadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír a mbeidh feidhm acu maidir le ríomh luachanna réamhshocraithe. Chun na críche sin, bunóidh an Coimisiún é féin ar na sonraí is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear sonraí a bhailítear le linn na hidirthréimhse, maidir le cainníocht an leictreachais a úsáidtear chun na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh, chomh maith leis an tír thionscnaimh, foinse na giniúna agus na fachtóirí astaíochta a bhaineann leis an leictreachas sin. Cinnfear an modh ríomha sonrach ar bhonn an mhodha is iomchuí chun an dá chritéar seo a leanas a bhaint amach:
—
sceitheadh carbóin a chosc;
—
sláine comhshaoil SCCT a áirithiú.
5. COINNÍOLLACHA MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM ASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IARBHÍR I LEICTREACHAS ALLMHAIRITHE Féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a chur i bhfeidhm in ionad na luachanna réamhshocraithe le haghaidh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 7(3) má chomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:
(a)
tá an méid leictreachais, a n-éilítear an úsáid astaíochtaí leabaithe iarbhír ina leith, cumhdaithe ag comhaontú ceannaigh cumhachta idir an dearbhóir SCCT údaraithe agus táirgeoir leictreachais atá lonnaithe i dtríú tír;
(b)
an tsuiteáil ina ngintear an leictreachas, tá sí nasctha go díreach le córas tarchurtha an Aontais nó is féidir a léiriú ag am an onnmhairithe nach raibh aon phlódú líonra fisiceach ag aon phointe sa líonra idir an tsuiteáil agus córas tarchurtha an Aontais;
(c)
ní astaíonn an tsuiteáil a tháirgeann leictreachas níos mó ná 550 gram CO2 de thionscnamh breosla iontaise in aghaidh na cileavatuaire leictreachais;
(d)
tá méid an leictreachais a n-éilítear na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a úsáid ina leith sannta ar bhealach cinnte don acmhainn idirnasctha leithdháilte ag na hoibreoirí córas tarchurtha freagracha uile sa tír thionscnaimh, sa tír ceann scríbe agus, más ábhartha, i ngach tír idiriompair, agus is don tréimhse ama chéanna, tréimhse nach mbeidh níos faide ná uair an chloig, a thagraíonn an acmhainn ainmnithe agus an táirgeadh leictreachais ag an tsuiteáil;
(e)
tá comhlíonadh na gcritéar thuas deimhnithe ag fíoraitheoir creidiúnaithe, a gheobhaidh tuarascálacha eatramhacha gach mí ar a laghad ina dtabharfar léiriú ar an gcaoi a bhfuiltear ag comhlíonadh na gcritéar sin. Déanfar méid carntha an leictreachais faoin gcomhaontú ceannaigh cumhachta agus a astaíochtaí leabaithe iarbhír comhfhreagracha a eisiamh ó ríomh fhachtóir astaíochta na tíre nó an fhachtóra astaíochta CO2 a úsáidtear chun críche astaíochtaí indíreacha leabaithe leictreachais in earraí a ríomh i gcomhréir le pointe 4.3, faoi seach. 6. COINNÍOLLACHA MAIDIR LE CUR I bhFEIDHM ASTAÍOCHTAÍ LEABAITHE IARBHÍR I gCÁS ASTAÍOCHTAÍ INDÍREACHA Féadfaidh dearbhóir SCCT údaraithe astaíochtaí leabaithe iarbhír a chur i bhfeidhm in ionad luachanna réamhshocraithe don ríomh dá dtagraítear in Airteagal 7(4) más féidir leis a léiriú go bhfuil nasc teicniúil díreach idir an tsuiteáil ina dtáirgtear an t-earra allmhairithe agus an fhoinse giniúna leictreachais nó má tá comhaontú ceannaigh cumhachta tugtha i gcrích ag oibreoir na suiteála sin le táirgeoir leictreachais atá lonnaithe i dtríú tír le haghaidh méid leictreachais atá coibhéiseach leis an méid a n-éilítear úsáid luacha shonraigh ina leith. 7. LUACHANNA RÉAMHSHOCRAITHE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7(2) A OIRIÚNÚ DE RÉIR GNÉITHE RÉIGIÚN-SONRACHA Is féidir luachanna réamhshocraithe a chur in oiriúint do limistéir agus réigiúin ar leith laistigh de thríú tíortha ina bhfuil saintréithe sonracha i réim maidir le fachtóirí astaíochta oibiachtúla. Nuair atá sonraí atá curtha in oiriúint do na saintréithe áitiúla sonracha sin ar fáil agus nuair is féidir luachanna réamhshocraithe níos spriocdhírithe a chinneadh, féadfar na luachanna réamhshocraithe sin a úsáid. Maidir le dearbhóirí i leith earraí a tháirgtear i dtríú tír, i ngrúpa de thríú tíortha nó i réigiún laistigh de thríú tír, i gcás inar féidir leis na dearbhóirí sin, ar bhonn sonraí iontaofa, a léiriú gurb ísle na luachanna réamhshocraithe malartacha arna n-oiriúnú de réir gnéithe réigiún-sonracha ná na luachanna réamhshocraithe arna gcinneadh ag an gCoimisiún, féadfar na luachanna réamhshocraithe réigiún-sonracha sin a úsáid. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|