|
+Airteagal 24 2. |
Airteagal 24 2.Faoin 31 Nollaig 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo. Ina athbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe, ar na gnéithe seo a leanas:
(a)
i dtaobh an bhfuil na tairseacha tráchta dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7), in Airteagal 4(4) agus (5) agus in Airteagal 6(4) fós ábhartha i bhfianaise an mhéadaithe a mheastar a thiocfaidh ar sciar na bhfeithiclí faoi thiomáint hidrigine nó feithiclí ceallra-leictreacha i gcomparáid leis an bhflít iomlán feithiclí atá i gcúrsaíocht san Aontas;
(b)
i dtaobh an bhfuil na modhanna leictreonacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) fós iomchuí;
(c)
feidhmiú an tsásra praghsála le haghaidh stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus i dtaobh an soláthraíonn na comhpháirteanna praghsála a leagtar síos in Airteagal 5(4), faisnéis shoiléir leordhóthanach do thomhaltóirí;
(d)
laghdú féideartha ar an tairseach olltonnáiste, a leagtar síos in Airteagal 9, chomh maith leis an bhféidearthacht raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig cineálacha eile long tar éis coigeartuithe ábhartha a dhéanamh ar ghníomhartha dlí ábhartha eile an Aontais;
(e)
an staid reatha agus an fhorbairt a dhéanfar amach anseo ar an margadh i gcás na heitlíochta hidrigine agus tiomána leictrigh;
(f)
éifeachtaí an Rialacháin seo maidir le hacmhainneacht agus méid an sceite carbóin. Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar a mhéid atá bainte amach ó thaobh cuspóirí de ag cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar a mhéid atá imeartha aige ó thaobh tionchair de ar iomaíochas na n-earnálacha ábhartha a chumhdaítear leis. Cumhdófar leis an athbhreithniú sin freisin idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí ábhartha eile an Aontais agus sainaithneofar ann aon fhorálacha a d’fhéadfaí a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú, chomh maith le gníomhaíochtaí agus bearta atá déanta nó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar earnálacha ábhartha a laghdú. Mar chuid d’anailís an Choimisiúin ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo, áireofar san athbhreithniú freisin measúnú ar an ualach a fhorchuirtear ar ghnólachtaí leis an Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|