+Airteagal 4 Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
---+Airteagal 4 8.
---+Airteagal 4 9.

Airteagal 4 Spriocanna maidir le bonneagar athluchtaithe atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Áiritheoidh na Ballstáit cumhdach íosta maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ina gcríoch.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

(a) 

faoin 31 Nollaig 2025, feadh 15 % ar a laghad d’fhad an ghréasáin bóithre TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus beidh aschur cumhachta 1 400  kW ar a laghad ag gach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a bhfuil aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad aige;

(b) 

faoin 31 Nollaig 2027, feadh 50 % ar a laghad d’fhad an ghréasáin bóithre TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus beidh an méid seo a leanas fíor i gcás gach comhthiomsaithe athluchtaithe:

(i) 

feadh an chroíghréasáin bóithre TEN-T, tairgfear 2 800  kW d’aschur cumhachta ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;

(ii) 

feadh an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T, 1 400  kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear agus beidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad ann ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;

(c) 

faoin 31 Nollaig 2030, feadh an chroíghréasáin bóithre TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus achar uasta 60 km eatarthu agus 3 600  kW d’aschur cumhachta ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh dhá phointe athluchtaithe ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;

(d) 

faoin 31 Nollaig 2030, feadh an ghréasáin bóithre chuimsithigh TEN-T, imscarfar comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair i ngach treo taistil agus achar uasta 100 km eatarthu agus aschur cumhachta 1 500  kW ar a laghad a thairgfear i ngach comhthiomsú athluchtaithe agus beidh pointe athluchtaithe amháin ar a laghad i ngach comhthiomsú athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 350 kW ar a laghad;

(e) 

faoin 31 Nollaig 2027, i ngach limistéar páirceála sábháilte slán, imscarfar dhá stáisiún athluchtaithe ar a laghad atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 100 kW ar a laghad;

(f) 

faoin 31 Nollaig 2030, i ngach limistéar páirceála sábháilte slán, imscarfar ceithre stáisiún athluchtaithe ar a laghad atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 100 kW ar a laghad;

(g) 

faoin 31 Nollaig 2025, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh 900 kW d’aschur cumhachta comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad;

(h) 

faoin 31 Nollaig 2030, imscarfar i ngach nód uirbeach pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ag a mbeidh 1 800  kW d’aschur cumhachta comhiomlánaithe ar a laghad, arna soláthar ag stáisiúin athluchtaithe ag a mbeidh aschur cumhachta aonair 150 kW ar a laghad;

Airteagal 4 2.

Bunófar ríomh an chéatadáin d’fhad an ghréasáin bóithre TEN-T dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), bunaithe ar na heilimintí seo a leanas:

(a) 

chun an t-ainmneoir a ríomh: fad iomlán an ghréasáin bóithre TEN-T laistigh de chríoch an Bhallstáit;

(b) 

chun an t-uimhreoir a ríomh: fad carntha na gcodanna den ghréasán bóithre TEN-T idir dhá chomhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointí (a) nó (b) faoi seach, cé is moite d’aon chuid den ghréasán bóithre TEN-T idir dhá cheann de na comhthiomsuithe athluchtaithe sin atá níos faide ná 120 km ó chéile.

Airteagal 4 3.

Féadfar comhthiomsú athluchtaithe aonair atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair a imscaradh feadh bóithre den ghréasán bóithre TEN-T don dá threo taistil ar choinníoll:

(a) 

go mbeidh an comhthiomsú athluchtaithe inrochtana go héasca ón dá threo taistil;

(b) 

go mbeidh comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis an gcomhthiomsú athluchtaithe; agus

(c) 

go ndéanfar na ceanglais a leagtar amach i mír 1 maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, aschur cumhachta iomlán an chomhthiomsaithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí aonair, ar ceanglais iad is infheidhme maidir le treo taistil aonair, a chomhlíonadh i gcás an dá threo taistil.

