|
+Airteagal 14 2. |
Airteagal 14 2.Beidh na gnéithe a leanas, ar a laghad, san áireamh sa chreat beartais náisiúnta:
(a)
measúnú ar staid reatha an mhargaidh agus ar fhorbairt an mhargaidh san am atá le teacht maidir le breoslaí malartacha in earnáil an iompair, agus maidir le bonneagar breoslaí malartacha a fhorbairt, agus rochtain idirmhódúil ar bhonneagar breoslaí malartacha agus, i gcás inarb ábhartha, an leanúnachas trasteorann agus forbairt bonneagair breoslaí malartacha ar oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí á gcur san áireamh;
(b)
spriocanna agus cuspóirí náisiúnta de bhun Airteagail 3, 4, 6, 8, 9, 10, 11 agus 12 a leagtar spriocanna náisiúnta éigeantacha amach ina leith sa Rialachán seo;
(c)
na beartais agus na bearta is gá chun a áirithiú go mbainfear amach na spriocanna agus na cuspóirí éigeantacha dá dtagraítear i bpointe (b);
(d)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun imscaradh bonneagair breoslaí malartacha le haghaidh flíteanna faoi chuing a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh stáisiúin athluchtaithe agus stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine le haghaidh seirbhísí iompair phoiblí agus stáisiúin athluchtaithe le haghaidh comhroinnt carranna;
(e)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun imscaradh stáisiún athluchtaithe d’fheithiclí saothair éadroim agus d’fheithiclí tromshaothair a spreagadh agus a éascú in ionaid phríobháideacha nach bhfuil inrochtana don phobal;
(f)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun bonneagar breoslaí malartacha a chur chun cinn i nóid uirbeacha, go háirithe maidir le pointí athluchtaithe atá inrochtana don phobal;
(g)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun líon leordhóthanach pointí athluchtaithe ardchumhachta atá inrochtana don phobal a chur chun cinn;
(h)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, is gá chun a áirithiú go mbeidh imscaradh agus oibriú pointí athluchtaithe, lena n-áirítear dáileadh geografach pointí athluchtaithe déthreocha, ag rannchuidiú le solúbthacht an chórais fuinnimh agus le sciar níos mó den chóras leictreach a bheith ag an leictreachas in-athnuaite;
(i)
bearta chun a áirithiú, maidir le pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal, go mbeidh siad inrochtana do dhaoine scothaosta, do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus do dhaoine faoi mhíchumas i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta Threoir (AE) 2019/882;
(j)
bearta, bídís beartaithe nó glactha, chun deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ar bhonneagar breoslaí malartacha a phleanáil, a cheadú, a sholáthar agus a oibriú;
(k)
forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha i gcalafoirt mhuirí seachas le haghaidh meatán leachtaithe agus soláthar leictreachais cois cladaigh lena n-úsáid ag soithí farraige, amhail hidrigin, amóinia, meatánól agus leictreachas;
(l)
forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha, lena n-áirítear spriocanna, príomh-gharspriocanna agus maoiniú atá de dhíth, le haghaidh traenacha atá faoi tiomáint hidrigine nó traenacha faoi thiomáint ceallraí ar chodanna d’iarnród TEN-T nach féidir a leictriú;
(m)
forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha in aerfoirt seachas le haghaidh soláthar leictreachais d’aerárthaí ina stad, amhail le haghaidh athluchtú leictreach agus athbhreoslú hidrigine le haghaidh aerárthaí;
(n)
forléargas ar staid na himeartha, ar na peirspictíochtaí, agus ar na bearta atá beartaithe maidir le himscaradh bonneagair breoslaí malartacha in loingseoireacht intíre, amhail le haghaidh leictreachais agus hidrigine. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|