+Airteagal 20 Forálacha maidir le sonraí
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
---+Airteagal 20 6.
---+Airteagal 20 7.
---+Airteagal 20 8.

Airteagal 20 Forálacha maidir le sonraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 20 1.
Ceapfaidh na Ballstáit Eagraíocht Cláraithe Sainaitheantais (‘IDRO’). Déanfaidh IDRO cóid sainaitheantais uathúla (‘ID’) a eisiúint agus a bhainistiú chun oibreoirí pointí athluchtaithe agus soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta, ar a laghad a shainaithint, faoin 14 Aibreán 2025.
Airteagal 20 2.

Faoin 14 Aibreán 2025, áiritheoidh oibreoirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal le haghaidh breoslaí malartacha, nó, i gcomhréir leis na socruithe atá eatarthu, úinéirí na bpointí sin, go mbeidh an infhaighteacht ar shonraí statacha agus sonraí dinimiciúla maidir le bonneagar breoslaí malartacha atá á n-oibriú acu, nó seirbhísí atá nasctha go dlúth leis an mbonneagar sin a sholáthraíonn siad nó a sheachfhoinsíonn siad, saor in aisce. Cuirfear na cineálacha sonraí seo a leanas ar fáil:

(a) 

Sonraí statacha i gcás bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i) 

Ainm dlíthiúil oibreoir nó úinéir an phointe athluchtaithe nó athbhreoslaithe,

(ii) 

Ainm tráchtála oibreoir nó úinéir na bpointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe,

(iii) 

An líon pointí athluchtaithe nó athbhreoslaithe,

(iv) 

Seirbhís tacaíochta,

(v) 

Teileafón na deisce cabhrach,

(vi) 

Saoráidí a thairgeann seirbhísí gaolmhara don úsáideoir,

(vii) 

Faisnéis faoi shuíomh geografach an chórais dhomhanda um loingseoireacht satailíte (GNSS),

(viii) 

Faisnéis bhreise faoin suíomh geografach,

(ix) 

Tír,

(x) 

Réigiún,

(xi) 

Cathair nó baile,

(xii) 

Cód poist,

(xiii) 

Ainm an tseolta,

(xiv) 

Am oscailte,

(xv) 

Amchrios,

(xvi) 

Comhoiriúnacht an chineáil feithicle,

(xvii) 

Cineál sonraíochtaí feithiclí a cheadaítear,

(xviii) 

An líon spásanna páirceála,

(xix) 

An líon spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas,

(xx) 

Gaireas íocaíochta a bhfuil léitheoir cártaí bainc aige,

(xxi) 

Gaireas íocaíochta a bhfuil feidhmiúlacht gan teagmháil aige atá in ann cártaí íocaíochta a léamh ar a laghad,

(xxii) 

Rogha íocaíochta ad hoc eile,

(xxiii) 

Faisnéis bhreise maidir le soláthraithe íocaíochta a bhfuil glacadh leo,

(xxiv) 

Rogha íocaíochta (síntiús) atá conradh-bhunaithe;

(b) 

Sonraí statacha breise maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i) 

Cód aitheantais pointe athluchtaithe (nascóir),

(ii) 

An líon nascóirí,

(iii) 

An cineál nascóra (plocóid),

(iv) 

An cineál srutha,

(v) 

Uaschumhacht an phointe athluchtaithe,

(vi) 

Uaschumhacht an phointe athbhreoslaithe,

(vii) 

Soláthraithe seirbhíse soghluaisteachta a thairgeann athluchtú conradh-bhunaithe,

(viii) 

Plugáil isteach agus luchtú,

(ix) 

Seirbhísí athluchtaithe chliste,

(x) 

Tá an leictreachas a sholáthraítear 100 % in-athnuaite;

(c) 

Sonraí statacha breise maidir le bonneagar hidrigin athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i) 

Staid hidrigine,

(ii) 

Brú hidrigine,

(iii) 

Toilleadh carnach laethúil,

(iv) 

Tá an hidrigin a sholáthraítear 100 % in-athnuaite;

(d) 

Sonraí statacha breise maidir le bonneagar athbhreoslaithe le haghaidh meatán leachtaithe atá inrochtana don phobal

(i) 

