+Airteagal 25 6.

Airteagal 25 6.

Beidh sé de chumas ag comhlacht um measúnú comhréireachta na cúraimí measúnaithe comhréireachta ar fad arna sannadh dó in Iarscríbhinn VIII a dhéanamh, iniúchtaí tréimhsiúla a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus fíorú tríú páirtí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 51 ar tugadh fógra dó ina leith, cibé acu is é an comhlacht um measúnú comhréireachta féin a dhéanann na cúraimí sin nó go ndéantar iad thar a cheann agus ar a fhreagracht féin.

Tráth ar bith, agus i gcás gach nós imeachta measúnaithe comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII, i gcás iniúchtaí tréimhsiúla i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus fíorú tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 51, agus i gcás gach catagóire ceallra ar tugadh fógra dó ina leith, beidh fáil ag comhlacht um measúnú comhréireachta ar an méid seo a leanas:

(a) 

an pearsanra is gá ag a bhfuil eolas teicniúil agus taithí leordhóthanach agus iomchuí chun na cúraimí measúnaithe comhréireachta a dhéanamh;

(b) 

na tuairiscí is gá ar na nósanna imeachta ar i gcomhréir leo a dhéantar an measúnú comhréireachta, lena n-áirithítear trédhearcacht na nósanna imeachta sin agus an fhéidearthacht iad a athdhéanamh;

(c) 

beartais agus nósanna imeachta iomchuí chun idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar chomhlacht faoina dtugtar fógra agus cúraimí eile;

(d) 

na nósanna imeachta is gá chun cúraimí measúnaithe comhréireachta a fheidhmiú lena dtugtar aird chuí ar mhéid ghnóthais, an earnáil ina bhfeidhmíonn sé, a struchtúr, a chasta atá teicneolaíocht an cheallra atá i gceist agus mais an phróisis táirgthe nó cineál srathach an phróisis sin.

Beidh ag comhlacht um measúnú comhréireachta na modhanna is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann lena ghníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta a fheidhmiú ar bhealach iomchuí, agus beidh rochtain aige ar an bhfaisnéis, ar an trealamh tástála agus ar na saoráidí tástála uile is gá. Áireofar leis sin bunú agus maoirsiú nósanna imeachta inmheánacha, beartais ghinearálta, cóid iompair nó rialacha inmheánacha eile, sannadh pearsanra do chúraimí sonracha, agus cinntí maidir le measúnú comhréireachta, gan iad a tharmligean d’fhochonraitheoir nó d’fhochuideachta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 13.08.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1542
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.