|
+Airteagal 28 4. |
Airteagal 28 4.Féadfaidh soláthraithe seirbhíse staidreamh a bhailiú, taifead díobh a choimeád agus iad a fhoilsiú i gcomhréir leis na prionsabail maidir le cosaint sonraí atá ann cheana. Má bhailítear aon staidreamh den sórt sin don bhliain féilire roimhe sin, féadfar iad a chur chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta agus féadfar na nithe seo a leanas a áireamh leo, a mhéid is féidir:
(a)
an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a fuarthas de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir an Stáit eisiúna agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);
(b)
an líon EPOCanna agus EPOC-PRanna a comhlíonadh agus nár comhlíonadh de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir an Stáit eisiúna agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);
(c)
i gcás EPOCanna a comhlíonadh, an mheántréimhse a theastaíonn chun na sonraí a iarradh a chur ar fáil ón nóiméad a fuarthas an EPOC go dtí an nóiméad a soláthraíodh na sonraí, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh, de réir an Stáit eisiúna agus de réir an cháis (cás éigeandála nó eile);
(d)
i gcás EPOC-PRanna a comhlíonadh, an mheántréimhse idir an nóiméad a eisíodh an EPOC-PR agus an nóiméad a eisítear an iarraidh ina dhiaidh sin ar fhianaise a thabhairt ar aird, de réir na gcineálacha sonraí a iarradh agus de réir an Stáit eisiúna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|