|
+Airteagal 5 5. |
Airteagal 5 5.Beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh in Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird:
(a)
an t-údarás eisiúna agus, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás bailíochtaithe;
(b)
seolaí an Ordaithe Eorpaigh chun Fianaise a Thabhairt ar Aird amhail dá dtagraítear in Airteagal 7;
(c)
an t-úsáideoir, ach amháin i gcás gurb é sainaithint an úsáideora an t-aon chuspóir atá leis an ordú, nó aon aitheantóir uathúil eile amhail ainm úsáideora, aitheantas logála isteach nó ainm cuntais chun na sonraí atá á n-iarraidh a chinneadh;
(d)
catagóir na sonraí a iarradh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (9) go (12);
(e)
más infheidhme, achar ama na sonraí a bhfuiltear ag iarraidh fianaise a thabhairt ar aird ina leith:
(f)
na forálacha is infheidhme de dhlí coiriúil an Stáit eisiúna;
(g)
i gcásanna éigeandála mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (18), na cúiseanna a bhfuil údar cuí leo leis an éigeandáil;
(h)
i gcásanna ina mbeidh an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird dírithe go díreach ar an soláthraí seirbhís a stórálann nó a phróiseálann na sonraí ar bhealach eile na sonraí thar ceann an rialaitheora, deimhniú go ndéantar na coinníollacha a leagtar amach i mír 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh;
(i)
na forais lena chinneadh go gcomhlíonann an tOrdú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird na coinníollacha riachtanais agus comhréireachta faoi mhír 2 den Airteagal seo(.
(j)
cur síos achomair ar an gcás: 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|