|
+Airteagal 75 1. |
Airteagal 75 1.Déanfaidh táirgeoirí ceallraí inaistrithe agus táirgeoirí cheallraí LMT, nó i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, de réir cheimic agus chatagóir na gceallraí agus na gceallraí dramhaíola a thuairisciú don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire:
(a)
an líon ceallraí inaistrithe agus ceallraí LMT arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, cé is moite de cheallraí a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;
(b)
an líon ceallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta arna chur ar fáil ar an margadh den chéad uair ar chríoch Bhallstáit, cé is moite de cheallraí inaistrithe d’úsáid ghinearálta a d’imigh as críoch an Bhallstáit sin an bhliain sin, sular díoladh iad le húsáideoirí deiridh;
(c)
an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola arna bhailiú i gcomhréir le hAirteagail 59 agus 60, faoi seach;
(d)
an ráta bailithe arna bhaint amach ag an táirgeoir nó ag an eagraíocht um fhreagracht táirgeoirí le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola agus cheallraí LMT dramhaíola;
(e)
an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola arna bhailiú agus an líon ceallraí LMT dramhaíola arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena gcóireáil;
(f)
líon na gceallraí inaistrithe dramhaíola bailithe agus ceallraí LMT dramhaíola arna onnmhairiú chuig tríú tíortha lena gcóireáil, lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide, nó lena n-ullmhú le haghaidh athrú cuspóra;
(g)
an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola bailithe arna sheachadadh chuig saoráidí ceadaithe lena n-ullmhú le haghaidh athúsáide nó lena ullmhú le haghaidh athrú cuspóra. I gcás ina mbailíonn oibreoirí bainistíochta dramhaíola seachas táirgeoirí nó, i gcás ina gceaptar iad i gcomhréir le hAirteagal 57(1), eagraíochtaí um fhreagracht táirgeoirí, ceallraí inaistrithe dramhaíola nó ceallraí LMT dramhaíola ó dháileoirí nó ó phointí bailithe eile le haghaidh ceallraí inaistrithe dramhaíola nó ceallraí LMT dramhaíola, tuairisceoidh siad don údarás inniúil le haghaidh gach bliana féilire an líon ceallraí inaistrithe dramhaíola agus ceallraí LMT dramhaíola arna bhailiú de réir a gceimice. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|