Tá an meatán leachtaithe a sholáthraítear 100 % in-athnuaite;

(e) 

Sonraí statacha breise maidir le bonneagar athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i) 

An cineál nascóra (rannóir);

(f) 

Sonraí dinimiciúla maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i) 

Stádas oibríochtúil,

(ii) 

Infhaighteacht,

(iii) 

Praghas ad hoc;

(g) 

Sonraí statacha breise maidir le bonneagar hidrigin athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus atá á oibriú acu:

(i) 

Méid teoranta hidrigine ar fáil

Airteagal 20 3.
Déanfaidh gach oibreoir pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal i gcás breoslaí malartacha, nó, i gcomhréir leis na socruithe atá eatarthu, úinéir na bpointí sin, Comhéadan Feidhmchláir (API) a chur ar bun lena dtabharfar rochtain saor in aisce agus neamhshrianta ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2, agus déanfaidh sé an fhaisnéis faoin API sin a thíolacadh chuig na pointí rochtana náisiúnta.

Comhlíonfaidh API gach oibreora pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe, nó, i gcomhréir leis na socruithe atá eatarthu, API úinéir na bpointí sin, ceanglais theicniúla choiteanna arna leagan síos ag an gCoimisiún sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 6 chun malartú uathoibrithe agus aonfhoirmeach sonraí a chumasú idir oibreoirí pointí athluchtaithe agus athbhreoslaithe atá inrochtana don phobal agus úsáideoirí sonraí.

Airteagal 20 4.
Faoin 31 Nollaig 2024, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar bhonn oscailte agus neamh-idirdhealaitheach, ag gach úsáideoir sonraí trína bpointí rochtana náisiúnta i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a bhaineann leis na sonraí sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670 agus i gcomhréir leis na sonraíochtaí comhlántacha breise a fhéadfar a ghlacadh i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo. I gcás ina ndéanann na Ballstáit sonraí a chomhiomlánú faoina bpointí rochtana náisiúnta, féadfaidh siad na sonraí sin a sholáthar do phointe rochtana comhchoiteann Eorpach trí bhíthin API.
Airteagal 20 5.
Faoin 31 Nollaig 2026, bunóidh an Coimisiún pointe rochtana coiteann Eorpach chun feidhmiú mar thairseach sonraí lena n-éascófar rochtain ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 ó na pointí rochtana náisiúnta éagsúla. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain éasca ar an bpointe rochtana coiteann Eorpach agus gur féidir le gach úsáideoir sonraí é a úsáid, mar shampla trí thairseach gréasáin thiomnaithe a chruthú.
Airteagal 20 6.

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

mír 2 den Airteagal seo a leasú chun cineálacha sonraí breise a chur san áireamh a bhaineann le pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha, ar pointí iad atá inrochtana don phobal, nó a bhaineann le seirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu leis an mbonneagar sin a sholáthraíonn nó a sheachfhoinsíonn oibreoirí an bhonneagair sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha nó seirbhísí nua a chuirtear ar fáil ar an margadh; agus

(b) 

an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais theicniúla choiteanna a leagan síos le haghaidh comhéadan coiteann feidhmchláir chun malartú uathoibrithe agus aonfhoirmeach sonraí a chumasú idir úsáideoirí sonraí agus oibreoirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe le haghaidh breoslaí malartacha, ar pointí iad atá inrochtana don phobal.

Airteagal 20 7.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos an méid a leanas:

(a) 

sonraíochtaí atá comhlántach leis na sonraíochtaí sin a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/670, a bhaineann le formáid, minicíocht agus cáilíocht na sonraí ina ndéanfar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh ar bhonn mhír 6 den Airteagal seo a chur ar fáil;

(b) 

nósanna imeachta mionsonraithe lena gcumasaítear infhaighteacht agus inrochtaineacht sonraí a cheanglaítear de bhun an Airteagail seo.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin gan dochar do Threoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ) agus do na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.

Airteagal 20 8.
Déanfar foráil sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 6 agus 7 maidir le hidirthréimhsí réasúnta sula mbeidh na forálacha atá iontu, nó leasuithe a dhéanfar orthu, ina gceangal ar oibreoirí nó ar úinéirí pointí athluchtaithe agus pointí athbhreoslaithe i gcás breoslaí malartacha.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.