|
+IARSCRÍBHINN XIV |
IARSCRÍBHINN XIV
IARSCRÍBHINN XIV ÍOSCHEANGLAIS MAIDIR LE LOINGSIÚ CEALLRAÍ CAITE 1. Chun idirdhealú a dhéanamh idir ceallraí caite agus ceallraí dramhaíola, i gcás ina maíonn an sealbhóir, arb é atá i gceist leis an duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil na ceallraí caite nó na ceallraí dramhaíola ina sheilbh aige, go bhfuil sé i gceist aige ceallraí caite a loingsiú nó go bhfuil ceallraí caite á loingsiú aige seachas ceallraí dramhaíola, beidh ceangal ar an sealbhóir sin an méid seo a leanas a bheith ar fáil chun bunús a thabhairt leis an maíomh sin:
(a)
cóip den sonrasc agus den chonradh a bhaineann le díol nó aistriú úinéireacht na gceallraí lena luaitear go bhfuil na ceallraí beartaithe le haghaidh athúsáid dhíreach agus go bhfuil siad ag feidhmiú go hiomlán;
(b)
fianaise ar mheastóireacht nó tástáil i bhfoirm cóipe de na taifid, amhail deimhniú tástála, cruthúnas ar fheidhmiúlacht i gcás gach ceallra nó codáin de laistigh den coinsíneacht, agus an prótacal ina bhfuil an fhaisnéis uile maidir leis an taifead i gcomhréir le pointe 3;
(c)
dearbhú arna dhéanamh ag an sealbhóir á rá nach dramhaíl é aon chuid den ábhar nó den trealamh laistigh den choinsíneacht mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2008/98/CE; agus
(d)
cosaint iomchuí ar dhíobháil le linn iompair, lódála agus dílódála, lena n-áirítear go háirithe trí phacáistiú leordhóthanach agus cruachadh iomchuí an ualaigh. 2. Ní bheidh feidhm ag pointe 1(a) agus (b) ná ag pointe 3 i gcás ina léirítear le cruthúnas doiciméadach go bhfuil an loingsiú á dhéanamh faoi chuimsiú comhaontú aistrithe gnólacht le gnólacht agus:
(a)
go gcuirtear an ceallra caite ar ais chuig an táirgeoir nó chuig tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann lena dheisiú faoi bharántas le hintinn é a athúsáid; nó
(b)
más le haghaidh úsáid ghairmiúil an ceallra caite, go seoltar é chuig an táirgeoir nó chuig tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann nó thar ceann saoráide tríú páirtí i dtíortha lena mbaineann Cinneadh C(2001)107/Final ó Chomhairle ECFE maidir leis an athbhreithniú ar Chinneadh C(92)39/Final maidir leis an Rialú ar Ghluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíola a bhfuil Oibríochtaí Aisghabhála i gceist leo, tá feidhm acu maidir le hathchóiriú nó le deisiú faoi chonradh bailí d’fhonn iad a athúsáid; nó
(c)
más le haghaidh úsáid ghairmiúil an ceallra caite agus má tá sé lochtach, go seoltar é chuig an táirgeoir nó chuig tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann chun anailís a dhéanamh ar bhunchúis faoi chonradh bailí, i gcásanna nach féidir ach leis an táirgeoir nó le tríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a cheann an anailís sin a dhéanamh. 3. Chun a léiriú gur ceallraí caite, seachas ceallraí dramhaíola, atá sna ceallraí atá á loingsiú, déanfaidh an sealbhóir na céimeanna seo a leanas a mhéid a bhaineann le tástáil agus coimeád taifead: Céim 1: Tástáil
(a)
déanfar an ceallra a thástáil le haghaidh a staide sláinte agus déanfar meastóireacht ar an láithreacht de shubstaintí guaiseacha;
(b)
taifeadfar torthaí na meastóireachta agus na tástála dá dtagraítear i bpointe (a). Céim 2: Taifead
(a)
déanfar an taifead a shocrú go daingean ach ní go buan ar an gceallra caite é féin, murar pacáladh an ceallra caite, nó ar an bpacáistíocht, ionas gur féidir é a léamh gan an phacáistíocht a bhaint;
(b)
beidh an fhaisnéis seo a leanas ar áireamh sa taifead:
—
ainm na cheallra nó an chodáin de,
—
uimhir aitheantais an cheallra nó an chodáin de, i gcás inarb infheidhme,
—
bliain an táirgthe, má tá sí ar fáil,
—
ainm agus seoladh na cuideachta atá freagrach as staid na sláinte a thástáil,
—
na cineálacha tástálacha a rinneadh le haghaidh chéim 1.
—
toradh na dtástálacha a rinneadh le haghaidh chéim 1, lena n-áirítear dáta na dtástálacha,
4. I dteannta na doiciméadachta a cheanglaítear i bpointí 1, 2 agus 3, beidh an méid seo a leanas ag gabháil le gach ualach, mar shampla coimeádán loingseoireachta nó leoraí, de cheallraí caite:
(a)
doiciméad iompair iomchuí; agus
(b)
dearbhú freagrachta ón duine atá faoi dhliteanas. 5. In éagmais cruthúnas, i bhfoirm na doiciméadachta iomchuí a cheanglaítear i bpointí 1, 2, 3 agus 4, gur ceallra caite, seachas ceallra dramhaíola, atá sa rud, agus in éagmais cosaint iomchuí ar dhamáiste le linn iompair, lódála agus dílódála, go háirithe trí phacáistíocht leordhóthanach agus trí chruachadh iomchuí an ualaigh, ar oibleagáidí de chuid an tsealbhóra a shocraíonn an t-iompar iad, measfar gur dramhaíl an rud agus toimhdeofar go bhfuil loingsiú neamhdhleathach i gceist leis an ualach. I gcásanna den sórt sin, déileálfar leis an ualach i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|