|
+Airteagal 4 1. |
Airteagal 4 1.Áiritheoidh na Ballstáit cumhdach íosta maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ina gcríoch. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:
(a)
faoin 31 Nollaig 2025, feadh 15 % ar a laghad d’fhad an ghréasáin bóithre TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus beidh aschur cumhachta 1 400 kW ar a laghad ag gach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a bhfuil aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad aige;
(b)
faoin 31 Nollaig 2027, feadh 50 % ar a laghad d’fhad an ghréasáin bóithre TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus beidh an méid seo a leanas fíor i gcás gach comhthiomsaithe athluchtaithe:
(i)
feadh an chroíghréasáin bóithre TEN-T, tairgfear 2 800 kW d’aschur cumhachta ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;
(ii)
feadh an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T, 1 400 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear agus beidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad ann ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;
(c)
faoin 31 Nollaig 2030, feadh an chroíghréasáin bóithre TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus achar uasta 60 km eatarthu agus 3 600 kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;
(d)
faoin 31 Nollaig 2030, feadh an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus achar uasta 100 km eatarthu agus aschur cumhachta 1 500 kW ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;
(e)
faoin 31 Nollaig 2027, i ngach limistéar páirceála sábháilte slán, imscarfar dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 100 kW ar a laghad;
(f)
faoin 31 Nollaig 2030, i ngach limistéar páirceála sábháilte slán, imscarfar ceithre stáisiún athluchtaithe ar a laghad atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 100 kW ar a laghad;
(g)
faoin 31 Nollaig 2025, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh 900 kW d’aschur cumhachta comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad;
(h)
faoin 31 Nollaig 2030, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh 1 800 kW d’aschur cumhachta comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|