+Airteagal 28 Faireachán agus tuairisciú
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.

Airteagal 28 Faireachán agus tuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1.
Faoin 18 Lúnasa 2026, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo. Leis an gclár faireacháin, leagfar amach na modhanna trína mbaileofar na sonraí chomh maith leis na tréimhsí ama ina ndéanfar sin. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le linn dóibh na sonraí a bhailiú agus a anailísiú.
Airteagal 28 2.

In aon chás, ón 18 Lúnasa 2026, baileoidh na Ballstáit staidreamh cuimsitheach agus coimeádfaidh siad taifead de staidreamh den sórt sin. Déanfar na sonraí a bailíodh don bhliain féilire roimhe sin a chur chuig an gCoimisiún gach bliain faoin 31 Márta, agus beidh an méid seo a leanas san áireamh iontu:

(a) 

an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a eisíodh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(b) 

an líon EPOCanna a eisíodh faoi mhaoluithe i gcás éigeandála;

(c) 

an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a comhlíonadh agus nár comhlíonadh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(d) 

an líon fógraí chuig na húdaráis forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 8, agus líon na EPOCanna a diúltaíodh, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe, de réir an cháis (cás éigeandála nó eile) agus de réir an fhorais leis an diúltú a ardaíodh;

(e) 

i gcás EPOCanna a comhlíonadh, an mheántréimhse idir an nóiméad a eisíodh an EPOC agus an nóiméad a fuarthas na sonraí a iarradh, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(f) 

i gcás EPOC-PRanna a comhlíonadh, an mheántréimhse idir an nóiméad a eisíodh an EPOC-PR agus an nóiméad a eisíodh an iarraidh ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh agus de réir na seolaithe;

(g) 

an líon Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird nó an líon Orduithe Caomhnaithe Eorpacha arna dtarchur chuig Stát forfheidhmiúcháin agus arna bhfáil aige lena bhforfheidhmiú de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir na seolaithe agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile) agus líon na n-orduithe den sórt sin a comhlíonadh;

(h) 

an líon leigheasanna dlíthiúla arna n-úsáid in aghaidh Orduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird sa Stát eisiúna agus sa Stát forfheidhmiúcháin de réir chineál na sonraí a iarradh.

(i) 

an líon cásanna nár deonaíodh bailíochtú ex post ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4(5);

(j) 

forléargas ar na costais a d’éiligh soláthraithe seirbhíse i ndáil le EPOCanna nó EPOC-PRanna a fhorghníomhú agus ar na costais a d’aisíoc na húdaráis eisiúna.

Airteagal 28 3.
Ón 18 Lúnasa 2026, maidir leis na malartuithe sonraí a dhéanfar tríd an gcóras TF díláraithe de bhun Airteagal 19(1), féadfar an staidreamh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhailiú ar bhonn ríomhchláraithe le tairseacha náisiúnta. Na bogearraí cur chun feidhme tagartha dá dtagraítear in Airteagal 22, beidh an trealamh teicniúil iomchuí acu chun an fheidhmiúlacht sin a sholáthar.
Airteagal 28 4.

Féadfaidh soláthraithe seirbhíse staidreamh a bhailiú, taifead díobh a choimeád agus iad a fhoilsiú i gcomhréir leis na prionsabail maidir le cosaint sonraí atá ann cheana. Má bhailítear aon staidreamh den sórt sin don bhliain féilire roimhe sin, féadfar iad a chur chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta agus féadfar na nithe seo a leanas a áireamh leo, a mhéid is féidir:

(a) 

an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a fuarthas de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir an Stáit eisiúna agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(b) 

an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a comhlíonadh agus nár comhlíonadh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir an Stáit eisiúna agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(c) 

i gcás EPOCanna a comhlíonadh, an mheántréimhse a theastaíonn chun na sonraí a iarradh a chur ar fáil ón nóiméad a fuarthas an EPOC go dtí an nóiméad a soláthraíodh na sonraí, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir an Stáit eisiúna agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);

(d) 

i gcás EPOC-PRanna a comhlíonadh, an mheántréimhse idir an nóiméad a eisíodh an EPOC-PR agus an nóiméad a eisítear an iarraidh ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh agus de réir an Stáit eisiúna.

Airteagal 28 5.
Ón 18 Lúnasa 2027, déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh gach bliain, tuarascáil a fhoilsiú ina mbeidh na sonraí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 i bhfoirm thiomsaithe, arna bhforoinnt de réir an Bhallstáit agus chineál an tsoláthraí seirbhíse.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.07.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1543
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.