+Airteagal 24 Tuairisciú agus athbhreithniú
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.

Airteagal 24 Tuairisciú agus athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 24 1.
Faoin 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil teicneolaíochta agus ullmhachta margaidh atá tiomnaithe d’fheithiclí tromshaothair faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin na tásca tosaigh maidir le fabhair an mhargaidh. Déanfar inti freisin forbairtí teicneolaíocha agus forbairt na sonraíochtaí teicniúla atá bainte amach faoin dáta sin agus forbairtí a bhfuiltear ag dréim leo sa ghearrthéarma a mheas, go háirithe maidir le caighdeáin agus teicneolaíochtaí athluchtaithe agus athbhreoslaithe, amhail caighdeáin athluchtaithe ardchumhachta agus córais bóithre leictreacha, agus úsáid hidrigine leachtaí.

Maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine, déanfaidh an Coimisiún measúnú sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 6 i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta agus margaidh, an gá atá le toilleadh níos airde a shonrú do na stáisiúin sin, an gá atá le spriocanna a shonrú do bhonneagar athbhreoslaithe hidrigine leachtaí, chomh maith leis an dáta chun na ceanglais maidir le stáisiúin athbhreoslaithe hidrigine a imscaradh chuig an ngréasán cuimsitheach TEN-T a fhadú.

Airteagal 24 2.
Faoin 31 Nollaig 2026, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo.

Ina athbhreithniú, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe, ar na gnéithe seo a leanas:

(a) 

i dtaobh an bhfuil na tairseacha tráchta dá dtagraítear in Airteagal 3(6) agus (7), in Airteagal 4(4) agus (5) agus in Airteagal 6(4) fós ábhartha i bhfianaise an mhéadaithe a mheastar a thiocfaidh ar sciar na bhfeithiclí faoi thiomáint hidrigine nó feithiclí ceallra-leictreacha i gcomparáid leis an bhflít iomlán feithiclí atá i gcúrsaíocht san Aontas;

(b) 

i dtaobh an bhfuil na modhanna leictreonacha íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 5(1) fós iomchuí;

(c) 

feidhmiú an tsásra praghsála le haghaidh stáisiúin athluchtaithe atá inrochtana don phobal agus i dtaobh an soláthraíonn na comhpháirteanna praghsála a leagtar síos in Airteagal 5(4), faisnéis shoiléir leordhóthanach do thomhaltóirí;

(d) 

laghdú féideartha ar an tairseach olltonnáiste, a leagtar síos in Airteagal 9, chomh maith leis an bhféidearthacht raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig cineálacha eile long tar éis coigeartuithe ábhartha a dhéanamh ar ghníomhartha dlí ábhartha eile an Aontais;

(e) 

an staid reatha agus an fhorbairt a dhéanfar amach anseo ar an margadh i gcás na heitlíochta hidrigine agus tiomána leictrigh;

(f) 

éifeachtaí an Rialacháin seo maidir le hacmhainneacht agus méid an sceite carbóin.

Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar a mhéid atá bainte amach ó thaobh cuspóirí de ag cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar a mhéid atá imeartha aige ó thaobh tionchair de ar iomaíochas na n-earnálacha ábhartha a chumhdaítear leis. Cumhdófar leis an athbhreithniú sin freisin idirghníomhú an Rialacháin seo le gníomhartha dlí ábhartha eile an Aontais agus sainaithneofar ann aon fhorálacha a d’fhéadfaí a thabhairt cothrom le dáta agus a shimpliú, chomh maith le gníomhaíochtaí agus bearta atá déanta nó a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar earnálacha ábhartha a laghdú. Mar chuid d’anailís an Choimisiúin ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo, áireofar san athbhreithniú freisin measúnú ar an ualach a fhorchuirtear ar ghnólachtaí leis an Rialachán seo.

Airteagal 24 3.
Déanfaidh an Coimisiún a mheas, más iomchuí, an mbeidh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an athbhreithniú sin, ag féachaint don toradh a bheidh ar an measúnú dá dtagraítear i mír 2.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R1804
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.