+Airteagal 3 1.

Airteagal 3 1.

Ón 10 Eanáir 2030, féadfaidh eintiteas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe ag an eintiteas chun an fhaisnéis sin a dhéanamh inrochtana ar ESAP.

Agus faisnéis den sórt sin á cur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin, déanfaidh an t-eintiteas an méid seo a leanas:

(a) 

a áirithiú go bhfuil meiteashonraí ag gabháil leis an bhfaisnéis lena sonraítear go ndéantar an fhaisnéis inrochtana ar ESAP ar bhonn deonach;

(b) 

a áirithiú go bhfuil meiteashonraí ag gabháil leis an bhfaisnéis lena sonraítear an bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis;

(c) 

a áirithiú go bhfuil ag gabháil leis an bhfaisnéis na meiteashonraí is gá d’fheidhmiú fheidhm chuardaigh ESAP dá dtagraítear in Airteagal 7(3);

(d) 

formáid ónar féidir sonraí a asbhaint a úsáid chun an fhaisnéis a thíolacadh;

(e) 

a áirithiú go dtagann an fhaisnéis arna tíolacadh faoi raon feidhme Airteagal 1(1), pointe (b);

(f) 

a áirithiú nach n-áirítear san fhaisnéis aon sonraí pearsanta, cé is moite de chás ina gceanglaítear na sonraí pearsanta le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta nó inar cuid riachtanach den fhaisnéis iad maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha an eintitis.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2859
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.