Airteagal 4 4.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, feadh bóithre den ghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil iomlán níos lú ná 2 000 feithicil tromshaothair agus i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair ó thaobh costais agus tairbhí socheacnamaíocha de, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfreastalóidh comhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair ar an dá threo taistil ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais is infheidhme maidir le treo taistil aonair a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, aschur cumhachta iomlán an chomhthiomsaithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí athluchtaithe aonair, agus go mbeidh an comhthiomsú athluchtaithe sin inrochtana go héasca ón dá threo taistil, agus go bhfuil comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.
Airteagal 4 5.
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, feadh bóithre den ghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil iomlán níos lú ná 2 000 feithicil tromshaothair agus i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt le himscaradh bonneagair ó thaobh costais agus tairbhí socheacnamaíocha de, féadfaidh na Ballstáit laghdú suas le 50 % a dhéanamh ar an aschur cumhachta iomlán a bheidh ag comhthiomsú athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair agus a éilítear de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ar choinníoll nach bhfreastalaíonn an comhthiomsú athluchtaithe ach ar threo taistil amháin agus go gcomhlíonfar na ceanglais eile a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe, an líon pointí athluchtaithe agus aschur cumhachta pointí athluchtaithe aonair. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as an maolú dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.
Airteagal 4 6.
De mhaolú ar an gceanglas a bhaineann le hachar uasta 60 km idir comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair a leagtar amach i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit achar níos faide suas le 100 km a cheadú i gcás comhthiomsuithe athluchtaithe den sórt sin feadh bóithre den chroíghréasán TEN-T ar a mbíonn meántrácht laethúil bliantúil is lú ná 800 feithicil tromshaothair, ar choinníoll go mbíonn comharthaíocht leordhóthanach ann maidir leis an achar idir comhthiomsuithe athluchtaithe. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon chás inar bhain siad úsáid as na maoluithe dá dtagraítear sa mhír seo. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na cásanna sin gach 2 bhliain mar chuid den tuairisciú náisiúnta ar dhul chun cinn dá dtagraítear in Airteagal 15.
Airteagal 4 7.
I gcás ina mbeidh fógra tugtha ag Ballstát don Choimisiún faoi chás inar bhain sé úsáid as maolú dá dtagraítear i mír 6, measfar gur comhlíonadh an ceanglas a leagtar amach i mír 1, pointe (c), maidir leis an achar uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe.
Airteagal 4 8.
De mhaolú ar na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointí (a), (b), (c) agus (d), a bhaineann le haschur cumhachta iomlán comhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair agus ar an gceanglas a leagtar amach i mír 1, pointe (c), a bhaineann leis an achar uasta idir na comhthiomsuithe athluchtaithe sin, féadfaidh an Chipir iarraidh réasúnaithe ar údarú a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun ceanglais níos ísle a chur i bhfeidhm maidir le leibhéal an aschuir cumhachta iomláin de chomhthiomsuithe athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus atá tiomnaithe d’fheithiclí leictreacha tromshaothair nó chun achar uasta níos faide, suas le 100 km, a chur i bhfeidhm idir na comhthiomsuithe athluchtaithe sin, nó an dá rud, ar choinníoll nach gcuirfeadh an iarraidh sin, dá n-údarófaí í, bac ar ghluaiseacht feithiclí leictreacha tromshaothair sa Bhallstát sin.

Déanfaidh an Coimisiún, laistigh de 6 mhí tar éis dó iarraidh réasúnaithe arna tíolacadh de bhun na chéad fhomhíre a fháil, cinneadh a ghlacadh de réir mar a bheidh bonn cirt leis i ngach cás. Aon údarú a dheonaítear don Chipir de bhun cinneadh den sórt sin, beidh sé bailí ar feadh uastréimhse 4 bliana. I gcás ina bhféachann an Chipir le bailíocht an údaraithe a fhadú, féadfaidh sí iarraidh réasúnaithe bhreise a chur faoi bhráid an Choimisiúin sula rachaidh an t-údarú in éag.

Airteagal 4 9.
Faoin 31 Nollaig 2030, áiritheoidh na Ballstáit chomharsanachta nach sárófar na hachair uasta idir comhthiomsuithe athluchtaithe dá dtagraítear i mír 1, pointí (c) agus (d), maidir le codanna trasteorann den chroíghréasán bóithre TEN-T agus den ghréasán bóithre cuimsitheach TEN-T. Roimh an dáta sin, tabharfar aird ar leith ar chodanna trasteorann agus déanfaidh na Ballstáit chomharsanachta a lándícheall chun na hachair uasta sin a urramú a luaithe a imscarfaidh siad an bonneagar athluchtaithe feadh na gcodanna trasteorann den ghréasán bóithre TEN-T.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.