3. Ón 1 Eanáir 2030 agus go dtí an 31 Nollaig 2034, agus tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, comhlacht bainistíochta an chalafoirt, féadfaidh Ballstát a chinneadh go nascfaidh long atá feistithe cois cé i gcalafort cuarda faoina dhlínse nach gcumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2023/1804, nó i gcodanna áirithe den chalafort sin, go nascfaidh sí le OPS agus go n-úsáidfidh sí í le haghaidh iomlán a héilimh ar chumhacht leictreach i mbeart. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoin gcinneadh uaidh maidir leis an gceanglas sin a fhorchur bliain sula gcuirfear i bhfeidhm é. Ní mór feidhm a bheith ag cinneadh den sórt sin ó thús tréimhse tuairiscithe. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus cuirfidh sé liosta nuashonraithe de na calafoirt lena mbaineann ar fáil go poiblí. Beidh rochtain éasca ar an liosta sin.