|
+Airteagal 28 2. |
Airteagal 28 2.In aon chás, ón 18 Lúnasa 2026, baileoidh na Ballstáit staidreamh cuimsitheach agus coimeádfaidh siad taifead de staidreamh den sórt sin. Déanfar na sonraí a bailíodh don bhliain féilire roimhe sin a chur chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Márta, agus beidh an méid seo a leanas san áireamh iontu:
(a)
an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a eisíodh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);
(b)
an líon EPOCanna a eisíodh faoi mhaoluithe i gcás éigeandála;
(c)
an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a comhlíonadh agus nár comhlíonadh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);
(d)
an líon fógraí chuig na húdaráis forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, agus líon na EPOCanna a diúltaíodh, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe, de réir an cháis (cás éigeandála nó eile) agus de réir an fhorais leis an diúltú a ardaíodh;
(e)
i gcás EPOCanna a comhlíonadh, an mheántréimhse idir an nóiméad a eisíodh an EPOC agus an nóiméad a fuarthas na sonraí a iarradh, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);
(f)
i gcás EPOC-PRanna a comhlíonadh, an mheántréimhse idir an nóiméad a eisíodh an EPOC-PR agus an nóiméad a eisíodh an iarraidh ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh agus de réir na seolaithe;
(g)
an líon Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an líon Orduithe Caomhnaithe Eorpacha arna dtarchur chuig Stát forfheidhmiúcháin agus arna bhfáil aige lena bhforfheidhmiú de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile) agus líon na n-orduithe den sórt sin a comhlíonadh;
(h)
an líon leigheasanna dlíthiúla arna n-úsáid in aghaidh Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird sa Stát eisiúna agus sa Stát forfheidhmiúcháin de réir chineál na sonraí a iarradh.
(i)
an líon cásanna nár deonaíodh bailíochtú ex post ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4(5);
(j)
forléargas ar na costais a d’éiligh soláthraithe seirbhíse i ndáil le EPOCanna nó EPOC-PRanna a fhorghníomhú agus ar na costais a d’aisíoc na húdaráis eisiúna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|