|
+Airteagal 7 1. |
Airteagal 7 1.Maidir le ceallraí feithiclí leictreacha, ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 2 kWh agus ceallraí LMT, déanfar dearbhú maidir le lorg carbóin a tharraingt suas le haghaidh gach samhla ceallra in aghaidh na monarchan monaraíochta, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír agus ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
faisnéis riaracháin faoin monaróir;
(b)
faisnéis faoin tsamhail cheallra;
(c)
faisnéis faoi shuíomh geografach na monarchan monaraíochta ceallraí;
(d)
lorg carbóin an cheallra, arna ríomh mar kg de choibhéis dé-ocsaíde carbóin in aghaidh aon kWh den fhuinneamh iomlán a sholáthraíonn an ceallra thar a ré feidhme ionchasach;
(e)
lorg carbóin an cheallra arna dhifreáil de réir chéim na saolré mar a thuairiscítear i bpointe 4 d’Iarscríbhinn II;
(f)
uimhir aitheantais dhearbhú comhréireachta AE an cheallra;
(g)
nasc gréasáin lena dtugtar rochtain ar leagan poiblí den staidéar lena dtacaítear leis na luachanna loirg carbóin dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e). Beidh feidhm ag an dearbhú maidir le lorg carbóin ó na tréimhsí ama seo a leanas:
(a)
an 18 Feabhra 2025 nó 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí feithiclí leictreacha;
(b)
an 18 Feabhra 2026 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras atá go heisiach seachtrach acu;
(c)
an 18 Lúnasa 2028 nó 18 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fhomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí LMT;
(d)
an 18 Lúnasa 2030 nó 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe nó an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear sa cheathrú fomhír, pointí (a) agus (b), faoi seach, cibé acu is déanaí, i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe a bhfuil stóras seachtrach acu. Go dtí go mbeidh sé inrochtana tríd an gcód QR dá dtagraítear in Airteagal 13(6), beidh an dearbhú maidir le lorg carbóin ag gabháil leis an gceallra. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 18 Feabhra 2024 i gcás ceallraí feithiclí leictreacha, faoin 18 Feabhra 2025 i gcás ceallraí tionsclaíocha in-athluchtaithe, seachas na ceallraí sin a bhfuil stóras seachtrach acu, faoin 18 Feabhra 2027 i gcás ceallraí LMT agus faoin 18 Feabhra 2029 i gcás ceallraí tionsclaíocha a bhfuil stóras seachtrach acu, an méid seo a leanas a ghlacadh:
(a)
gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 89 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a bhunú chun lorg carbóin an cheallra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (d), a ríomh agus a fhíorú, i gcomhréir leis na heilimintí fíor-riachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
(b)
gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an fhormáid le haghaidh an dearbhaithe maidir le lorg carbóin dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 90(3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|